Corpus of Electronic Texts Edition
Olc íocthar ar luagh leighis (Author: Fearghal mac Domhnuill Ruaidh mac an Bhaird)
p.145
FEARGHAL MAC DOMHNUILL RUAIDH MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Olc íocthar ar luagh leighis,
2] a fhíonfhuil sa luan leanais,
3] guin cáigh don luibh do leighis,
4] luibh leighis re báidh beanais.
p.146
- 5] Do shín a fhearg fa oighidh
6] an rí tar ceann ar gcuiridh;
7] liaigh nach geabh gráin re a ghonaibh
8] do chabhair chneadh cáigh choirigh.
- 9] Re ghuin chíghe i gcéill cuiris
10] na sé líne gur leighis
11] sé slóigh do bhí ar a bhanais;
12] sanais do-chóidh dhí ar dheighfheis.
- 13] Ní bhia a fhearg uann gan fhaobhar
14] a fhearg go luan dá líomhadh;
15] nár dá rann dí do dhéanamh
16] clann le ngéabhadh rí is ríoghan.
- 17] Fiu an ógh do lean ar loirg-ne
18] an ceart do-chóidh ar cairde;
19] luaithe iná fás na feirge
20] meirge grás uaithe i n-airde.
- 21] Ó fhleidh gan obadh d'aonar
22] ná creid m'obadh im éinfhear
23] a teach óil lé ga líonadh
24] ríoghan ar cóir nDé ag
déineamh.
- 25] Mac Dé gar ndíon 'n-a dheoraidh
26] re ré a shíol nó gur
shíodhaigh
27] tarla dhó a dhíol do ghuaillidh;
28] buailidh i gcló ríogh ríoghain.
- 29] Luach a chneadh d'íoc nach eagal
30] ar ndíon 'n-a leith ná leigeadh;
31] nír bhean re hóigh é d'obadh
32] cogar Dé is cóir do creideadh.
- 33] Lór do cheilt doirre an Dúilimh
34] feis do-roinne re ríoghain;
35] fada é i gcás fan gcánaidh
36] gur sháruigh grás Dé an
díoghail.
- 37] Ní séanta cách do chabhair
38] ón séala a-tá sa troighidh;
39] ná creid fíoch Dé mar dearair,
40] síoth an dearaidh é d'oighidh.
- 41] Cneadh chíche as slán ar
síodha;
42] bean go síne a snáth
uama
43] dá fhleidh ní lón do-ghéana;
44] ná geibh m'éara, a ógh, uadha.
p.147
- 45] Ní taradh gaoil do-gheibhthir
46] a branar taoibh nó troighthigh;
47] ar mbarr ní fhoil gar n-aithribh
48] a n-aithghin soin ann d'fhoichnibh.
- 49] Do-bheir sé d'óigh a n-iarraid
50] ó chóir Dé mar soin sínid;
51] grás Dé ina thós a-támuid
52] ní ránuig sé fós
fínid.
- 53] Ní dar ngrádh an glas bíodhbhadh
54] a bhas re clár do ceangladh;
55] an síoth an uair do b'urlamh
56] fríoth cunnradh cuain nar ceannghadh.
- 57] Mar ceiltir cóir do chneidhe
58] re hóigh as bheirthe a bhuidhe;
59] dlighidh tú a íoc mar t'fhine
60] crú an chridhe dhíot a
dhuine.
- 61] Bean do ghnáthuigh cosg córa
62] ort a slánuibh ar síodha;
63] clann ar óigh sin dá séana
64] déana a ndligh do chóir
cíogha.
- 65] Feis fhóirthe cáigh a cinneadh
66] dáil na hóigheas dáil
daingean;
67] do theacht i gclí do cumadh
68] beart ullamh hí ón aingeal.
- 69] Síoth na cána do coilleadh
70] fa shlánaibh ríogh do-rinneadh;
71] tug an cíoch cóir sa gceangal;
72] do gealladh d'óigh t'fhíoch d'fhilleadh.
