Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Garbh éirghe iodhan bhrátha
Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh
File Description
Electronic edition compiled and proof-read by Margaret Lantry
Funded by University College Cork. and
Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.
2. Second draft.
Extent of text: 1872 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Irelandhttp://www.ucc.ie/celt (1997) (2008) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402052
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of
academic research and teaching only.
Sources
Manuscript source- Dublin, Royal Irish Academy, MS 1223, 90 (alias D iv 2:
see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
26).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 252, 103 (alias F vi 1:
see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
5).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 502, 35 (alias 23 D 3: see
Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
12).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 9, 1 (alias 24 L 5: see
Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
1).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 255, 293 (alias F ii 3:
see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
6).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 646, 333 (alias 23 B 31:
see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
16).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 125, 174 (alias 23 E 14:
see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
3).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 20, 439 (alias 23 M 30:
see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
1).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 209, 44 (alias 23 N 34:
see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
5).
The edition used in the digital edition- Láimhbheartach Mac Cionnaith, Garbh éirghe iodhan bhrátha in Dioghluim Dána, Ed. Láimhbheartach Mac Cionnaith. , Dublin, Oifig an tSoláthair [Government Publication
Office] (1938) page 8690
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been
retained. Variant readings and editorial annotations have not been
reproduced in this edition. Variants may be entered in a future
edition.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization
The electronic text represents the edited text. Compound words
have not been hyphenated after CELT practice.
Quotation
Quotation marks are allowed stand temporarily.
Hyphenation
The editorial practice of the hard-copy editor has been
retained.
Segmentation
div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are
marked and numbered.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms
for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
The n attribute of each text in this corpus carries a
unique identifying number for the whole text.
The title of the text is held as the first head
element within each text.
div0 is reserved for the
text (whether in one volume or many).
The numbered quatrains provide a canonical reference.
Profile Description
Created: By Donnchadh Mór Ó Dálaigh, an Irish
bardic poet.
Date range: c.12001600.
Use of language
Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.
Revision History
Corpus of Electronic Texts Edition: G402052
Garbh éirghe iodhan bhrátha: Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh
p.86
DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
- 1] Garbh éirghe iodhan bhrátha
2] ní bu hanfadh aontrátha;
3] gach síon mar do róigh reimhe
4] do sgríobh go cóir Cirine.
p.87
- 5] Cirine is cách dá shaighidh
6] fuair a bhfios ag Eabhraighibh;
7] sgéala laoi an Luain re leanmhain
8] fuair an saoi sna seinleabhraibh.
- 9] Do fhágaibh Cirine ag cách
10] cúig lá déag rias an
ndianbhráth
11] plágha troma do thoigheacht
12] tonna trágha ag teachtaireacht.
- 13] A-tá ar an mbráth sonn
slighe
14] nach fríoth go bhfuair Cirine;
15] más fhíor Cirine is ceart soin
16] tearc ar slighei-ne ag seanchoidh.
- 17] Dá fhichid cubat ceart dó
18] fuair Cirine san chéadló
19] go mbí an fhairge ós gach eisgir,
20] is í a hairde innistir.
- 21] Tráighfidh muir ar n-a mhárach
22] go hiongantach ioldánach
23] go ró gach bánuisge a bhun
24] san ló thánuisde ar dtrághadh.
- 25] An treas lá líonfaidh gach áth
26] ar dteacht na maidne i mochthráth
27] go mbí an fhairge 'n-a hionadh
28] gan airde gan íslioghadh.
- 29] Búirfidh gach péisd sa mhuir mhóir
30] an ceathramhadh lá lánchóir
31] nach fidir neach an ní a-dir
32] acht Rí na mBreath, Rí an ríchidh.
- 33] An cúigeadh laithe budh lán
34] d'uisge gach cladh 's gach cabhán;
35] bádhfaidh glasmhuir ruadh gach rinn
36] lasfaidh gach cuan mar choinnill.
- 37] An seiseadh lá budh lán d'fhuil
38] gach ní thiocfas tré thalmhuin;
39] ní bhia craobh ná cora clach
40] gan bhraon fola gá bhfolach.
- 41] An seachtmhadh lálór
d'ainimh
42] budh hé an lá-sain leagfaidhir
43] na clocha arda eagair:
44] anba an fotha foircheadail.
p.88
- 45] An t-ochtmhadh lálór do
dhoirr
46] do-níd na clocha comhroinn
47] do-ní gan chairde agus croid
48] trí cairrge dá gach charraig.
- 49] Troidfidh gach trian rer-oile
50] mar budh clocha ciallaidhe;
51] roithe agus budh teo ná te
52] gleo gach cloiche re chéile.
- 53] An naomhadh lá cian ó ad-chlos
54] géisfidh an talamh tonnghlas,
55] tiocfa fan mbioth torann tréan
56] crioth oram ris an uirsgéal.
- 57] An deachmhadh lá léighthear de
58] muirfidhear cnuic na cruinne
59] gan fhán fan gcruinne gan chéim
60] gan uille acht 'n-a chlár choimhréidh.
