Corpus of Electronic Texts Edition
Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.94
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh
2] cúis a hadhanta fhuair sí;
3] ní thig lá nach iomdha a hadhbhar
4] más diomdha tá ar adhnadh í.
- 5] Lúisifear nar loc a aimhleas,
6] an t-aingeal do b'áilne gné,
7] do thuill mo-nuar fheirg ón Athair;
8] níor theilg uadh gan fhachain é.
p.95
- 9] Le Lúisifear lá na deaghla
10] an deachmhadh ord ar aoi a gcealg
11] do cuireadh mon-uar i nIfreann,
12] bruidhean fhuar na ndrithleann ndearg.
- 13] Do chur anma i n-áit gach aingil
14] dar imdhigh ó oidhre Dé
15] do smuaintigh sonn deilbh an duine
16] feidhm ler chom an chruinne ché.
- 17] Ní hionann is aingle an uabhair
18] Éabha is Ádhamhanba an bhuaidh;
19] do chruthuigh sin iad rer-oile
20] ní thiad dá thigh oile uaidh.
- 21] Go haithghearr tar éis a ndéanta
22] an dias-sain dar dháil a thail
23] gér chlann fhíre iad don airdrígh
24] do-ríne siad fairbrígh air.
- 25] I bParrthas na mbileadh dtoirtheach
26] tiomna Críost níor chomhuill siad;
27] do-niad cailg abhla na haithne
28] mairg tamhna dar bh' aithre iad.
- 29] Ag sin an dara fáth feirge
30] fuair tighearna na dtrí sluagh
31] foghail cnuais na craoibhe corcra
32] daoine i nguais obtha uadh.
- 33] Céadfháth feirge fuair ó thosaigh
34] tnúth na n-aingealanba an call;
35] an dara fáth coill na cánadh
36] ar chách do choill Ádhamh ann.
- 37] An treas fáth ag feirg an Dúilimh
38] do dhoirt Cái-increidim súd
39] fuil a bhráthar le cnáimh cámhaill
40] báthadh gráidh an ámhaill úd.
- 41] Do thuill Naoi fós feirg an Athar
42] ón áirc an tan tháinig sé
43] tug a úidh don fhíon do b'uaisle;
44] níor dhíol rúin an uair-se é.
- 45] D'Forann iar ndol i ndeoidh Maoise
46] san Muir Ruaidh na róideadh nglas,
47] níor thuill sé fholaidh gan adhbhar;
48] roghaimh Dé do hadhnadh as.
p.96
- 49] Gan luagh ar a leabaidh chéasta,
50] gan chuimhne ar a chur i n-uaigh,
51] gan labhra ar dhiomdha na deilge,
52] iomdha damhna feirge fuair.
- 53] Ó shíol Ádhaimh d'adhbhar fheirge
54] ní háiréamhthair a n-uair sé
55] áireamh go ndeach ar an duille;
56] breath na bhfáidheadh uile é.
- 57] Fearg an Choimdheadh créad fár thuillseam?
58] tig uadha le hintinn soirbh
59] sul do-chuaidh i gclí dá chneasghoin
60] gach ní dá bhfuair d'easbhaidh oirn.
- 61] Muir is talamh tug dá chomhghaol
62] 's an chúirt naomhdha 's gach ní ad-chiad;
63] achd gidh fuar bheirid a bhuidhe
64] do-gheibhid uadh uile iad.
- 65] Fuil a chroidhe agus crú a dhearnann
66] 's dealbh a aightheanba an bhuaidh
67] 's a theas ghráidh 's a shíodh fa
shéala
68] do dháil do shíol Éabha uaidh.
- 69] Ní dar dtoirbheart do thriath oile
70] do fhuluing Críostcruaidh an sdair
71] a ghuin iar dtabhairt a thoile;
72] raghuirt do luigh m'oire air.
- 73] Ní dar gcur i gcarcair námhad
74] do nocht an Coimdhe a chneas búidh;
75] ní raibhe a thoil ar tí ar ndeaghla
76] ní fhoil ní nach dearna dhúinn.
- 77] Do sgaoil an tréad nar thréad ceiníl
78] ó chodhnach na cúirte thall
79] a dhá láimh gur leath dá ngabháil;
80] breath báidh ní ba fhaláir ann.
- 81] Dá chraoibh eolais d'fhios an ríchidh
82] róibh, a dheibhléana Dé bhí,
83] do sgaoil a dhá ríoghbhais romhuibh
84] daoibh nír dhíoghrais fholuigh í.
- 85] Lucht an fheadhma i n-am na heagla
86] ar na hardaibh éirgheas siad;
87] rí nar choill ar a chloinn ionmhuin
88] i mbarr croinn do ionghuir iad.
p.97
- 89] Do chlaon an Coimdhe a cheann dúinn-ne
90] ba dian a pháispudhar thinn;
91] do fhaomh an umhla do dhlighfeadh
92] craobh chumhra le sirthear sinn.
- 93] Na flaithe eile achd Uan Muire
94] milse corna chleachtaid so;
95] ní tug fuath go dearbh dá dháileamh
96] gidh cuach searbh do dáileadh dhó.
- 97] Do íoc na holca do-rónsam
98] rí na glóiregoirt an sdair;
99] fuair a ghuin tre uille an uabhair
100] do luigh truime ar n-ualaigh air.
- 101] Guidhim thuas baincheann na mbanógh
102] fam breith is-teach do thoil Dé
103] achd gidh iomdha cealg im chroidhe;
104] biodhbha do leanb Moire mé.
- 105] Guais go gcuirfe an choir nach seachnaim
106] sruth an chígh ós chionn a bhrúigh
107] dá dtí tuile i n-áth an ochta
108] ar sgáth Mhuire is dolta dhúinn.
- 109] Sí 'n-a máthair is 'n-a maighdin
110] Muire bhúidh na mbachall bhfionn
111] faghadh síoth dhamh tar mo dhoimhéin
112] go rabh fan gcíoch roiréidh riom.Iomdha
- 113] Ag dúsacht diomdhadh an Dúilimh
114] gach díomas dá ndearna sionn
115] eagal fa-ríor go mba raghairt;
116] bíodh Peadar ag labhairt liom.Iomdha.