Corpus of Electronic Texts Edition
Mair chungnamh lem chairdibh (Author: Unknown)

p.102

  1. 1] Mair
    [gap: extent: 1 syllable]
    chungnamh lem chairdibh
    2] cabhair uaim ní fhaghann siad;
    3] mór dtaobh a ngabhad ga ngaoltaibh
    4] caor charad ar aontail iad.
  2. 5] Urusa a aithne ar m'fhear chogaidh
    6] a gcairdeas nach cabhair ghann;
    7] gidh cia le gcarthair na caraid
    8] sia ná an charthain anaid ann.
  3. 9] Tearc agam i n-am an chunntais
    10] ar chionn an bháis gidh ard mh'uaill,
    11] dam dhíon acht combáidh na gcarad;
    12] gníomh folláin ní fhaghad uaim.
  4. 13] Do thaghas mar chairde croidhe
    14] ar chionn mh'agra—ni hiúl gann—
    15] dá cheathrar nó a trí nach tréigeabh
    16] neamhchur dá dtí an t-éigean ann.

  5. p.103

  6. 17] Dom fhior cogaidh is cúis faitchis
    18] gidh iomdha im chionn cunntas doirbh
    19] an dá sheisear re hucht n-aighnis
    20] sei-sean 's a lucht aimhlis oirn.
  7. 21] Gidh iomdha romham bearn baoghail
    22] dom breith suas ní slighe ghann
    23] —is é an t-iúl go neamh do nochtadh—
    24] triúr is fear is ochtar ann.
  8. 25] Lucht eadrána fheirge an áirdríogh,
    26] iúl fíre as a bhfuil ar ndóigh,
    27] mogall géag nach cumhang gcabhra,
    28] dá ubhall déag abhla óir.
  9. 29] Do bhraitheas gur mhogal milis,
    30] mian gach neich do-chiú 'n-a chnuas,
    31] da chóigear 's dá chnaoi san chrobhuing
    32] is sgaoi óigfhear thoghaim thuas.
  10. 33] Gidh éigean dáibh dul dom chumhdach
    34] cóir cungnamh as lia sa lia;
    35] mór ní dá neamhthail do-ním- se
    36] trí ceathrair as dísle ag Dia.
  11. 37] Do leanadar lorg a n-athar,
    38] d'éis a bháis nír bheag a ngrádh;
    39] mogal cumhra an dá chnó déag-sa
    40] umhla dhó ná an tréad-sa i dtám.
  12. 41] Ní féadthar nach fionnfadh mi-se
    42] —minic fhéachthar í dá boing—
    43] dá chnó dhéag d'iompuibh na humhla;
    44] fionntair an ghéag chumhra i gcoill.
  13. 45] An fad do bhádar 'n-a mbeathaidh
    46] briathra an sgrioptúir do sgag siad
    47] na sé chúpla fa caoin freagra;
    48] braoin drúchda na heagna iad.
  14. 49] Cúitéaghthar i n-am ar n-aighnis
    50] —annamh fhuairsead taom budh theo—
    51] ón éinfhear déag páirte is Peadar
    52] ar bpáirt-ne a mhéad leagar leo.
  15. 53] Ar bhfás tríom do thoradh m'ainmhian
    54] iomdha fréamh as a bhfuil géag
    55] a ndul i seilbh mh'anma d'fholcadh
    56] calma an feidhm dhá dhoctar dhéag.

