Corpus of Electronic Texts Edition
Sbéacláir na cruinne an chroch naomh (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)
p.162
DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct ?
- 1] Sbéacláir na cruinne an chroch naomh
2] crann suaithnidh na sleas ndonnchaomh:
3] séala an chroinn-se na gcóig gcneadh
4] róid as soillse re silleadh.
- 5] Croch Íosa, mionn cabhra cháigh,
6] mór ngné as a ngairthear
sbéacláir
7] don órchuanna thiormghlain thais
8] d'fhiodhbhaidh phórchuanna Pharrthais.
- 9] Sliocht a chneadh an uair fhéaghthair
10] páis Dé is aisde airléaghthair;
11] an rí as cinnte dar gcoimhdhe
12] innte do-chí ar gcabhair-ne.
- 13] Dá taobh táinig an tsoillse
14] do sgaoil doirche an domhuin-se;
15] ní sbéacláir ar nach cáir
cion
16] do bháidh céadcháir an Choimdheadh.
- 17] Cóir sbéacláir do rádha ria,
18] naomhchroch chéasda Mheic Mharia,
19] crann na slios gcomhchorcra gcáidh
20] ar sgrios dorchachta an domhnáin.
- 21] Mór gcioth do cuireadh impe
22] d'fhíonfhuil Dé-dáil aidhmhillte;
23] do chéadthráigh fholta gach fhir
24] an sbéacláir chorcra chroinn-sin.
- 25] Aoine Chásg ria do righeadh
26] corp Dédíochra an t-
aindligheadh
27] croch ghuaisbheithre cabhra cháigh
28] damhna a huaislighthe d'fhagháil.
- 29] A-tá si-se ó soin i-le
30] 'n-a cairt sídh, 'n-a crois choimhdhe
31] re slios ghéagcláir chaoimh chobhsaidh
32] 'n-a sbéacláir shaoir sholusghlain.
- 33] Iomdha raon guasochta gon,
34] lorg cneadh agus áit áladh
35] tre chlár ngeal séanta a sleasa
36] 'n-a sbéacla fhear n-ainbheasa.
p.163
- 37] Silleadh créacht a chuirp chorcra
38] cúis truaighe, tuar furtochta,
39] dáil chabhra athair d'fheithimh
40] fachain anma d'fhóirithin.
- 41] Sompla ar sídh, séala ar ngrádha,
42] fáth tuirse, tuar lúthghára.
43] an mionn croinn ghéigleabhair ghlain
44] do chloinn éidtreabhaigh Ádhaimh.
- 45] Cúis lúthghára a dtáinig
tríd;
46] fáth tuirse an tráth do-
chímíd
47] an slios corpghonta, an cíogh donn,
48] do bhríogh fhurtochta ar n-anman.
- 49] Mairg nach sill sleachta a beoghon,
50] mairg croidhe nach cuimhneoghadh
51] iul diadha doinnleabtha a chneadh,
52] piana coimhdheacra an Choimdheadh.
- 53] Cneadha a thaoibhtruagh an sompla
54] lorg bear a bhonn mbeoghonta,
55] an dá chréachtláimh, an chlí
gheal,
56] sbéacláir don tí do thuigfeadh.
- 57] A thuigsin dúinndia do
chéill
58] an fáth far fhuluing iaid-séin
59] feadh sléachtana dhíonn do dhligh,
60] créachtghona ríogh an ríchidh.
- 61] Dá dtugtha a hinneall dot aoidh,
62] a fhir do-chí an gcroich bhfíornaoimh,
63] sléachtain ní ba díoláimh
dhuit
64] don íomháigh éachtaigh orrdhruic.
- 65] 'N-a sompla chabhartha cháigh
66] tuig ar tús mar tá an
íomháigh
67] 'n-a deilbh chneisiomláin chruaidh thigh,
68] 'n-a heisiomláir thruaigh thuirrsigh.
- 69] Tuig fósis feirrde a hionadh
70] mar tá sí ar n-a suidhioghadh;
71] féach an tarbha a ndeachaibh dhaoibh
72] i mbeathaidh th'anma, a óglaoigh.
- 73] Fáth a cheangail is an gcrann
74] oidhir Dédiadha an fulang
75] fáidh gach aoinfhear dar fhoillsigh
76] sgaoileadh cáigh san cheangail-sin.
p.164
- 77] Ciall a dhá lámh do leathadh
78] Uan Dé, dalta ar ndeirbhsheathar,
79] ró gráidh ar n-a fhaláir air
80] do ghabháil cáigh san chrann-sain.
- 81] Mar fhairrsinge dá aos ghráidh
82] fuilngis cumhgachcúis
tochráidh
83] idir ghlaisreanna dealg ndonn
84] an leanb d'fhairrseanga oram.
- 85] Fáth fa dtugtruagh an cosgar
86] doirse a chneadh re a gcomhfhosgladh
87] mar shlighe dar dtochta is-teagh
88] tre chridhe gcorcra an Choimdheadh.
- 89] Fáth claonta a chinn san chroich-se
90] d'umhlacht dúinndál
athtuirse
91] Rí do bhí i gcumhnga dar gcionn;
92] do bh'í an umhla gan fhuighioll.
- 93] Fáth fa dtug d'fhurtocht oruinn
94] crann céasda an óig abhramhoill,
95] dul 'n-a rann go ráinig linn;
96] re crann tháinig ar dtuitim.
- 97] Báidhthear ann d'fhuil a chroidhe
98] croch Dé, crann ar gcabhrai-ne,
99] crann corcra slánuighthe ar sean,
100] folta cánuighthe an Choimdheadh.
- 101] Crann do lubhghort phuirt Pharrthais,
102] mionn croiche clár leabharthais,
103] crann soillse na sé gcineadh,
104] ré an chroinn-se ní caithfidhear.
- 105] Cros choimhdhe cloinne hÁdhaimh,
106] luibh chabhra créacht
bhfíorghábhaidh,
107] crann do thomhais Mac Muire,
108] slat tomhais na trócuire.
- 109] Sbéacláir cháigh, éanchrann
ós fhiodh,
110] tríthe at-chonnairc Dia ar ndídion;
111] d'éis ar gcabhartha tar cáir
112] tabhartha sbéis 'n-ar sbéacláir.
- 113] Peadar comharba an Choimdheadh
114] bíodh leam an seang séaghainngheal
115] fa chréachtcháir na gcroidhe thall
116] sbéacláir oile ní iarrfam.Sbéacláir.