- 73] Neamh ó ar bhfoltaibh nír féagadh
74] gur fosgladh an feart líggeal;
75] dar dtaoibh do fhás an t-éigean
76] éideadh grás daoibh nar dhídean.
- 77] Tearc do chách ód fhleidh leagar,
78] ód fhleidh ní tráth dar dteibeadh;
79] fleadh grásd do cheil an cagadh;
80] madan Cásg libh do leigeadh.
- 81] Clódh t'fhine ní ceard chubhaidh
82] 's an tslighe dhearg id dheaghaidh;
83] raon dearg id chíogh ná cronuigh,
84] conuir ríogh as dearg dleaghair.
p.148
- 85] Mór an cás far fhear t'fhíonfhuil
86] seal red bhás ina braonuibh;
87] cóir do-gheabh fheidhm uamhain
88] fear th'ualaigh i mbeirn baoghuil.
- 89] Seachna gaoil ar cóir gcroidheadh
90] ag óigh do bhaoi ga bhranar
91] bean do bhac fás na foladh
92] lat ag comhar grás gabhar.
- 93] Fuair ríghbhean am ar n-eagair,
94] an ríghfhleadh ann do b'abaidh,
95] fleadh grás nar chóir do chogail,
96] cás cogair re hóigh aguibh.
- 97] An rí i gcrothuibh dhar gcinn-ne
98] nar chronuigh na trí thairnge;
99] rángas grian fhala th'oidhre
100] doimhne an mhara Mian maighre.
- 101] Má taoi ag meas éarca ar t'fhine
102] leath na héarca ní fhuighe;
103] cuimhnigh thú id mhac ag Muire
104] ní lat uile crú an chroidhe.
- 105] Crann gar gcoimhdhe i gcíoch t'oidhir
106] a fhíoch oirn-ne do fhalaigh,
107] gar súr nír ghabh ga ghonuibh;
108] ar domhuin túr an toraidh.
- 109] Saor dhiongbhas claon na córa
110] iongnadh an saor dar séana;
111] do chuir don chrann-sa an chíogha
112] fonnsa díona um fhuil Éabha.
- 113] Dulta i dtráth beirthe an bháire
114] ar sgáth cneidhe na cíghe
115] sgiath i bhfuil díon, a dhaoine,
116] d'fhuil taoibhe an ríogh do-ríne.
- 117] Mór do bhí ar dháil na dighe
118] do dháil a rí re ró toile;
119] mairg nach díol fear na fleidhe
120] fíon dar bhleidhe cneadh croidhe.
- 121] Guin taoibhe Dé 'n-ar ndeaghaidh
122] ní maoidhte a méid a oinigh;
123] gé tá bás Dé 'n-a dheimhin
124] ceilidh a ghrás é d'oighidh.
p.149
- 125] Dá fhuil im dháil do dheithbhrigh
126] muir gan tráigh ar a toirthibh;
127] linn grás fam luing do leathnuigh
128] do fhás d'fhearthain thruim throighthigh.
- 129] Iomchrais eire rer fhuirigh
130] nar hiomchradh eire a shamhuil;
131] tug sé a throm ar a throighibh
132] oidhir Dé i gcrann dar gcabhair.
- 133] Úir mar a tásg ar thoradh;
134] úir grás an úir do hoireadh
135] tuar sídh an tann do treabhadh;
136] leanabh cígh ann do b'oireamh.
- 137] Ceo dhoirche ag cách ó a gceanaibh
138] nach foighthe leo lá turaidh;
139] crú an chíghe ón chiaigh do chab-
hair
140] samhail shíne i ndiaigh dubhaidh.
- 141] Luibh re chneadhaibh nír cuireadh;
142] a fhuil d'fhearadh as omhan;
143] guais damh gan triall sa turadh;
144] gar dubhadh riamh don raghal.
- 145] Cóir linn fa lár do leigeadh;
146] don Chóir ní tráth dá
teagar;
147] fuil bhas is chígh ad chogar
148] obadh sídh as nach eagal.Olc.