Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg nach diongnadh dán do Dhia (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.114

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
  1. 1] Mairg nach diongnadh dán do Dhia
    2] is mairg nach diongnadh dán dó;
    3] ar tí ar gceannuigh ar do chrú
    4] do bhí tú idir cheannuibh cló.
  2. 5] Díol a mholta Rí na ríogh;
    6] mo Rí go molar ó mhian;
    7] a thuilleamh go dtí dom dhán;
    8] go dtuillior grádh an tí as triar.
  3. 9] An t-éasga lán lán do ghlóir
    10] iar mbás do éirigh ón úir;
    11] do shúil re grádh créachta an chígh
    12] dán don rígh is déanta dhúinn.
  4. 13] Tar éis a ghonta go grian
    14] dá éis do b'fholamh an uagh;
    15] mar so do shéalaigh mo shíodh;
    16] do ba díor déanaimh na nduan.
  5. 17] Molta séimhe ó gach dhroing dhínn
    18] do thuill ar n-éirghe as an uaigh;
    19] do mhúch dhe ar ngluasocht le glóir,
    20] do fhóir ar ghuasacht sé sluaigh.
  6. 21] Lá bloghtha brogha na bpiasd
    22] —a mholadh níor mholadh díosg—
    23] do-chuaidh ón uaigh ar chreich Chásg,
    24] i leith na ngrásd do-chuaidh Críosd.
  7. 25] Na haithre umun fios fíor
    26] mo chion tharla 'n-a riocht riamh;
    27] ionmhuin an lucht thug ón tár
    28] rug tre ghrádh ó Phurt na bpian.
  8. 29] Do fhágaibh an gcreich nar clódh
    30] an ghein dá dtánaig a dtriall
    31] i bParrthas na mbile n-úr
    32] múr barrghlas fan gile grian.
  9. 33] Flaith fial nach neamhchonáigh nós
    34] go a dheasghabháil Dia na ngrás
    35] go teach Dé ní dheachaidh suas
    36] 's é thuas 'n-a bheathaidh iar mbás.

  10. p.115

  11. 37] San deasghabháil ma-raon ris
    38] don fheadhanfháir far fhaomh crois
    39] tug a uille ais re hais;
    40] rug lais an cuire re chois.
  12. 41] D'éis bháis 'n-a beathaidh do bhaoi
    42] an chreach-sain far chráidh a chlí
    43] rug iar mbuadh go dúnphort Dé;
    44] lé níor bh'fhuar a dhúthracht dí.
  13. 45] Urra na creiche Críost mór
    46] níor theine gan ghríos a ghrádh;
    47] go dtí leam a thoil do thuar
    48] 'n-a cheann ba dhual dol re dán.
  14. 49] Gréas do naidhm ní neamhchóir dhúinn
    50] don chreachthóir do airg an uaimh;
    51] lorg na gcló tre choigle cáigh
    52] do badh cáir 'n-a oigdhe d'uaim.
  15. 53] I gcuilt chumhuing is í fuar
    54] dúinn do fhuluing an tí 's triar;
    55] ar son roghan ríogh na ndúl
    56] díor dún a mholadh ó mhian.
  16. 57] Díoghrais
    [gap: extent: 1 syllable]
    is déanta dhúinn
    58] 'n-a éaraic dom éasga eoil;
    59] tre ar n-olc dá chrochadh do-chuaidh
    60] fuair a chorp dochar dá dheoin.
  17. 61] Uch nach dán díchill mo dhán
    62] don rígh-sin tá i n-a thriar
    63] ar son roghan ríogh na ndúl
    64] díor dhún a mholadh ó mhian.
  18. 65] Móide 's dual déinimh na ngréas
    66] don uan do éirigh iar mbás
    67] a-tá i neart ar an treibh thuas;
    68] ní tearc duas ag gein na ngrás.
  19. 69] Urusa duas d'iarraidh air
    70] ní tre fhuath tiaghair dá thigh;
    71] is é mo rí an rí ag a bhfuil
    72] an chré 's an mhuir 's gach ní ar nimh.
  20. 73] An t-éasga dearg as dearg snuadh
    74] is le ceard déanta na ndúl
    75] leis gach lionnmhagh, leis gach sliabh,
    76] leis an ghrian 's an fhiodhbhadh úr.

  21. p.116

  22. 77] Leis na haingle ó láimh go láimh,
    78] 's na maighe 's an tráigh 's an tír,
    79] leis na luibhe, leis na heoin,
    80] leis na neoil 's gach duine dhínn.
  23. 81] Dá mbeinn re ríomh a bhfoil faoi
    82] níor leinn soin do ríomh rem ré;
    83] mar sin is leis uile í
    84] leis gach ní san chruinne ché.
  24. 85] Tre ghuin chígh is dearnann dúinn
    86] go ndearnam an rígh do réir;
    87] ar a thol ó tá gach dúil
    88] ní lá dhúinn dom chor ó chéim.
  25. 89] Gríos grás ar nach deachaidh dlaoi
    90] iar 'n-a bhás do bheathaigh sé;
    91] glóir ar marthain uile hí
    92] an uile ní ar dhaghthail Dé.
  26. 93] Dar gcaomhna do-cháid fan lia
    94] le a dhaonnacht do dháil a chrú
    95] do bhí a chlí 'n-a cosair chró
    96] rí as mhó do chosain a chlú.
  27. 97] Do bhí ós chách is é i n- úir,
    98] do bhí sé iar mbás fá bhuaidh,
    99] fa rí é agus é san óigh
    100] an tí do fhóir na sé sluaigh.
  28. 101] Do dhearg romhuinn an rian ríogh
    102] triall 'n-a cheann dá bhfaghuinn uadh;
    103] lorg ceise 'n-a chlí do-chiam
    104] rí fial ara treise truagh.
  29. 105] Ní hé ar éanchor obus róinn,
    106] mo lochta dom éara uaidh;
    107] ní ghabhaim mo chor i gcéim;
    108] dom thol féin anaim uaidh.
  30. 109] Cairt ar gcomhthruim Muire mhór
    110] ó athair na n-uile ndúl;
    111] níor cailleadh an réalla ríogh;
    112] do-ghéabha síodh daingean dún.
  31. 113] Maighdean nar bh'iomarcaidh uaill,
    114] an mhaighdean bhionnfhoclach bhúidh
    115] 'n-a dál go ndighear iar nóin
    116] sireadh glóir ar mo dhán dúinn.

  32. p.117

  33. 117] An chaor bhuaidh ler saoradh sionn
    118] tre dhaonnacht i nduais mo rann,
    119] gidh fiú mo choir cor im cheann,
    120] go rabh leam is an toigh thall.
  34. 121] Ógh ler slonnadh síodh gach uird
    122] bíodh dom chosnamh ar an chailg
    123] do dháil go lór t'fhuil gan fheirg;
    124] guin an deilg is mór an mhairg.

    M.

  35. 125] A sheachna is cumann go gceilg
    126] —Peadar umam i ngach aird—
    127] mairg danab sódh seachna a uird;
    128] seachna a luirg is mór an mhairg.

    M.