Corpus of Electronic Texts Edition
Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag (Author: Unknown)

p.97

  1. 1] Iomdha fear suirghe ag San Mairghréag
    2] a muinntir do mhéaduigh sí;
    3] diallaidh re gach fear dá bhfhaghann;
    4] bean fhiadhaigh na n-anam hí.

  2. p.98

  3. 5] D'éis a héaga is fearr do bhaoghal
    6] an bhean dar cheisd cosg an uilc;
    7] 'n-a beathaidh níor bhean re suirghe
    8] bean i ndeachaidh cuimhne a cuirp.
  4. 9] Is é as chiontach ris an gcumann
    10] —comhthrom uainn ní fhaghann sí—
    11] an fear le ndiultar a dhéineamh;
    12] bean nach diúltadh éinfhear hí.
  5. 13] An lá as chumhain liom mo lochta
    14] ar leas m'anma is ann do bhiath;
    15] is í ar suirghe re San Mairghréag
    16] cuimhne dhamh ar ainmhéad m'fhiach.
  6. 17] Grádh tairise do thaobh cumainn
    18] créad an fáth nach fuighe sí?
    19] bean nach tug náire dá naomhthacht
    20] rug báire ar gach aonlocht hí.
  7. 21] Ní hiongnadh gomadh í an bhanógh
    22] do bhéaradh d'fhear annsacht lán
    23] bean do ba chuibhdhe mar chéile
    24] don fhear suirghe as ghéire grádh.
  8. 25] Sealbh na humhlochta ó aois leinibh
    26] go lá an bháis níor beanadh dhí;
    27] do cheangail síoth re méad meanman
    28] díoth go héag nach dearnadh dhí.
  9. 29] Bean dá ráinig rogha anma
    30] adhbhar don ainm do rádh ria
    31] a mhéad do mhaith do-ní an néamhann
    32] maith gach ní dhá ndéanann Dia.
  10. 33] Dá héis is iomdha 'n-a beathaidh
    34] —gá beag uirthe d'adhbhar gráidh—
    35] cloch líoghmhar an anma uasail
    36] míorbhal tharla i gcluasaibh cáigh.
  11. 37] A Dhé, ní dheachaidh it aghaidh
    38] gion gur eol dí dul id ghar;
    39] sul do chreid an ógh it ainm-se
    40] mór do leig thairse tal.
  12. 41] Iúl nochan fhuair ar an gcreideamh
    42] an chéadchuid gur chaith dá ré;
    43] d'éis a baisde do bhaoi a námha
    44] i ngaisde ag mnaoi dhála Dé.

  13. p.99

  14. 45] Cosg mo námhad naisgim uirre
    46] ós í roimhe rug a bhuaidh;
    47] ní théid ar feadh iadhaidh m'fhabhra
    48] fear fiadhaigh an anma uaim.
  15. 49] Is móide chuirim i gcomhrádh
    50] an comhrag rer chaithis dlús;
    51] buain rem fhurtocht gomadh usa
    52] a dhocracht fuair tu-sa a thús.
  16. 53] Ná leig eadrom is m'fhear cogaidh;
    54] do chlaoidhis cheana—trom an clú,
    55] iomchuir a-rís oire m'anma—
    56] dís roimhe re dtarla tú.
  17. 57] Don tromdháimh tháinig a hIfearn
    58] dá aingeal do b'í do chuid
    59] do choisg tú ar-aon an dá aingeal
    60] taobh rú gomadh daingean duid.
  18. 61] Feirrde bean gé do bheadh láidir
    62] lámh carad ag congnamh lé;
    63] níor fhéad námha teacht red threise
    64] tar neart lámha deise Dé.
  19. 65] Breith na cloinne is cean do mhartra
    66] —móide as deacair déanamh thort—
    67] nach bí do bhean pháirte i bpianaibh
    68] acht feadh sláinte d'iarraidh ort.
  20. 69] Ón mhaith do thionnsgain ar dtosach
    70] ní troigh ar gcúl do-chuaidh sí
    71] sealbh na ngrás nó gur ghlac Mairghréag;
    72] slat as nar fhás ainghéag í.
  21. 73] Tráigh ar a dtiomsaightear cnuasach,
    74] crann toraidh nach téid i ndíosg,
    75] bean do luaidheadh fa fhear uile,
    76] bean ler fuaigheadh croidhe Críosd.
  22. 77] Do bhí ag fear dá fearaibh suirghe
    78] searc don óigh—gá huaisle modh?
    79] iomdha líon do hinnleadh uirre
    80] inghean ríogh dar thruime a thol.
  23. 81] An grádh ar dtús thug dom banóigh
    82] brath ar a háille an uair rug
    83] do bhí gá choimhéad 'n-a chroidhe
    84] dí ar roimhéad a thoile thug.

