Corpus of Electronic Texts Edition
Rugadh báire ar an mbochtacht (Author: Unknown)

p.155

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Rugadh báire ar an mbochtacht;
    2] tearc fhuilngeas a hanshocracht;
    3] nír chás duine a-bháin dá breith,
    4] do-cháid an uile d'éinleith.
  2. 5] I n-aimsir Pheadair is Phóil
    6] —ag trághadh gé tá a honóir—
    7] do bhí an bhochtacht 'n-a linn láin
    8] gur shocracht linn í d'fhagháil.
  3. 9] A-tá ag na daoinibh do dhligh
    10] leanamhain an luirg dhírigh
    11] beatha as táire ná bheith bocht
    12] ag breith báire ar an mbochtacht.
  4. 13] Gin gurab air as mhó meas
    14] is buidheach Dia dá dhaidhbhreas
    15] bochtacht gin go mbeath dá thoil
    16] neach leis nach olc a easbhaidh.
  5. 17] 'N-a comhthrom ní budh cuirthe
    18] conách gémadh ceaduighthe;
    19] an daidhbhreas gurab é as fhearr
    20] is é a aighneas go haithghearr.
  6. 21] Don chruinne mar chuid ronna
    22] Íosa ar n-oide foghloma
    23] an almsa rug do roghain;
    24] tug annsa dá heasbhadhaibh.
  7. 25] Fada ó a báire do bhreith dhí
    26] Muire ógh d'imtheacht uaithe
    27] bean a carthana ó chroidhe,
    28] banchara na bochtaine.
  8. 29] do beanadh dhí—dia do chor—
    30] gur fágbhadh hí na haonar
    31] rí na n-uile 's a easbhail;
    32] Muire ní hí a héineasbhaidh.
  9. 33] Ní fhuair fa dheoigh—is dó tám—
    34] do dhíoth carad ná compán
    35] d'éis na n-easbal go héanar
    36] easgar ó nach éiréaghadh.

  10. p.156

  11. 37] Gabhthar i ngaisde an éaga
    38] Froinséis fear a coimhéada
    39] —gár fhearr bráighe—ag an mbochta,
    40] ceann báidhe na bochtachta.
  12. 41] Fear do ba treise ar a thoil,
    42] fear iomchuir cuinge crábhaidh,
    43] bráthair nachar char a chorp,
    44] damh nar ghnáthaigh a ghreasocht.
  13. 45] Béal tana dá dtugadh fios,
    46] bas gheal nach glacadh díleas,
    47] croidhe ler chuma a dhochar,
    48] urra a oire d'iomachar.
  14. 49] An traigh míon ná an mhala cham
    50] ní thug oilbhéim don anam,
    51] ná an chiabh mhaoth nar mhaoth gcrábhaidh,
    52] far bhaoth ciall a chompánaigh.
  15. 53] Ní as ar bhaoghal a bhréagadh
    54] don tsúil chuirr do choimhéadadh
    55] an t-abhra gan díon ar dheoir
    56] gá dtarla a díol do dhoirrseoir.
  16. 57] Le a chrábhadh ag breith breithe
    58] do bhí a héisdeacht d'áireithe
    59] an chluas do ba caol tuigse;
    60] saor do-chuas ón chéadfaidh-se.
  17. 61] Dá gcur fa umhla an anma
    62] na céadfadha corpardha
    63] gá dtú acht nocha dtabhradh sbéis
    64] i gclú dá bhfaghbhadh Froinséis.
  18. 65] A bhriathar mhilis mhálla
    66] nír fhéad fear a faghála
    67] neamhdhóigh as an ní a-deireadh;
    68] seanmhóir í do oibrigheadh.
  19. 69] I gcontabhairt ná cuiream
    70] go n-éisdfeadh rer n-urfhuigheall:
    71] ní dochuirthe aghadh air
    72] gabhal chothuighthe an chrábhaidh.
  20. 73] An dtibhreá d'éarlamh eile
    74] dá threise d'fhior impidhe,
    75] a rí na n-uile, ar a éis
    76] an ní nach fuighe Froinséis.