- 61] An t-aonmhadh lá déag a-droigh
62] cách a huamhaibh 's a hallaibh
63] 's a mbéal re lár an lá-soin
64] le hár is le uathbhásaibh.
- 65] Tuitfid sin uile d'éag de
66] réaltanna is reanna nimhe
67] tuitim dá gabhlaibh don ghréin
68] go talmhain gcnuicfhinn gcoimhréidh.
- 69] Ní urmhais neach ní do rádh
70] acht bheith ar sraon 's ar seachrán;
71] ge dheach ar aghaidh gach fhir
72] ní labhair neach re naoidhin.
- 73] Sgarfar gach fear re mhnaoi a-muigh,
74] sgarfar gach mac re mháthair,
75] nocha bia dias ar domhan
76] bhias ó Dhia gan dealoghadh.
- 77] Truagh bhar dtoisg ar an dtalmhain,
78] a chlann Ádhaimh éadtarbhaigh;
79] a shluagh déarach an domhain,
80] truagh an féarach fuarobhair.
- 81] An treas lá déagdoirbh an
dáil
82] marbhthar cách uile d'aonláimh;
83] nochan ria duine dearmaid
84] nach bia uile i n-aointreabhlaid.
p.89
- 85] An ceathramhadh lá déag a-droigh
86] comhard airde re n-uaghaibh;
87] ní cheil féar taise nach tig
88] i mbéal gach claise i gcuirid.
- 89] An cúigeadh lá déag don dáil
90] lasfaidh talamh mar theannáil;
91] do ria an mráth ar n-a mhárach
92] ó mbia cách go ciulánach.
- 93] Cuirfidh Dia a dheaghMhac dia Luain
94] do mheasrughadh an mhórshluaigh
95] Luanchar Dé do mheas na marbh;
96] budh é an treas uathmhar athgharbh.
- 97] Do-bhéara Críosdcruaidh an
airc
98] dúin-ne an t-achmhusán orrdhairc;
99] Rí na ndúl a-déara riom
100] a éara dhún tre dhoichioll.
- 101] "Cuin do bhí againn t'éara"
102] cantar uainn tre aithmhéala
103] "duit do-bhéarmaois bú ar sealbha
104] dá bhféaghmaois thú, a
Thighearna."
- 105] "Mé an bocht do bhí san doras
106] i n-íotain 's i n-ocaras
107] gan luagh ar mhír ná ar dhigh dhamh
108] do bhínn is sibh go seasgar.
- 109] "Mé gach fear do bhí go bocht,
110] mé an bhansgál do bhí
tárnocht,
111] mé gach aonbhocht do b'fhíor dáibh
112] do bhiodh taobhnocht gan tógbháil.
- 113] "A lucht rom fheith amhlaidh sain
114] téighidh i dteaghdhais nDiabhail
115] is caithidh mar as cubhaidh
116] an chaithir do cheannchubhair."
- 117] Budh hiomdha ann soin gáir guil
118] ag lucht dealuighthe Diabhail:
119] truagh, is diabhail ghá ndeaghail,
120] nuall an fhiallaigh imneadhaigh.
- 121] Mairg cheannchas a chur san mbeirn
122] i gcathraigh uathmhair Ifeirn;
123] ní cumhaing lucht an lis-sin
124] a bhfuluing d'olc d'innisin.
p.90
- 125] A chur ón gcathair neamhdha
126] mairg thuaras, a Thighearna;
127] mairg sgarthairnár sgarthair sinn
128] ris an gcathraigh n-aird n-aoibhinn.
- 129] A-déara Críosd chongmhas smacht
130] "tigidh do bhrígh na mbeannacht,
131] a dhream-sa nach deachaidh uaim,
132] leam-sa san mbeathaidh mbiothbhuain.
- 133] "Gach aon do fhágaibh a fhleidh
134] im onóir" ar Rí an ríchidh
135] "do-ghéabha teagh n-óil bhus fhearr
136] ar nach róigh feadh nó foircheann."
- 137] Oisgeolaid dhóibh na doirrse
138] aingil gheala ghruadhshoillse;
139] budh feidhm aithne ar an ngréin ngil
140] tar néimh aighthe gach aingil.
- 141] Lánamhna is ógha is feadhbha
142] suidhid suas fan Tighearna
143] 'n-a dtrí naoimhshreathaibh ar nimh
144] ar aoinbheathaidh le hainglibh.
- 145] Máthair Chríosd 'n-a colainn féin
146] ar nimh do chách is coimhléir;
147] do-chíthir i gclí duine
148] Rí an ríchidh 'n-a ríoghshuidhe.
- 149] Soraidh don lucht bhéaras
bás
150] ria n-a gciontaibh don chéadfhás;
151] saoghal don ulc ó nach an
152] baoghal don lucht dá leagar.Garbh.
- 153] Peadar Pápa na Rómha
154] soighid dronga díomhóra
155] cách fa seach do sóigh Peadar
156] mar theach óir gá
oireagar.Garbh.