Corpus of Electronic Texts Edition
Ór na mban baincheann nimhe (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.149

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Ór na mban baincheann nimhe,
    2] géag chubhra an chnuais ainglidhe,
    3] cruth seangghlan go snas chorcra
    4] dar las deallradh diadhachta.
  2. 5] Ór líoghlan ar nar luigh sal,
    6] réalta iuil fhear an talmhan,
    7] ciabh chlaon 's a griandath mar ghréin,
    8] caor do mhianach criadh ceinéil.

  3. p.150

  4. 9] Ór glan gealbhán na cruinne,
    10] baincheann na sé sochaidhe,
    11] folt na n-órchlann gcruinnshliom gcas,
    12] lóchrann ó bhfuighbheam eolas.
  5. 13] Grian ghlan ghealmhaidne samhraidh,
    14] eala innbhir chubharghlain,
    15] folt órbhuidhe fhailgheadh dtiogh,
    16] óghMhuire mhaillgheal maighdean.
  6. 17] Guaillidh deasláimhe an Dúilimh
    18] 's í ar ar sgáth 'n-a sgiathlúirigh,
    19] 's n-a gnáthfhál dhaingean dar ndíon,
    20] sgáthán aingeal an airdríogh.
  7. 21] Slat do fhás a húir naomhtha,
    22] ógh ghlan go ngnúis neamhfhraochdha
    23] dar bh'ainm naomhthalamh ós nimh,
    24] pailm go saortharadh saidhbhir.
  8. 25] Neimhdheas gach deilbh dá deise
    26] i ngar do ghné a deilbhei-se;
    27] beag mórbhladh i ngar dá gnaoi
    28] leag lóghmhar mar ghal grianlaoi.
  9. 29] A béal coimhdhearg re snuadh subh,
    30] a rosg comhghlas re criosdal,
    31] nó re hoighreadh ar eas nglan,
    32] a cneas coimhgheal le cubhar.
  10. 33] Combuidhe é 's an t-ómra
    34] bairrfhiar an fhuilt fhorórdha,
    35] a tirmdhéad chombán re cailc
    36] an fhinnghéag fhollán orrdhairc.
  11. 37] Siad coimhgheal le clúimh eala
    38] a troighthe, a taoibh glégheala;
    39] méin chaise 'n-a camchúl fhionn
    40] nach taise fannchlúmh faoileann.
  12. 41] Céim a bonn, buille a habhra
    42] 's iad commall 's a ciunlabhra;
    43] rosg glas gan fhormad fa ór
    44] a bas chomhlag re caomhshról.
  13. 45] Niamh a gruadh n-áluinn mar fhuil,
    46] an chuid eile dá haghaidh
    47] mar uan imillearg abhann
    48] sduadh inghindearg abhramhall.

  14. p.151

  15. 49] Inghean Iaichim ciabh chladhach
    50] cosmhail caoile a seangmhalach
    51] re sgríb d'fhírrinn chaoilphinn chuirr
    52] ar sgríbhinn maoithshlim meamruim.
  16. 53] Máthair ríogh rátha nimhe,
    54] mian súl na sluagh n-ainglidhe,
    55] gnúis déadla ó n-aghthair an t-eol,
    56] réadla nach athraigh d'aithcheodh.

    Ór.