Corpus of Electronic Texts Edition
Ní maith altuighim m'anáir (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.139
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Ní maith altuighim m'anáir
2] tríd nar bh'oircheas m'iongabháil;
3] ní altuighim a n-uair mé
4] ó ghartfhoirinn bhruaigh Bhóinne.
- 5] Feadhmannaigh dhó an uile fhear;
6] mo dhuasa ó mhacaibh Míleadh
7] triath na dtriath dhamh-sa do dháil;
8] is liach gan annsa d'admháil.
- 9] Fa-ríor níor altuigh sinn-ne
10] le hanuabhar intinne
11] ar chreid damhradh Dúine Breagh
12] dúin-ne agus adhbhar oideadh.
- 13] Níor altuigheasolc an sduaim
14] m'ísliughadh innte an athuair
15] Fódla linnte na learg sean
16] ná mo cheard innte d'oirneadh.
- 17] Ar n-ionnarbadh ó iath Ír
18] níor altuigheas rem Airdrígh,
19] mo thriall go Labháin tar linn,
20] dom anáir thiar ar dtoirling.
- 21] Ní hionann inn is I-óib;
22] an fortún fuair ón Tríonóid
23] do altaigh ris an té 's triar;
24] do sgé antail na n-ainmhian.
- 25] Clann oirrdhearc, táinte agus tír
26] fríoth le hI-óib ón Airdrígh
27] 's groighe is tréada is cuirn corcra
28] cuirm is séada saoghalta.
- 29] Níor chuir toice i n-uabhar é
30] I-óib dildíochra an
fínné;
31] níor ghrádhuigh sé an saoghal
bocht;
32] do naomhadh é as a umhlocht.
- 33] Do shmuain Íosa dá éis soin
34] fulung a óglaoich d'fhéachoin;
35] an uile ní badh ní lais
36] do bhí uile 'n-a éagmhais.
p.140
- 37] Do ráidh I-óib "ó thoil Dé
38] Dia thug Dia rug a-ríse";
39] do-chuala a chloinn láimh do láimh
40] ad-chuala coill a chonáigh.
- 41] An tuile easláinte air
42] do chuir Airdrí fhear ndomhain;
43] do fhéag ar n-uair a fhulung
44] bréag ní fhuair 'n-a urughull.
- 45] "Beirim a bhuidhe rem ching"
46] do ráidh I-óib tre uirrim
47] "ró cráidh do chara ar mo chorp
48] ba mana gráidh mo ghuasocht."
- 49] Do bhíodh do dhalta an Dúilimh
50] gur chneasuigh a chréachtchrúinimh
51] ag súr déirce ó bhrugh do bhrugh
52] a shéitche ar cúl na comhladh.
- 53] Do haltuigheadh re Dia ndil
54] 's ris an óigh mhilis mhuirnigh
55] tabhairt coda déirce dhí
56] nó a shéitche d'oba impe.
- 57] Níor chaoin I-óib a othra
58] féin go fagháil cobhartha
59] 's do-níodh caoi i gcróluighe a chneadh
60] ar aoi clóghuine an Choimdheadh.
- 61] Níor chaoin a ghalar goirt gnáth,
62] 's níor chaoin a chlann ná a
chonách
63] gér chaoi croidhe caoi I-óib
64] ar aoi thoile don Tríonóid.
- 65] Fríoth aisiog na sláinte iar sin,
66] fríoth tír is clann ón Choimdhidh,
67] fríoth a shealbh mar thuile ag tocht,
68] mar do dhearbh uile a annsocht.
- 69] Do ráidh mar do ráidh reimhe
70] go búidh umhal ainglidhe:
71] "an tí rug re ré ar ndeacra
72] is é thug na toirbhearta."
- 73] Níor mhóide a bhrón a bharr croidh
74] 's níor mhóide a mheanma a fhagháil
75] a tháinte is a threoid troma,
76] a shláinte, a sheoid shaoghalta.
p.141
- 77] Ón uair-sin go héag idir
78] mar éaruic 'n-a fhoighidin
79] fuair sé an talamh ar a thal
80] 's gidh é toradh na talmhan.
