Corpus of Electronic Texts Edition
Ní rí fíre acht flaith nimhe (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.145

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
  1. 1] Ní rí fíre acht flaith nimhe,
    2] rí fíre flaith na cruinne;
    3] do bhí ar neamh fan lia lighe
    4] fear fine, Dia agus duine.
  2. 5] Ar chléith dhoinnbhear dia hAoine
    6] do coinnmheadh Dia dar ndín-ne;
    7] daor do bhraith an raon róin-ne
    8] laogh na hóighe, an flaith fíre.
  3. 9] Rí fíre an fear nar chronuigh
    10] cneadh na cíche dar gcabhair;
    11] a chóir is é ar n-a oighidh
    12] oidhir Dé tóir a tabhaigh.
  4. 13] Tar a thal tiad a dhaoine
    14] níor mhiadh le mac na hóighe
    15] dá chíos ní um chneidh na cíghe
    16] rí fíre, gein na glóire.
  5. 17] Tug malairt do Mhac Moire
    18] slat do agair
    [gap: extent: 3 syllables]

    19] ar aoi a dhéire mar dhlighe
    20] caoi cridhe déine, a dhuine.
  6. 21] A Pheadair, déaghaidh dhúin-ne,
    22] déanaidh, a easbail fhíre,
    23] guidhe ar mo chrú le chéile;
    24] tú féine id dhuine dhínn-ne.

    Ní.