  16. p.104

  17. 57] Ar n-imtheacht dá n-oide mhúinte
    58] mogal cumhra an dá chnó dhéag
    59] do líon ceo cumhadh gach duine,
    60] nar phudhar leo uile a n- éag.
  18. 61] Ar n-anamhain uile i n-éintigh
    62] do bh'í a n-orchra dar ghar glóir
    63] —a dtoirse fa cumha choimhthe—
    64] soillse ar ndula i ndoirche dhóibh.
  19. 65] Dá bhfuasgladh as a n-aitreibh iadhta
    66] d'éis a n-athar—is iúl fíor—
    67] táinig an Spiorad Naomh neamhdha
    68] ionad saor go ndearna dhíobh.
  20. 69] Táinig gus an teaghdhais ndúnta
    70] an deachmhadh lá dá láibh bróin
    71] an Spiorad Naomh i dtairm theineadh;
    72] saor an snaidhm fa dheireadh dhóibh.
  21. 73] Do fhoillsigh Dia san dúil teineadh
    74] teangtha an domhain dóibh 'n-a rioth;
    75] fir sin gan doghruing a ndéanmha
    76] fir gan fhoghluim béarla ar bioth.
  22. 77] A n-eachtra nír bh'adhbhar guaise;
    78] grás a n-eagna as lia sa lia;
    79] an deaghsgol nír thréad gan teangtha
    80] dá easbol déag dearbhtha ó Dhia.
  23. 81] Foillsighthear dhóibh dul dá dteagasg
    82] na trí ranna—ní rian gann;
    83] mar bu dú sgaoileadh an sgrioptúir
    84] aoinfhear rú nír bh'iontnúidh ann.
  24. 85] Do cuireadh leo fa chuing creidmhe
    86] na ceathra triair do thogh mé
    87] —gan chairde budh beirthe a bhuidhe—
    88] ceithre hairde an chruinne ché.
  25. 89] Ní tháinig ar dteacht dá dturas
    90] —troma a ndochair ní dáil ghann—
    91] éinfhear dhíobh gan easgar d'fhagháil
    92] díol na n-easbal d'anáir ann.
  26. 93] Tiomsaighid timcheall na hóighe
    94] re hucht a báis—ní beart chlé—
    95] a dá dhalta dhéag i n-aoinfheacht
    96] 'n-a dtréad sgagtha ó dhraoidheacht Dé.

  27. p.105

  28. 97] A dteagmháil is-tigh i n-aoinfheacht
    98] d'éis a n-eachtra ó thír do thír
    99] —ní raibhe snaidhm as sia ar Mhuire—
    100] gairm ó Dhia ar gach nduine dhíbh.
  29. 101] Ag sin iomthúsa na hóighe
    102] inghean Iaichim fa hard nós
    103] dul dí ó ghrás gus na grásaibh
    104] 's í gan bhás ón bhás-sain bhós.
  30. 105] Ós chionn a cuirp—cóir a chreideamh—
    106] ní chuala cluas nír chuir súil
    107] a gclos do cheol ógh is aingeal
    108] —eol as lór do dhaingean dúinn.
  31. 109] Iarraim ar éininghin Iaichim
    110] a hucht a gaoil 'n-a ghaol ghar
    111] i n-anáir an dá fhear déag-sain
    112] seal d'fhagháil dá déagsain damh.
  32. 113] Ar impidhe an dá fhear déag-sa
    114] do dhíon cáich tar ceann a locht
    115] do-ní a muime agus a máthair
    116] ní as uille ná an bráthair bocht.
  33. 117] Seol mo luinge re hucht n-anfhaid
    118] —iomdha slighe don tigh thuas—
    119] ná leagadh sé muna seolfam
    120] Peadar is é ar seolchrann suas.
  34. 121] Uaidhe nó go bhfaghar fortocht
    122] —fada dhamh i n-easbhaidh eoil—
    123] ní ghéabha mé an cuma comha
    124] gidh é tunna ola Eoin.
  35. 125] Go gcuire Tomás lámh linn-ne
    126] i ló an bháis—budh tachar te
    127] lámh i dtaobh Dé mar do dheaghcuir
    128] as ar shaor sé a dheacair dhe.
  36. 129] Parr-thalon agus Ta-théus
    130] mo thonn fheirge—ní gníomh gann—
    131] Aindrias muna chabhra ó chroidhe
    132] tarla an daighdhias oile ann.
  37. 133] Dom shaoradh ar fheirg, a Íosa,
    134] acht Eoin Bruinne as bhráthair dhaoibh
    135] ní mhar tréan as mó go Muire
    136] San Séam nó a dó ar ghoire gaoil.

  38. p.106

  39. 137] Suibhisgéal is easbhal orrdhraic
    138] gidh é Matha nar mhaol sdair
    139] tarla dhó glóir an dá ghradam
    140] ag só dá choir agam air.