- 81] Fós mar éaruic 'n-a fhulung
82] an ghlóir naomhtha neamhchumhung
83] fuair ó thriath an tighe thuas;
84] fa sgiath dá chridhe a choguas.
- 85] Ní altuighim mar I-óib
86] boichte ná toice, a Thríonóid;
87] uch, nach déinim a ndearna
88] go dtéighinn rem Thighearna.
- 89] Mar I-óib do b'fhoirbhthe cuing
90] gá fios nach d'fhéachain m'fhuluing
91] fríoth an saidhbhreas muin ar mhuin
92] is fríoth daidhbhreas 'n-a dheaghuidh.
- 93] Eadamar is dom fhéagain
94] do gadadh dom ghaoilghéagaibh
95] na Conuill badh díonbhun damh;
96] do díoghladh oruinn m'uabhar.
- 97] Eadamar is dom fhéasgain
98] mo bhuar mo ghroigh gnímhéasgaidh
99] rugais a Dhé uile uam
100] níor bh'é an duille nar dhiombuan.
- 101] Eadamar is dom fhéagain
102] do beanadh mo bhruittéagair,
103] mo dhán is mo dhúthaigh dhíom;
104] cúthail mo dhál ón
dimbríogh.
- 105] Go n-altuighear a rí ribh
106] bheith gan bhuar bheith gan mhuinntir,
107] 's a brígh do bhreith óm meanma,
108] 's bheith gan tír gan tighearna.
- 109] Go n-altuighear, a rí, ribh;
110] a-tá i gcúirtibh clann Mílidh
111] fál allmhurach druim ar dhruim
112] im chlár gcamdharach gCriomhthainn.
- 113] Go n-altuighear, a rí, ribh
114] mé gan fiú an bhaird do bhuidhin
115] i Labháin fa cheo cumhadh;
116] ní beo anáir m'ealadhan.
p.142
- 117] Ionann is altuighthe dhamh
118] cách dom dhíol nó dom
dhiúltadh,
119] nó bheith ós chách ceann i gceann,
120] nó bheith fa chách go coitcheann.
- 121] Ionann is altuighthe dhamh
122] bheith fa dhiombuaidh san domhan
123] nó bheith fa bhuaidh nó bheith
slán
124] nó bheith ar n-uair go heaslán.
- 125] Ionann is altuighthe dhamh
126] mo bheith rem beo i mbeirt mhoghadh
127] nó beirt ríogh do chur fam chneas
128] badh díon damh ar mo dhímheas.
- 129] Ionann is altuighthe dhúinn
130] bheith go maidin ar mhaothchlúimh
131] nó bheith i lionnmhuir gan luing
132] nó bheith i n-iomdhaidh iaruinn.
- 133] Ionann is altuighthe dhúin
134] bheith im luighe ar lár m'fhortúin
135] nó siobhal sneachta ar sliabh lom
136] nach biadh ag ealta a fhulong.
- 137] Ionann is altuighthe dhúin
138] luighe idir mo lucht míorúin
139] nó luighe idir mo lucht gráidh
140] dom churp croidhe gach chompáin.
- 141] Ní fáth faoilte, ní fáth
bróin
142] clann oirrdhearc, earradh deargóir,
143] nó bheith gan choim idir chách,
144] nó bheith gan chloinn gan chonách.
- 145] Ní fáth faoilte, ní fáth
bróin
146] cúirt áluinn iomad comhóil
147] nó iomad tarta is teach lom,
148] nó neach gan acra d'fhearann.
- 149] Cré gach colann san chruinne;
150] breith nó oighidh éanduine
151] ní fáth faoilte ní fáth
bróin;
152] ní caointe cách i gcéadóir.
- 153] Dá ndídean do dhoirt a fhuil;
154] níor chaointe do chloinn Ádhaimh
155] rí n-a dheoidh ná rí reimhe
156] le a dheoin acht rí an ríthighe.
p.143
- 157] An rí tá is bhias is do bhaoi
158] is tríd ba dhéanta déarchaoi;
159] ceo gach triath acht triath na ndúl,
160] beo mo thriath ar n-a théarnúdh.
