Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg nach doirteann a dhéara (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.117
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Mairg nach doirteann a dhéara
2] cioth déar do dhruim aithmhéala
3] do bháidhfeadh diomdha an té as triar;
4] do ba diongna é d'aimhríar.
- 5] Do dhearbhadh ar dhéaraibh Póil
6] san tigh thuas gur thuill onóir
7] fuair a thoil ó thriath nimhe;
8] ag soin fiach a aithrighe.
- 9] Treall dá aimsiranba an choir
10] do bhí Pól, posd an chrábhaidh,
11] ní hiúl é ag nach aghair fréamh
12] i n-aghaidh Dé 's a dheibhléan.
- 13] Beantar dhé lá do na láibh
14] an éaraic uile anbháil
15] a amharc mar badh dual dó;
16] a radharc uadh do éaló.
- 17] Pól easbal ag iarraidh grás
18] fearais cioth déar tre dhólás;
19] do-ní d'aithrighe ann soin
20] maithmhighe thall gur thobhoigh.
p.118
- 21] A shíothcháin a dhéar budh dhéin,
22] tugadh a amharc ainn-séin
23] is glóir bhuan an Dúilimh dhó;
24] a rúinnimh uadh do iompó.
- 25] Peadar an t-easbal eile
26] fríoth leis luach a aithrighe;
27] a thriath fa thrí an tann do shéan
28] do-chí gur bh'am don Fhíréan.
- 29] Séana a thíghearna fa thrí
30] le caoi do chuir ar neimhní;
31] osna dhomhuin is dáil déar
32] do bháidh fholaidh an Fhíréan.
- 33] Fuair fós Muire Magh-da-léan
34] luach a haithrighe on Fhíréan;
35] do thuill choróin san tigh thall;
36] do bhir onóir dá hanam.
- 37] Le huisge a nuaidhéar do nigh
38] Muire lá do na laithibh
39] troigheach naomhdha ríogh na ríogh
40] do bhíodh aobhdha re a heissíodh.
- 41] Na seacht ndeamhaindíochra an tsearc
42] do bhean Críosd eisde i n-aoinfheacht;
43] do radadh luagh a deor dhí
44] ar n-a leodh d'Uan na hóighe.
- 45] Loingíonus fós feacht oile
46] dhó ar n-osgladh a uchtchroidhe
47] fuair a shíoth do dhruim a dhéar,
48] gé do thuill fhíoch on Fhíréan.
- 49] Gach neach dá dtug triath nimhe
50] flaitheas Dé ar aoi a n-aithrighe
51] a ghuidhe is díor dá gach dhruing
52] a ríomh uile ní fhéadfuinn.
- 53] Go ndearnar aithrighe im ulc
54] mar na deibhléana a-dubhart;
55] laithe a bháis do hoirneadh inn
56] páis an Choimdheadh go gcaoininn.
- 57] An lucht fuair flaitheas nimhe
58] le hiomarcaidh aithrighe,
59] fa dheireadh gomadh díobh sinn;
60] geimheal far-íor ar mh'inntinn.
p.119
- 61] An glas cruaidh-se dom chridhe
62] go mbeana braon aithrighe;
63] fuaire mo bhéas ag reodh riom
64] mo dheor do ghréas i ngéibheann.
- 65] An cioth do chuir Dar-daoin de
66] do ghuais péine na páise
67] cioth mo shúl do budh lór lais
68] gomadh lón dún an díoghrais.
- 69] Uisge glas do-ghéabha uam
70] tighearna na dtrí mórshluagh
71] fan fhuil dheirg dhamh-sa do dháil
72] do sheilg ar mh'annsa d'fhagháil.
- 73] Fliuchad aighthe anba an grádh
74] nior bhréag é bláth an domhnán
75] 's an chlí do thiormuigh dar dtal
76] ar tí ionnluigh gach anman.
- 77] Ar ndáil a fhola uile
78] dia hAoine dar n-ionghuire
79] ní raibhe ann aonbhraon d'fhuil;
80] an taobhghaol thall do thiormuigh.
- 81] Le haonbhraon d'fhearthain dá fhuil
82] do cheinneochadh clann Ádhaimh
83] 's gan chrú a chlí d'fhearthain uile;
84] do bhí an fhearthain iomuin-ne.
- 85] Níor bh'fhiú a dtáinig 's a dtiocfa
86] fuil an Choimdheadh choisreagtha
87] sileadh phinn do dhortadh dhí
88] gan sinn dom fholcadh eisde.
- 89] Gér lor aonbhraon dhíobh dom dhíon
90] cuirim m'fhaosamh tar m'eissíodh
91] ar gach bhraon dar dhoirt damh-sa;
92] do sgoilt a thaobh treamhum-sa.
- 93] Cuirim m'fhaosam ar a fhuil,
94] 's ar a bhás 's ar a bheathaidh,
95] 's ar chúig croidhibh ríogh na reann;
96] síodh an troighigh go dtuaiream.
- 97] Cuirim ar an gcoróin sbín
98] mo chomairce ar aoi m'eissídh,
99] 's ar an digh dhomblais ad ibh,
100] 's ar donnbhais dhil an Dúilimh.
p.120
- 101] Ar an gceann do chlaon re chrois
102] cuirim mo dhíon tre dhíoghrais
103] ar ndín-ne ar an troigheach thinn
104] do ríne an t-oineach inghill.
- 105] Tuir chothuighthe na córa
106] m'fhaosamh re hucht n-iarnóna;
107] is díon mo mhíothaom go moch
108] bíodh ar a chlíothaobh chréachtach.
- 109] An crann i ndeachaidh dar ndíon
110] is nochtadh oidhre an Airdríogh
111] do shaor tre chonnailbhe ar gcoir;
112] mo chomairghe ar-aon orraibh.
- 113] Dá fhaosamh daoine an domhain
114] do shaor a uaigh fhíordhomhuin
115] 's a eisléine an uile fhear
116] cneischéile Muire maighdean.
- 117] M'fhaosamh ar a éirghe ón uaigh
118] is ar chreich Ifrinn adhfhuair;
119] mo choimhdhe ar leic far luigh;
120] a reic oirn-ne do fhuasguil.
- 121] An toil thug Críosd dar gcabhair
122] ag sin éideadh m'anaghail
123] grádh buan an Dúilimh dhamh-sa
124] mar lúirigh uadh umam-sa.
- 125] Muire óg earla glúineach
126] damh-sa gomadh díonlúireach
127] ó tharla a lán d'éigion ann
128] a grádh 'n-a éidiodh umum.
- 129] Muire corm an chrábhaidh the
130] ní daorfuidhear sinn seice;
131] earla glan na ngéigfhiodh bhfionn
132] budh éideadh dhamh a dícheall.
- 133] Do gonadh is i n-a ghoin
134] dia hAoine í ar a aghaidh
135] an choirpsheang tre chailg an gha;
136] mairg nach doirteann a dhéara.M.
- 137] Ainm Beadair na mbriathar nglic
138] carrag chothuighthe an chreidimh
139] fuair is-tigh an-uas an ainm
140] sgaradh ris ro bu romhairg.Mairg.