Corpus of Electronic Texts Edition
Lámh indiu im thionnsgnamh, a Thríonóid (Author: Gofraidh Mac Briain Mac an Bhaird)
p.102
GOFRAIDH MAC BRIAIN MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Lámh indiu im thionnsgnamh, a
Thríonóid;
2] treoruigh mo leas damh-sa, a Dhé;
3] cleachtaim ámhuill ar iul ndíomhaoin
4] sdiur go rághuing míodhaoir mé.
- 5] Duit as léir mo leas is m'aimhleas,
6] eadráin m'iomruill uaim ar th'iocht,
7] oibrigh im beartaibh, bí im chridhe,
8] neartuigh, a rí nimhe, im niort.
- 9] Tu-sa do bhris bás an
airdríogh
10] san inmhe chéadna is tú tá;
11] fionnam sgiath do chumhacht gceannsa
12] cliath rem urocht leam-sa an
lá.Lámh.