Corpus of Electronic Texts Edition
Éisd rem fhaoisidin, a Íosa (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.74

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct?
  1. 1] Éisd rem fhaoisidin, a Íosa;
    2] re n-áireamh is áibhseach liom
    3] mo pheacaidh i gcionn a chéile;
    4] deacair fa a gcionn réidhe riom.
  2. 5] Ó aois leinibh ag lot m'anma
    6] níor anas fós—fada an ruaig;
    7] tug dot óidh, a Dhé, mo dhocracht
    8] gion gur cóir mé d'fhortacht uaid.
  3. 9] Féach oram, a Athair ghrádhaigh;
    10] gabh m'fhaoisidin go mór mion;
    11] a mheic Dé, is deacrach mo leigheas;
    12] peacthach mé cheileas a chion.

  4. p.75

  5. 13] Na seacht bpeacaidh go n-a bpréamhaibh
    14] peacthach dhíom go ndearna siad
    15] —thríd nach fuighinn grás dod ghuidhe—
    16] cuirim i gcás uile iad.
  6. 17] Na hocht gcoire mar an gcéadna,
    18] gé do char sinn saobh an bhreath;
    19] grádh an dá cheathrar im chridhe
    20] do bheanfadh clár nimhe ar neach.
  7. 21] Na deich n-aithneadha is eadh bhrisim;
    22] briseadh saoire is sé mo mhian;
    23] gidh bé ní nach ní dom anam
    24] is é do-ní an chalann chriadh.
  8. 25] Deachmhadh mh'eallaigh agus m'arbha
    26] gidh olc dhíolaim, a Dhé bhí,
    27] lugha an deachmhadh cnú don chrobhuing:
    28] do leanfadh tú oruinn í.
  9. 29] Fuil do bhall agus do bhruinne
    30] ní bhíonn lá nach laoidheann sinn;
    31] a fhir do thuit agus théarnó,
    32] do luit sin gach éanló inn.
  10. 33] Bím ag ithiomrádh m'fhir chumuinn,
    34] rem chomhursain ní caoin bhím;
    35] díol id dhiomdha gion go ndearnadh
    36] iomdha gníomh neamhghlan do-ním.
  11. 37] Brisim aoine i n-aimsir throisgthe,
    38] tréigim trátha ar chomhól chornn;
    39] gidh beag mo lón lá na tagra
    40] mór a-tá re a agra orm.
  12. 41] Ar mh'anmuin—is adhbhar tuirse—
    42] a-tá agaibh madh áil libh
    43] moladh bréige, a Dhé, re a dhíoghuilt,
    44] 's ní hé féige ar síoruilc sin.
  13. 45] Cuid é dom fhaoisidin bheathadh
    46] béal cráibhtheach is croidhe díosg;
    47] budh aithreach liom lá na coinne
    48] a-tá i gcionn a chloinne ag Críosd.
  14. 49] I ndóigh do thrócuire, a Thríonóid,
    50] do thocht oram—olc an chiall—
    51] níor sguireas, a Dhé, dom dhoighníomh,
    52] 's níor chuireas é i roibhríogh riamh.

  15. p.76

  16. 53] Níor iarras m'fhaoisidin oraibh
    54] d'éisdeacht uaim d'éis gach uilc,
    55] a ghein shochair na sé líne,
    56] gur mhothuigh mé críne an chuirp.
  17. 57] Ciontuighim dhuit inn, a Íosa,
    58] agus don óigh ór fhás sibh,
    59] im chiontaibh, a chinn an bheatha;
    60] ná ciontaigh sinn seacha sin.
  18. 61] Absolóid, a Athair neamhdha,
    62] is neamh re a cois chuinghim ort;
    63] do lámh ós mo chionn dá gcuire
    64] budh slán sionn ón uile olc.
  19. 65] A-tá agam d'éis mo chionadh
    66] codladh fada, fachain guil
    67] —a-tá a shliocht mon-uar ar mh'anam—
    68] suan ar th'iocht, a chalann chuil.
  20. 69] Tugas an choiscéim-se chugad;
    70] gidh cóir m'obadh ná hob sinn;
    71] cuimhnigh ar ngaol ó fhuil Ádhaimh;
    72] cuir do thaobh an álaidh inn.
  21. 73] Cuimhnigh an comhaltas mbunaidh
    74] 's an mbráithreas damh, a Dhé bhí,
    75] ó shin dod réir gion go rabha,
    76] is sibh féin dar gcara i gclí.
  22. 77] Tú féin do chum is do chruthuigh
    78] 's do cheannuigh mé—mairg nach tuig;
    79] ná diult mé gidh créad mo cheana,
    80] a Dhé, 's méad mo dheala dhuid.
  23. 81] T'óglaoch dúthchasa ní dhlighe
    82] do dhiultadh, a rí na ríogh;
    83] re neamh a-dearam ar ndúthaigh
    84] ná bean m'fhearann ndúthaigh dhíom.
  24. 85] Do neamh ar dtús táinig mei-se
    86] i measg bréag an bheatha ché;
    87] dlighim súil re naomhbhrugh nimhe,
    88] ní gaolmhar dhúinn slighe acht sé.
  25. 89] Beir leat sinn sa slighe gcéadna
    90] i gcoinne cáich gidh cuin thís;
    91] dom anmain gomadh léim loighe
    92] céim san adhbhaidh roimhe a-rís.

  26. p.77

  27. 93] Anois aithnim an t-iul díreach
    94] —déanamh síth, a Dhé, bhus dleacht
    95] má rugas chéim tharsna thoruibh—
    96] 's nar léir damh-sa an chonair cheart.
  28. 97] Do bhí mé—níor mhaith an creidheamh,
    98] cuid dom fhaoisidin 's eadh é—
    99] gus a-nocht ag cleith mo cheana;
    100] tocht id leith gur mheala mé.
  29. 101] Máthair Íosa go n-a hóghaibh
    102] dom anacal ar fheirg nDé
    103] fearg re a bráthair ná bíodh uirre,
    104] máthair ríogh na cruinne cé.
  30. 105] Míchéal aingeal go n-a ainglibh
    106] m'fhaoisidin go n-éisde siad,
    107] mac Dé go gcuire dar gcabhair;
    108] nár chuire mé im aghaidh iad.
  31. 109] Sdeaphán mairtír go n-a mhuinntir
    110] maith do chaithfinn cur re a ndíol,
    111] níor dhligh mé a martra do dhearmad;
    112] dalta Dé go ndearnad díom.
  32. 113] Go raibh liom do leigheas m'anma
    114] impidhe an dá easbal ndéag;
    115] dá dtoighinn is tráth dá nguidhe
    116] 's do-chluinim cách uile ag éag.
  33. 117] Lá na breithe go mbeid liom-sa
    118] Lúcas Marcus Matha 's Eoin;
    119] uaim-se gémadh ór an almsa
    120] is uaisle a lógh dhamh-sa im dheoidh.
  34. 121] Naoimh agus bannaomha an bheatha
    122] —bheith dá muinntir mór bhus fhiu—
    123] go dteagaid linn i lá bágha
    124] mar tá sinn dá rádha riu.
  35. 125] Córaide dhamh dul id chumann
    126] —a chroch Íosa ainic mé—
    127] nach raibhe liom loise t'fheirge,
    128] a mhionn croise deirge Dé.
  36. 129] Éisdidh re moladh mheic Alpruinn,
    130] éarlamh as oirrdhearca teisd
    131] ní fhéad cách tuireamh a theasda;
    132] ní chuireabh fáth ceasda i gceisd.

    Éisd.