Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg bheireas díogha dá dheoin (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.

p.106

  1. 1] Mairg bheireas díogha dá dheoin
    2] mairg thréigeas teagh an ghnáithcheoil
    3] ar threibh ndoibhinn ndiamhair nduibh
    4] go bhfoirinn fhiallaigh uathmhair.
  2. 5] Ar comhaonta deibhléan ndubh
    6] mairg thréigeas teaghlach glórmhar;
    7] an díogha nochan í as fhearr;
    8] ní críonna an tí nach tuigeann.
  3. 9] Tuas a-tá teach na soillse
    10] tíos a-tá—tuar síorthoirrse—
    11] teach eighreadhta an diabhail dhoirbh
    12] seinleabtha fhiallaigh Iofoirn.
  4. 13] Tíos a-tá an triath as mheasa
    14] tuas a-tá—tuar aoibhneasa—
    15] an flaithfhear ós na finibh
    16] nar caitheadh 's nach caithfidhir.
  5. 17] Tíos a-tá an triath is dorcha
    18] tuas a-tá—tuar neamhorchra—
    19] an Coimdhe do chruthuigh mé
    20] oidhre suthain na soillse.
  6. 21] Flaitheamhnas gan fhoircheann air
    22] thíos a-tá an triath rer dhealuigh;
    23] tuas tarla an triath nar tubhadh
    24] sgiath gach anma d'anaghal.
  7. 25] Rí ar a dtá togha dealbha
    26] tuas a-tá 'n-a thighearna;
    27] tíos tarla an triath go n-ainimh;
    28] liach a adhbha d'ionnsaighidh.

  8. p.107

  9. 29] Mairg thréigeas ar thriath na locht
    30] Athair na n-uile gcumhacht
    31] rí gan aonlocht, rí na reann
    32] do bhí taobhnocht im thimcheall.
  10. 33] Mairg ler seachnadh saidhbhreas grás
    34] ar threibh bhoicht i mbí dólás;
    35] ní críonna cor an phobuil
    36] do ghabh díogha dearlagaidh.
  11. 37] Go ndíbrir óm intinn é
    38] an tí as duibhe ná an duibhré;
    39] tre thoirrse go dtí im chroidhe
    40] rí na soillse suthoine.
  12. 41] Bheith bithbheo gidh bé len áil
    42] dá dtréigeadh níor thuar conáigh
    43] grás as líonmhaire ná an luibh
    44] ar bhás shíordhuidhe shuthuin.
  13. 45] Seachna Iosa ar Ifreann fhuar
    46] malairt ghuirt dan gar diombuadh
    47] an oighidh fhíre is í soin;
    48] ríghe ní bhí ag a bhiodhbhaidh.
  14. 49] Gille as mhó d'inmhe agus d'fhuil
    50] biaidh 'n-a throich ó sin suas-ain
    51] más é as rí ar an talmhain truim
    52] dá dtí go hadhbhaidh Iofruinn.
  15. 53] An té bhíos ó thigh go toigh
    54] má théid don teaghdhais ghlórmhair
    55] bídh fa onóir ó sein suas;
    56] do-gheibh coróin ón choguas.
  16. 57] Sireadh Muire ar a mac dhil
    58] m' fhurtocht i n-aimsir m'éigin;
    59] tar m'olc síor ná séanadh sionn
    60] dom dhíon déanadh a dhíchioll.
  17. 61] Go rabh leam i ló ar ngábhaidh
    62] líog lógmhar shíl sheanÁdhaimh
    63] Muire ghlórmhar géag ós fhiodh
    64] séad na n-ógbhan 's na n-aingeal.
  18. 65] Fios a hóghdhachta ag gach aon
    66] bíodh feasda tar mhéid mo mhíothaom
    67] dom thaighdeadh don tigh thall-ain
    68] maighdean dil do dhearbhamair.

    Mairg.


  19. p.108

  20. 69] Peadar doirseoir dúin nimhe,
    70] leannán na n-ógh n-ainglidhe,
    71] cara na naomh a-nall-ain,
    72] saor an ragha rugamair.

    Mairg.