Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Íocadh Críost cumaoin a mháthar
Author: Unknown
File Description
Electronic edition compiled and proof-read by Margaret Lantry
Funded by University College Cork. and
Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
2. Second draft.
Extent of text: 1773 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (1997) (2008) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402053
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of
academic research and teaching only.
Sources
Manuscript source- Dublin, Trinity College Library, 1340, 39 (alias H. 3. 19;
see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity
College Library (Dublin 1921)).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 1235, 18 (alias C ii 2:
see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
27).
Translation- Lambert McKenna, 'To the Blessed Virgin', in: The Irish Monthly 58 (no. 687, September 1930) 467471 (available online on JSTOR).
The edition used in the digital edition- Láimhbheartach Mac Cionnaith, Íocadh Críost cumaoin a mháthar in Dioghluim Dána, Ed. Láimhbheartach Mac Cionnaith. , Dublin, Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office] (1938) page 9194
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been
retained. Variant readings and editorial annotations have not been
reproduced in this edition. Variants may be entered in a future
edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization
The electronic text represents the edited text. Compound words
have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation
Quotation marks are allowed stand temporarily.
Hyphenation
The editorial practice of the hard-copy editor has been
retained.
Segmentation
div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are
marked and numbered.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms
for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
The n attribute of each text in this corpus carries a
unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head
element within each text.
div0 is reserved for the
text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile Description
Created: By an unknown Irish bardic poet.
Date range: c.12001600.
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
Corpus of Electronic Texts Edition: G402053
Íocadh Críost cumaoin a mháthar: Author: Unknown
p.91
- 1] Íocadh Críost cumaoin a mháthar
2] mór re a dhíol a ndearna sí;
3] an chíoch asa teann ar dtagra
4] gearr ó fríoth re hagra hí.
- 5] Measfaidh cumaoin cích a mháthar.
6] measadh sain a n-uair dá ulc;
7] naoi míosa do bhí 'n-a bruinne
8] Íosa ní as uille 'n-a hucht.
- 9] A beith n-a hóigh d'éis a toircis
10] fa tualaing saor na sé gclann;
11] teacht i gclí d'oidhre na hóighe
12] do bhí coimhdhe a hóighe ann.
- 13] Tar éis ar fhear d'fhuil an chridhe
14] cneadh an taoibh fa tobar díosg;
15] go rug an bás céim 'n-a choinne
16] a ghrás féin fa choille ar Críosd.
- 17] Ní dhiongna Dia an dícheall céadna
18] do chloinn Éabhais adhbhar sgís;
19] tús an dubhaidh a-tá ag teachta
20] gan lá turaidh reampa a-rís.
- 21] Cia nach daor ó na deich n-aithnibh
22] uan Muire dá maithe an pháis;
23] a dtéid liom go lá na deaghla
24] a-tá im chionn ar bearna an bháis.
- 25] An mac do mhéaduigh a huaisle
26] óighe a mháthar nír mhill
sé;
27] a glún dá heidhir do b'iomdhadh
28] gur dhún gheimhil diomdhadh Dé.
- 29] Do cheannaighfa cunnradh sochair
30] síoth a dalta ar a deoir ndeirg
31] go bhfuair féin croidhe dar gcoimhéad
32] Moire ag béin fhoighéag dá fheirg.
- 33] Mar fuair an lot do Long-ínus
34] grása Dé re ndul fan lia
35] ní as tinne ná mo lucht leasa
36] do-rinne an t-ucht deas-sa ar Dia.
p.92
- 37] A-tá ag an óigh iúl na sligheadh
38] dá seachna an Coimdhe cur linn;
39] grása ar seathar seol an arthraigh
40] eathar i mbeol anfaidh inn.
- 41] Guin an chló do-chuaidh 'n-a throighidh,
42] trom re híoc i n-aice ar ngníomh;
43] ní hurra an chlí ris na ceanaibh
44] is cuma dhí a ndleaghair díom.
- 45] A adhbhar d'iomchar na croiche
46] i gcoinne an bháis do bhí ag drud;
47] do bhí teas na ngrás 'ga gharadh
48] bás don treas tamhan go dtug.
- 49] Dá mbeinn saor ó na seacht bpeacthaibh
50] páis an mheic do mhaithfeadh sé;
51] luach an deilge dhó dá ndearnainn
52] do b'fheirrde cló i ndearnainn Dé.
- 53] Go dtiocfa mar tháinig roimhe
54] rádh gach eolaighní hiúl
cam;
55] biaidh dhod sgáth ar na sé sluaghaibh
56] nach é an tráth as uamhain ann.