  24. p.100

  25. 85] D'fhior nochar iongnadh a carthain
    86] caol a mala, mín a traigh;
    87] dearna a láimhe acht a lámh oile
    88] clár do b'áilne snoidhe sain.
  26. 89] Ar an mbéal dtana tug féachadh,
    90] an folt cas do-chonnairc uadh;
    91] níor luibhe chabhra dá chridhe
    92] duibhe a habhra is gile a gruadh.
  27. 93] Annsacht nar urusa a caitheamh
    94] dá cruth ar dtosach tug sé;
    95] tug grádh dochaithmhe dá deighmhéin
    96] lámh chothaighthe deibhléin Dé.
  28. 97] Is moladh ar áilne a haighthe
    98] an inghean nar fhéad do chlódh
    99] a chridhe ar n-a chor ar meisge
    100] ar son dighe eisde d'ól.
  29. 101] Breath gion go mbeirthe le a faicsin
    102] ní foláir go bhfuighe sí
    103] grádh gach éinfhir ar a huaisle;
    104] lán do thréidhibh uaisle hí.
  30. 105] Níor labhair ón lá do mhothaigh
    106] leis an maighdin dar mhó a thoil
    107] acht fuighle do bhíodh mbogadh;
    108] suirghe an ríogh ar hobadh air.
  31. 109]
    [gap: extent: 1 line]

    110]
    [gap: extent: 4 syllables]
    ní raibhe a cion
    111] bean nochar bhean as a riaghail
    112] bean ler shearbh a hiarraidh d'fhior.
  32. 113]
    [gap: extent: 2 syllables]
    Dia dá dtug masla
    114] a mhian ar gcúl do chuir sé
    115] go roibhe lán d'fhuath don inghin;
    116] grádh is luath do imdhigh hé.
  33. 117] An uair do agaill a briathra
    118] do bhí an baoghal ag drud ria
    119] an té ar ar tréigeadh a námha
    120] gurbh é a céidfhear dála Dia.
  34. 121] An sgiúirse as teo dá dtug fulang
    122] ní fríoth lé ó lucht a pian
    123] acht gur ghéire a galar eile
    124] garadh péine reimhe riamh.

  35. p.101

  36. 125] Fuighleach dar fágbhadh 'n-a créachtuibh
    126] an cíogh trom an tráth do sguir
    127] nar thuil a béal chréacht a colla
    128] muir théacht a déar orra d'fhuil.
  37. 129] Tugadh pian trom do thaobh fhuachta
    130] an inghean óg nar óg nós
    131] le huisge fhuar dhí fa dheireadh
    132] is í i ngual teineadh ar dtós.
  38. 133] An goradh gur bhean dá brághaid
    134] an bheatha thall níor thréig sí;
    135] do mhian an bháis do bhaoi ar Mairghréag
    136] nar chlaoi páis dá ainmhéad í.
  39. 137]
    [gap: extent: 1 syllable]
    mháil fhoghanta an chinn- se
    138] caraid na hóighe is eadh bhíd;
    139] a maith gur moladh le a námhaid
    140] do thoradh mhaith thánuig tríd.
  40. 141] Cúig mhíle fear fa chuing creidimh
    142] do chuir an ógh—níor fheidhm díosg;
    143] fuair 'n-a haonar d'ulc an phobail
    144] gur saoradh lucht cogaidh Críosd.
  41. 145]
    [gap: extent: 4 syllables]
    ní dhleisinn
    146] mo dhán molta is mé 'n-a gioll;
    147] sí re n-éag do chuimhne an chumainn
    148] réad suirghe chumaim dá cionn.
  42. 149] Mo ghuidhe go ngéabha si-se
    150] is í tuigsin i dtú faoi;
    151] budh anáir fa dheireadh dhamh-sa
    152] deighfhear d'fhagháil masla ón mhnaoi.
  43. 153] Do gheall tú a thabhairt dá cairdibh
    154] cur linn fa leigheas ar n-olc;
    155] ní dulta, a rí, tar an riaghail,
    156] gach ní as mholta d'iarraidh ort.
  44. 157] Sgaoiltear
    [gap: extent: 1 syllable]
    sgéalaibh
    milse
    158] le méad an ghráidh do-gheibh sí
    159] mian le a fear a n-ól 'n-a n-éindigh;
    160] an ógh ní bean éinfhir í.

    Iomdha.