Corpus of Electronic Texts Edition
Námha m'anma an chalann chriadh (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)
p.135
DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
- 1] Námha m'anma an chalann chriadh,
2] a hantal is damhna déar;
3] ag lot mh'anma is sí 'n-a suan
4] an chlí is truagh mar tharla tréan.
- 5] Truagh m'anam uaim ar a hiocht
6] an chalann do-chuaidh tar ceart;
7] ní thig díom díon ar a holc
8] do bhríogh a locht tríom ag teacht.
- 9] Beag sein dá lochtaibh gach laoi
10] gan a beith fa bhochtaibh Dé;
11] ní fa annsa do b'fhearr í
12] an chlí fhallsa do mheall mé.
p.136
- 13] Ní díol toile gloin a gníomh;
14] mairg a toil do-roighne riamh;
15] leas mh'anaim nach éidir dhúnn
16] séididh fúnn an chalainn chriadh.
- 17] Toil na clí-se as ghirre
gnaoi
18] mar do-ním-se is misde mé;
19] mairg dar bhiodhbha anman í
20] do-ní adhbhar diomdha Dé.
- 21] A ruachtain a ríogh ar
th'iocht
22] do bhríogh a n-uarais dom
ulc;
23] i n-iomdhaidh talmhan ar dteacht
24] seacht mbiodhbhaidh mh'anman rem ucht.
- 25] Tréigean meisge ní
hé m'fhonn;
26] ní mó tréigthear leisge liom;
27] guais mar dhíolas an teagh thall;
28] díomas do bharr cean im chionn.
- 29] Ar ndamhnadh ar ndéinimh craois
30] ní héidir nach adhbhar cáis
31] i ló an mheasda is cruaidh an chúis;
32] ní theasda drúis uaim gan áis.
- 33] Guais nach rogha leabtha luath,
34] ar mbearta folaigh ó fríoth,
35] gan fúin acht comhrag re cách,
36] dúil ghnáth i bhformad 's i
bhfíoch.
- 37] Mun dtí d'Éanmhac Ríogh na
ríogh
38] tar fíoch go ngéabhadh ar ngaol
39] séideadh feirge is fuatha fún
40] ní feirrde ar súr uatha ar-aon.
- 41] Dul 'n-a séana is docar
dhúnn
42] ar bharr Éanmhac th'ochta, a
ógh;
43] ní gan charta troma tám
44] nár mo lachta i rolla róm.
- 45] Ón tí a-tá do bhí agus bhias
46] go dtí im dháldian a luas
47] cosg ó chridhe ar bhfeilghníomh
d'fhás
48] do ghnás deighríogh nimhe a-nuas.
- 49] An t-Athair 's an Mac 's an ógh
50] ní caraid nach glac ar ngaol;
51] ionad 'n-a ngrianbhragh do-ghéabh
52] ón Sbiorad thréan niamhghlan naomh.
p.137
- 53] Cuirim, ós é a dheaghthráth
dhúnn,
54] sul thí ceartlá na sé slógh,
55] a adhbha iomchuir an Ríogh,
56] díon mh'anma ar th'ionchuibh, a ógh.
- 57] Coire do-nínn gus a-niogh,
58] a Rí as rí don uile fhior;
59] dá dtí leam tadhall fad thal
60] m'anam gabh tar ceann mo chean.
- 61] Do
[gap: extent: 2 syllables]
ar ndoibheart dún,
62] don ríghtheagh go roiseam
slán
63] a ndíoghbhadh leam mar as
lór
64] an síodhbhun róm teann
i
dtám.Námha.