  21. p.157

  22. 77] Bráthair Mionúr do rádh ris
    78] dá umhla—gá dtám thairis—
    79] sé dá ainmniughadh as a hucht
    80] daingniughadh hé ar a umhlocht.
  23. 81] Na géaga as airde san fhiodh
    82] ón ghaoith gé ghabhaid briseadh
    83] gach géag dá mbí umhal ann
    84] pudhar dhí nocha déanann.
  24. 85] An chnú thoraidh téid sa sruth
    86] do réir fheasa na n-eolach;
    87] bheith ar talamh is dú dhí
    88] 's an chnú fhalamh i n-airde.
  25. 89] Gach tuar as truime geamhar
    90] le a gort is gnáth ísleaghadh;
    91] an tslat chumhra gidh hí ann
    92] is í as umhla dá hubhall.
  26. 93] Móide an toradh tháinig dhé
    94] nír bhean bráthair dá ísle
    95] —fán gach achaidh as fhearr gort—
    96] geall dar n-athair ar umhlocht.
  27. 97] Is córaide dá chlannaibh
    98] an t-athair ór fhásamair
    99] na baramhla do-bhearar
    100] a n-aradhna d'ísleaghadh.
  28. 101] Go breith an chluiche ó chianaibh
    102] ní bhíodh aca acht éinriaghail;
    103] reacht an chlann-sa 'n-a dá cuid;
    104] ní do theacht tharsa támuid.
  29. 105] Do filleadh orra dá éis
    106] an chlann do chin ó Fhroinséis
    107] an báire do bhí rompa;
    108] do bhí a n-áille iasochta.
  30. 109] 'N-a gcloinn tabhartais a-táid;
    110] ní ghabh leo acht an lá iompáid;
    111] bheith dháibh amhlaidh ar a éis
    112] do tharngair an fáidh Froinséis.
  31. 113] Ní hiomdha dhínn 'n-a dheaghaidh
    114] bráthair bhíos gá hoileamhain
    115] an riaghail gá dámaid dí
    116] fiadhail acht tánaig thairse.

  32. p.158

  33. 117] Nach fiú aonmhonadh hé féin
    118] dá ionnmhus is iúl soiléir;
    119] ní beag do dhímheas é air
    120] do dhíleas dá mbé ag bráthair.
  34. 121] Is cóir sa chás i bhfuilim
    122] gan fhailleachadh m'urfhuighill
    123] —ar síoth re laogh nDé dlighe—
    124] ní saor é ó oirbhire.
  35. 125] Deacra dhúinne iná dhuit-se
    126] dul beo ón bheirn ghábhaidh-se;
    127] beag an phian do bhí id bhochtacht,
    128] do mhian do bh'í an anshocracht.
  36. 129] Ar n-éigean muna fhóire
    130] maoidh ar Mhac na banóighe
    131] buirre na glaice gonta
    132] duinne i n-aice th'umhlochta.
  37. 133] Maoidh fós ar oidhre an Athar
    134] tú go héag dá hiomachar
    135] —neimh an bhuinn gár dhocra dhuid?—
    136] cuing na bochta fad bhrághuid.
  38. 137] Is tugtha gan mo theibe
    138] d'eineaclann it fhoighide
    139] Mac Dé dá n-eitghe th'umhlocht
    140] leigthe mé led mheasardhacht.
  39. 141] An ghuin bháis do bhaoi id chridhe
    142] ar Críosd ciodh nach maoidhfidhe?
    143] a dhoigh gár dhocra treabhlaid?
    144] goin th'ochta ní hindearmaid.
  40. 145] Im ionadh is tú thoghaim
    146] d'aighne agus d'fhior uroghaill;
    147] do bhiadh ar námha réidh rinn
    148] mo námha féin dá bhfuilnginn.
  41. 149] Ní as a ndoirtfinn mo dhéara
    150] bean osgladh as m'aithmhéala,
    151] a dheochain, a chnú cridhe,
    152] ós tú eochair m'aithrighe.
  42. 153] A oide, a athair dála,
    154] a sgiath dídin diongbhála,
    155] mo locht as a thruaill tugadh,
    156] do-chuaidh thort mo theasrugadh.

    Rugadh.