Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Ort do sheiseacht, a shaoghail
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh
File Description
Electronic edition compiled and proof-read by Margaret Lantry
Funded by University College Cork and
Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
2. Second draft.
Extent of text: 1286 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (1997) (2016) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402073
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of
academic research and teaching only.
Sources
Manuscript sources- Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 117.
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 546, 190 (alias 23 K 36: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
14).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 92, 250 (alias 24 P 4: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
3).
- Dublin, Trinity College Library, 1340, 21 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity
College Library (Dublin 1921)).
- Brussels, Bibliothèque Royale, MS 20,9789, dated 16161618?
The edition used in the digital edition- Láimhbheartach Mac Cionnaith, Ort do sheiseacht, a shaoghail in Dioghluim Dána, Ed. Láimhbheartach Mac Cionnaith. , Dublin, Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office] (1938) page 151153
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been
retained. Variant readings and editorial annotations have not been
reproduced in this edition. Variants may be entered in a future
edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization
The electronic text represents the edited text. Compound words
have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation
There are no quotations.
Hyphenation
The editorial practice of the hard-copy editor has been
retained.
Segmentation
div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are
marked and numbered.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms
for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
The n attribute of each text in this corpus carries a
unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head
element within each text.
div0 is reserved for the
text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile Description
Created: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh, an Irish bardic poet
Date range: c.12001225.
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
Corpus of Electronic Texts Edition: G402073
Ort do sheiseacht, a shaoghail: Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh
p.151
DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
- 1] Ort do sheiseacht, a shaoghail,
2] a sgian tana thollfhaobhair;
3] a ghille 's a lúb 'n-a láimh,
4] ag súd inn-ne dot fhágbháil.
- 5] Mithid damh céim seachad sair,
6] a sheanóir dhoill, a dhomhain;
7] do budh turchar dhamh, a dhuill,
8] urchar do chur lem choluinn.
- 9] Do budh codladh ar chlúimh thé
10] gan iompódh riot a-ríse;
11] uch, a thruagh, más eadh as áil
12] seal uabh agus gan t'fhágbháil.
- 13] Seal 'san slighe dhíomhaoin damh,
14] seal 'san saoghal dom shalchadh,
15] seal san lathaigh, loighe an doill,
16] athaidh oile san abhoinn.
- 17] Ruaig agam d'iarraidh nimhe,
18] ruaig i measg mo mhuinntire
19] tuig trá nach deighcridhe dhamh
20] an dá eitrighe d'adhradh.
- 21] Siridh féin aireamh eile,
22] a shaoghail, d'ar t'eitrighe;
23] beir, a shaoghail, t'aghaidh uaim,
24] a shalaigh dhaolaigh dhiombuain.
p.152
- 25] A sheanóir thuisleadhaigh thruim,
26] mallacht ort gach fhir chumuinn;
27] go bhfagha shár it sheise,
28] a chlár tana taipleise.
- 29] Gé taoi ar mo thí, a thruagháin
thruaigh,
30] duit do chumas do chéadduain;
31] mór an ceannach deaghóir dhamh
32] seanóir meangach do mholadh.
- 33] Is tú an giolla fionn fallsa,
34] riot do-chuaidh an cholann-sa;
35] ní tú, a dhalláin a dhomhain,
36] an chnú fhalláin fhoghamhair.
- 37] Is tú an tsadh mheabhlach mheangach,
38] is tú an bheithir bhéimeannach,
39] tú an aithir sheang, a sheise,
40] is ceann aithigh uirrei-se.
- 41] Do chuiris díot a-dearair
42] cúig dhíne do dhíneadhaibh;
43] ní fhuil tú acht id chuaille chuir
44] ar bhrú na huaighe, a ánruidh.
- 45] A ánruidh thruaigh, tomhais dúin
46] gá fuil do-chuaidh fad chéadúir;
47] sloinn go fíor, a bhréagaigh bhrais,
48] gá céadfhuil ríogh do fhromhais.
- 49] Fuil Aibéil mheic Ádhaimh fhinn
50] dí do chorcrais do chéidrinn;
51] a bhrais bhréagaigh, is sí sain
52] céadfhuil do bhí ar do bhéalaibh.
- 53] Fuil Críosd do-chuaidh fad bhruinne,
54] móide t'imshníomh oruinn-ne;
55] ceann fat iris níor dhluigh dhamh
56] ó do ibhis fhuil t'athar.
- 57] Do bhrathais Dái-bhí na ndámh
58] 's do fheallais ar Ab-rahám;
59] tugadh ceann Eoin dá éis sain
60] 'n-a fheoil ar mhéis dod mhiasaibh.
- 61] Do chrochais is a cheann síos
62] Peadar apsdal na n-óirchíos;
63] ar ndíoth Peadair agus Póil
64] eagail do shioth, a sheanóir.
p.153
- 65] Ní dhearna cumann riot riamh
66] ó do fheallais ar Aibial
67] neach nar chuiris féine i bhfód
68] acht madh Éile agus Eanóg.
- 69] Tárras ort-sa eacht oile
70] do chealga 's do chorroighe;
71] ar do mhuinníor bhúireadh
binn
72] do chuir an Dúileamh dílinn.
- 73] Bliadhain díagus níor dhoib-
heart
74] ar do mhuin ag marcoigheacht;
75] ní fhuair díon, ní thárraidh
trácht,
76] do shíol Ádhaimh acht aonbhárc.
- 77] Tiocfa bráth ainmhín oile
78] dod bháthadh-sa, a bhréagoire;
79] ní bhia beatha eile ann
80] acht ceatha is teine is torann.
- 81] Báidhfidhear tú do thonnaibh
82] mar bháidhthear ceap críonchonnaidh;
83] do leagadh a-dir gach dream
84] ar sin ní fheadar th'inneall.
- 85] Ón ló loisgfidhear do lár
86] agus ghéisfeas do ghormchlár
87] agus bhearrfas muir do mhong
88] do sheanchas ní fhuil agam.
- 89] Ag súd inne ag imtheacht uaid
90] i reilig na gcrann gcaolfhuaid;
91] beag do threiseacht tocht tar muir
92] ort do sheiseacht, a shaoghail.Ort.