Corpus of Electronic Texts Edition
Rogha gach beathadh bheith bocht (Author: Tadhg mac Dáire Mac Bruaideadha)
p.153
TADHG MAC DÁIRE cct.?
- 1] Rogha gach beathadh bheith bocht
2] neach ag a thogha acht gidh tearc
3] uirre gan bhréig ní léir
locht
4] san phort nach téid céim tar ceart.
p.154
- 5] Bheith gan toice ní díoth dhún
6] mar íoc im olcaibh mar chrádh
7] nó bheith bocht do réir mo ríogh
8] díol a locht ní léir dá
lán.
- 9] A uan fionn do fhás ón óigh,
10] uad i ngioll red ghrás a-táim;
11] asad gan bhréig fa dú dóigh;
12] is tú an ghlóir nach téid i
dtráigh.
- 13] Red thocht i dtionól an Luain
14] an chroch 's an choróin red thaoibh
15] tiocfa sé 'n-a shochar dhúinn
16] dúil don rothal, a Dé, dhaoibh.
- 17] Ní fhuil ag neach grádh dá ghaol
18] uch! ní neamh a-tám do thúr;
19] ar dtréidhe mo-nuar is nár;
20] grádh dá chéile badh dual
dún.
- 21] Go dtí so gan doilgheas daoibh
22] ós ort as oircheas a úidh
23] suas don deaghbhragh, a shiur shéimh,
24] an t-iul réidh do dhearbhadh dhúin.
- 25] Gan luaghall éithigh ós aird,
26] gan uabhar, gan bhréithir bhuirb,
27] mar luagh i ndearnain an deilg
28] dual, a leinb, leanmhain do luirg.
- 29] A óigmheic arsaidh dar siair
30] mo chasbhraid go bhfóire féin
31] 's ná leig m'anam uaibh dá thaoibh
32] sgaoil uainn mo ralam go réidh.
- 33] A Choimdhe do-chí mo riocht,
34] dar gcoimhdhe do bhí go bocht,
35] go fóil ná cinn ar an gceart;
36] fóir led neart inn ó gach olc.
- 37] s í ceard chosmhail a clódh
38] sul thí th'fhearg chum dochair dhún
39] dá bhar dtol, a rí na ríogh,
40] go dtí dhíom a cor ar gcúl.
- 41] A bhfuaras don chruinne ché
42] uaibh-se dá gach uile ní
43] bean dot fhiortaibh dhíom, a Dhé,
44] más díol é i gciontaibh mo
chlí.