Corpus of Electronic Texts Edition
Féach do dheireadh, a dhuine (Author: Unknown)

p.81

  1. 1] Féach do dheireadh, a dhuine,
    2] ní fada go bhféachfaidhe;
    3] ní fhuil fúd achd fód beantar,
    4] ní fód súd nach so leaghtar.
  2. 5] Féach ar dheireadh an domhain
    6] féach ar tús mar tángabhair;
    7] gearr go dtair am an fheithmhe,
    8] ní fhoil ann achd imeirche.

  3. p.82

  4. 9] A dhuine dhiombuain eile,
    10] cáit ar ghabh do ghuaillidhe?
    11] do-ní don té as doilghe dhuid
    12] do-roighne cré dod charaid.
  5. 13] Sineadh t'fhoilt bánadh do bheoil
    14] cuimhnigh orra dot aimhdheoin;
    15] cuir 'n-a leith do chosg do chean
    16] an rosg do bheith ag briseadh.
  6. 17] An déad ag dul i mbáine
    18] 's an aghaidh gan iomáille
    19] 's na gruaidhe ag dul i nduibhe
    20] ag cur t'uaille i n-eolchuire.
  7. 21] Caithfidh tú a gcur re chéile
    22] an uaigh is an aisléine;
    23] fuaradh na mball leath ar leath
    24] an t-uabhar ann ba aithreach.
  8. 25] Caithfe imtheacht dá éis sain,
    26] caithfe éirghe dia Domhnaigh,
    27] a thruaigh, dámadh í th'anmhain
    28] smuain ar na trí togharmaibh.
  9. 29] Mairg nach tuigeann mar tá sin,
    30] féach mar támaid 'n-ar dtoirrchim,
    31] féag an cioth i n-ar gcoinne,
    32] rioth ag an éag orainn-ne.
  10. 33] Féachtar libh an lán mara;
    34] nach é am an iomramha?
    35] a-tá dáil an anfaidh ann;
    36] ní faghthair tráigh achd tamall.
  11. 37] Beir ar phort sul thí an tuile
    38] —ní fhóireas gach aonduine;
    39] ná bíod sgáth re n-éigean ort
    40] an tráth bhus éidear t'fhurtocht.
  12. 41] Tiocfa Críost i n-ar gcoinne
    42] 'n-a bhreitheamh cheart chugainn-ne;
    43] ní dhiongna Muire dóigh dhe
    44] guidhe dá chóir ní chuirfe.

    Féach.