Corpus of Electronic Texts Edition
Saoghalta sin, a shaoghail (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.159

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct?
  1. 1] Saoghalta sin, a shaoghail,
    2] ar gcaitheamh do chéadfhaobhair;
    3] saoghalta sibh iná sain,
    4] a fhir shaoghalta shanntaigh.
  2. 5] Mar taoi fa thoice an domhain
    6] —is rioth eich gan arodhain—
    7] más tuar baoghail an bhochta
    8] truagh, a shaoghail shaoghalta.
  3. 9] A aidhbheirseoir na n-uile,
    10] id chumann, a chealgaire,
    11] do mhuin deaghshóigh nír dhulta;
    12] sguir, a sheanóir shaoghalta.
  4. 13] Ní théid duit-se fa dheireadh
    14] do chisde dar cruinnigheadh,
    15] luach an tsaoghail do rádh ruibh;
    16] baoghail do dhál, a dhomhain.
  5. 17] Gidh bé chaitheas, gnáth a ghoin,
    18] críoch bhur gcumainn, a shaoghail;
    19] a fhir-se is a ghlac 'n-a ghar,
    20] dar lat is sibh-se an saoghal.
  6. 21] Más tú, a shaoghail thuirsigh thruim,
    22] an bioth cé do-chuaidh tharainn,
    23] a earr ag breith ar an mbioth
    24] gá fearr a bheith ar biseach?
  7. 25] Feadh an tsaoghail dá rádh ris,
    26] a dhuine a-tá ag teacht thairis,
    27] do chéill san saoghal ná sir
    28] a thaobhadh féin an faid-sin.
  8. 29] Fada gur thuigeas tu-sa
    30] fa chumann na colna-sa;
    31] mairg do rothaobhuigh thú, a thruaigh,
    32] a thrú, a dhrochshaoghail diombuain.
  9. 33] Ar do sgáth, is tú dá thoil,
    34] taobh red leithsgéal an lá-soin
    35] mairg a-tá, a shaoghail shanntaigh,
    36] go lá an aonaigh iongantaigh.

  10. p.160

  11. 37] Ar cathaighthibh na colna
    38] le hainmhianaibh ionmhalla
    39] gérsam dual im fhear fhallsa
    40] truagh ar seal san saoghal-sa.
  12. 41] Críoch an tsaoghail is sí sain
    42] seacht dtroighthe d'fhagháil d'iomdhaidh:
    43] mar as dual dó agus di-se
    44] ag so an uagh ga innise.
  13. 45] Mar théid an t-umha is an t-ór
    46] téid an t-aoibhneas 's an t-anshógh;
    47] téid a chruth don chruth fhallsa;
    48] loch le sruth an saoghal-sa.
  14. 49] Bhar mbeith go hoirchilleach air
    50] is córaide, a chlann Ádhaimh,
    51] an bioth go dtairrnge tharaibh;
    52] rioth na hainnle a ionnshamhail.
  15. 53] Nach cuireann an saoghal sibh
    54] do dhéanamh oibre im aighidh
    55] ní thig lá dá uaisle ann,
    56] a thruaill-se a-tá 'n-ar dtiomchall.
  16. 57] Gé taoi neamhnáireach a-nois
    58] budh nár ar chionn an chonntais
    59] do neamhchomhall dá nochta,
    60] a sheancholann shaoghalta.
  17. 61] Mar tá riamh dá chur i gcéill
    62] córaide an cholann d'aimhréir
    63] nach faghann sé acht moirn nach mar
    64] gidh bé dan soirbh an saoghal.
  18. 65] Dámadh leat ó Dhia an domhan
    66] más tú iarras athroghadh
    67] leathlámh is méad a mholta
    68] créad acht seachrán saoghalta?
  19. 69] An saoghal dá dhearbhadh dheit
    70] dá mbeitheá it athair éinmheic
    71] an mac san láthair nach libh
    72] 's nach lat máthair an mheic-sin.
  20. 73] Caidhe an t-ól 's an t-aoibhneas trom?
    74] caidhe a dtáinig riamh romham?
    75] caidhe an saoghal a-né a-nos?
    76] caidhe an té aonar anas?

  21. p.161

  22. 77] Ná coiglidh cluiche ná cleas,
    78] ná coiglidh ól ná aoibhneas
    79] má tá, a dhaoine, gan bhar ndul
    80] ná lá saoire ar an saoghal.
  23. 81] Fa dheireadh—truagh an tuirrse—
    82] d'éis do shainnte, a shaoghail-se,
    83] ceadh sibh acht na seacht dtroighthe?
    84] ag sin do cheart críochnuighthe.
  24. 85] Tuigthir nach caithionn do chrodh
    86] méad bhar sainnte ar an saoghal;
    87] lá feasda ní lat dod láibh;
    88] ná bac dá dteasda teasdáil.
  25. 89] Aontroigh dá dtugtha toradh
    90] dá mbeinn aga breathnoghadh,
    91] treabhtha dom ithir ní fhuil;
    92] mithidh do sheachna, a shaoghail.
  26. 93] Ar an dtalamh ó thánag
    94] a-taoi fúm ag fanámhad;
    95] lúbghal darab gar a goimh
    96] an dot shúgradh, a shaoghail.
  27. 97] Gá fios an mairfeá a-márach?
    98] a-tá an saoghal seachránach;
    99] a dhuine, ní lat go lá;
    100] ná glac don chruinne a carta.
  28. 101] Do budh mithidh d'fhior m'aoise
    102] d'éis mo ruathair robhaoise
    103] gan bheith red bhanncaibh baoghail,
    104] a shanntaigh, a sheanshaoghail.
  29. 105] D'éis ar dháilis do dheochaibh
    106] oirn-ne is ar ar n-aithreachaibh
    107] ní cneasda go ndlighe a dháil
    108] deasga do dhighe, a dhomhnáin.
  30. 109] Fa chabhair Caitir-íona
    110] do mhúchadh mo mhíghníomha
    111] ní beag an daingean damh-sa
    112] m'aingeal is m'éarlamh-sa.

    Saoghalta.