- 57] Mithidh liom leanmhain a éarca
58] áladh an chroinn do-chuaidh tríbh;
59] do chionn a mhaithmhe, a Dhé, dham-sa
60] ní mhaitfe mé an crann-sa id chígh.
- 61] Gé thugais linn do lá bágha
62] beag an éaraic iarrfa id ghuin;
63] ní móide díol th'fhala a huaisle
64] dá bhfagha síodh uaim-se it fhuil.
- 65] Do chneadha doimhne, a Dhé Athar,
66] eidhreacht cáigh do cheannaigh siad;
67] ceannchaidh crú th'álaidh an uile
68] 's nír shlánuigh tú uile iad.
- 69] A-tá 'n-a thosd ar tí ar meallta
70] móide an baoghal bheith 'n-a fhail;
71] nochar an tu-sa ar an talamh
72] an usa dhamh anadh air?
- 73] Do mháthair nír mhaol a cumha
74] an cíoch gonta gur ghabh táth
75] gur bh' uisge ionnlaidh dhí a deora;
76] do bhí ar th'iomdhaidh teora thráth.
p.93
- 77] Do chaoin an ógh d'fhuil a croidhe
78] cneadh an bhuinn do bhí fan chló;
79] ní i n-aisgidh do bhí ga bosaibh
80] t'fhaigsin, a rí, id chosair chró.
- 81] Eigean dúinn déanamh 'n-a éagmhais
82] gidh é an cruinne carthar linn;
83] a-tám a-moigh feadh na fáilte
84] goir go teagh na sláinte sinn.
- 85] Do ghabh Muire Magh-da-léana
86] leat, a Dhégár dheacra ar
gclódh?
87] dar leat do budh usa mh'fheacadh
88] do fheac tu-sa ón pheacadh Phól.
- 89] Gér mhó martra meic na hóighe
90] is ionráidh re hearla nocht;
91] "bás do bhráthar duid gér dhoiligh
92] cuid máthar dá oighidh ort."
- 93] Ceilt an mheic i measg a námhad
94] do-ní an ógh fa híseal sdair;
95] do b'eagail lé teachta thairsibh
96] fearta Dé nar fhaillsigh air.
- 97] Long an anma d'éis a seolta
98] seol an arthraigh budh í an
pháis
99] is baoghlach mo leabaidh luinge;
100] eagail saobhshruth buinne an bháis.
- 101] Ní mó ná beo do bhí an
ríoghan;
102] rí an talmhan gér thruime a phian
103] a ghoin fa martra le Muire;
104] nír oil dalta roimhe riamh.
- 105] Do bhí an diomdha ag fadódh fúithe
106] fearg an mheic gur maoladh lé;
107] soghuidhe an rí tres an ríoghain
108] sí ag forfhaire ar dhíoghail nDé.
- 109] Gin go mbeath liom lá na breithe
110] buime mhúinte mheic an ríogh
111] a-tá a grás 'ga char 'n-a chrithribh
112] nach cás damh a ndlighthir díom.
- 113] Tig 'n-a luighe ar leic a dalta
114] i ndiaidh Íosa d'éirghe ón uaigh;
115] do chreid Moire a theacht ó thalamh;
116] croidhe ón fheart fhalamh ní uair.
p.94
- 117] Nír fhulaing ar eagla a ghonta
118] grása Dé do dhul i ndíosg;
119] mac na hóighe i gclí gur cuireadh
120] do bhí a hóighe ag cuireadh
Críosd.
- 121] Do chloinn Ádhaimh gidh é as
coimhéad
122] créachta an bhuinnní beag an
tóir
123] is í a pháis do chách bhus conair
124] áth an bháis madh domhain dóibh.
- 125] A fhir nach adaimh a cheana,
126] ceilt an uilc ní headh budh dú
127] féach an corp a-tá 'n-a
thaisibh
128] th'olc an lá do thaisigh tú.
- 129] A hosnaidh re hucht na croiche
130] cneadh a mheic fa móide a nimh;
131] fuair do mhartra is í 'n-a fhochair
132] dí nar dhalta sochair sin.
- 133] Do íoc ar gcuid do chion Eabha
134] oidhre Dé do dhiúl a cíoch;
135] nús a bhuime a-tá 'ga thairmeasg
136] ruinn-ne an lá as aimhleasg a fhíoch.Íoc.
- 137] A Mhíchíl, a mhaoir an Dúilimh,
138] díol mo cheana ná cuir díot;
139] ó taoi ar mo sgáth id sgiath dhaingean
140] is tráth m'fhiach, a aingeal, d'íoc.Íoc.