- 161] Mairg nach caoinfeadh an chruinne;
162] a bhás ní bás éanduine
163] do b'é uile an uile fhear;
164] ní duine an té nach tuigfeadh.
- 165] Mairg nach caoinfeadh iad uile
166] tráigh, tír, coillte claonbhuidhe,
167] éisg na mara is neamh na néall,
168] 's an lear uile is an t-ai-éar.
- 169] Do gonadh an ghrian 's an ré
170] is buidhne an bheatha sheinché
171] lá fuile an tairnge do theacht
172] 's na haingle uile i n-éinfheacht.
- 173] Ann sin do saobhadh síona,
174] do bhéicsead na bleidhmhíola,
175] agus an fhairrge re headh
176] is na cairrge dá chaoineadh.
- 177] Do chaoinsead saor a gceangail
178] na huisge is na hairdreannaigh,
179] is eoin lúdhmhara deoidh i ndeoidh,
180] is neoil úrghlana an ai-eoir.
- 181] Níor dhiongna a dhúile féine
182] do chaoineadh a gcoigcéile;
183] do-róine gach ní fa nimh
184] rí na glóire rí an ríchidh.
- 185] Ní fhuil thuas ar neamh na néall
186] dúil acht ar dhealbh an fíréan;
187] dúil mar soin acht dúil do chum
188] fúinn nochan fhuil i nIofrunn.
- 189] Ó fhlaitheamhnas Dé budh-dhein
190] síos go híochtar an aigéin
191] ní fhuil dúil acht dúil do chum
192] do mhuir ná d'úir ná d'fhochann.
- 193] Ón bhreac bheag gus an míol mór
194] tighearna na dtrí bpríomhshlógh
195] don duine do dhealbh gach dúil;
196] ar sealbh uile do b'iontnúidh.
p.144
- 197] Uaidh fhuaramar neamh na néall,
198] 's an bioth uile is an t-aigéan,
199] uaidh fhuaramar an t-anam,
200] uaidh fhuaramar uraghall.
- 201] Rí gach dhúine téid 'n-a theagh;
202] uaidh fhuaramar an t-aingeal
203] ar leathláimh gach duine dhíonn;
204] neamhcháir don duine a dhimbríogh.
- 205] Uaidh fhuaramarfoirbhthe an tsearc
206] a dhealbh féingá fearr toirbheart;
207] uaidh
[gap: extent: 4 syllables]
inn féin
208] do rala sinn ar saoibhchéill.
- 209] Gér ghabh sin caomhchorp dar gcionn
210] naomhthacht ar nach fuil foircheann
211] dar sdiúir gus an bhflaith
bhfíre
212] ré iúil na sé seinlíne.
- 213]
[gap: extent: 1 line]
214]
[gap: extent: 1 line]
215] do thoirling san óigh iodhain
216] coimhling dan cóir creidiomhain.
- 217] Do b'fhiú an toircheas tharla dhí
218] ar sgaoileadh cáigh ó chéile
219] gur tháthuigh an uile fhear
220] Muire an mháthair 's an mhaighdean.
- 221] Ógh iodhan dar bh'ainm Muire,
222] máthair an Mheic shíordhuidhe,
223] do b'é rí na soillse sin,
224] do bhí 'n-a broinn-se ó bréithir.
- 225] Talamh í as airde ná neamh
226] bainríoghan máthair maighdean
227] mionn órdha fhuile hÉabha
228] Muire óghdha fhíréanna.
- 229] Tríd do fhágbhas Inis Bhreagh
230] m'onóir do dhiúlt maic
Míleadh
231] flaith d'Íbh Airt agus
Oilill
232] ní maith ní huilc
altoighim.
- 233] Teach na n-ógh is na n-easbal,
234] teach daoineach an Dúileamhan,
235] easbal as tréan an tighe
236] Peadar fréamh na fírinne.Ní.