Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg dar compánach an cholann (Author: Athairne Mac Eoghain)

p.108

ATHAIRNE MAC EOGHAIN cct.
  1. 1] Mairg dar compánach an cholann,
    2] cumann fallsa ní fuath lé;
    3] guais thall a cionta fam chomhair,
    4] tiocfa am bhus omhain é.
  2. 5] Fuath m'anma is annsacht mo cholla
    6] connradh meallta mairg do-ní;
    7] mé dá toil congbhaidh an cholann
    8] foghlaidh mar soin oram í.
  3. 9] Gach grádh riamh dá radas di-se
    10] níor dhíol uirre ar fhuath na bpian;
    11] do fhill mo ghrádh 'n-a fhuath oram
    12] lán dom fhuath an cholann chriadh.
  4. 13] Ní díol ceana an cholann mheabhlach
    14] gidh mór an toil thugas dí;
    15] minic nach buan críoch a cumainn
    16] ní fríoth achd fuar umainn í.
  5. 17] Lór dom theagasg gé táim aimhghlic
    18] i n-am an bháis—is beart chruaidh—
    19] na huilc i dteine ga dtéaghadh,
    20] na cuirp eile d'fhéaghadh uaim.
  6. 21] Re hucht an bháis—is breath cantar—
    22] an claochlódh truagh thig don ghné;
    23] an corp ar chalbha na huaighe
    24] olc an damhna uaille é.
  7. 25] Do-chím an béal dearg ar ndubhadh
    26] 's an déad chailce 'n-a cnáimh ghorm,
    27] mo thoil ní fhuigheam ón uabhar,
    28] ní chuireann soin uamhan orm.

  8. p.109

  9. 29] Na súile i n-aimsir an éaga
    30] adhbhar biodhgtha mar bhías siad
    31] —gá beag dúnn ón rígh mar rabhadh—
    32] do-chím cúl ar aghadh iad.
  10. 33] A ghrádh féin is aimhleas mh'anma
    34] ós éigean dúinn dul ós aird
    35] fuair an cholann cuid na deise;
    36] romhall do thuig mei-se a mhairg.

    Mairg.