Corpus of Electronic Texts Edition
Éisd rem fhuighlibh, a Athair (Author: Eoghan Mac Craith)
p.73
EOGHAN MAC CRAITH cct.
- 1] Éisd rem fhuighlibh, a Athair,
2] cuir inn tar eol mearachaidh;
3] suil leanas sé an chalann chuil
4] go mbé an t-anam ar th'ionchaibh.
- 5] A Athair an Mheic mhuirnigh,
6] iarraim ort an athchuinghidh
7] mar theagh i n-anáir t'oidhre
8] neamh d'fhagháil dar n-anaim-ne.
- 9] A Athair Críosd cumhdaigh mé,
10] as do láim ná léig sinne,
11] 's a Mheic do-chuaidh tar ar gceann
12] do ghleic i n-uaigh 's i nIfearn.
- 13] Ná léig sinn tar an slighidh,
14] libh-se is éidir m'fhóiridhin;
15] dá n-agra coir 'n-ar gcoinne
16] tagra ní fhoil agoinn-ne.
- 17] Athair Mac is Spiorad Naomh
18] Tríonóid is trí deighphearsain,
19] is creideamh dhóibh mar dhleaghair
20] creideamh dar chóir creideamhain.
- 21] Gach pearsa ar leith 'n-a Dhia dhíbh
22] 's 'n-a rígh ard ós gach
éinrígh
23] triur as lia iul is aithne
24] 's an triur 'n-a Dhia dhearsgnaighthe.
- 25] Is Éindia an t-Athair neamhdha
26] 's an Mac d'fhiodhbhaidh fhíneamhna
27] mór n-ionad
[gap: extent: 4 syllables]
28] 's an Spiorad neartmhar neamhdha.
- 29] Ionann iad d'aois is d'fhoghluim
30] triur fhóireas gach aondoghruinn;
31] ionann iul dóibh a-dearair
32] an triur dan cóir creideamhain.
- 33] Ionnta féin fuaradar sain
34] bheith ó thús 'n-a dtrí tamhnaibh
35] triur as lia ó bhfoighbhthe fios
36] 'n-a Dhia fhoirbhthe gan
fhoilchios.
p.74
- 37] Ní mé do thuill teacht ón tigh
38] ó dtugsad inn ar éigin,
39] achd fearta an té do threoruigh
40] mé ón eachtra aineolaigh.
- 41] Créad as tús ná as deireadh
dháibh
42] ní héidir a fhios d'fhagháil,
43] gidh iad féin a bhfréamha sain,
44] a sgéala go léir dá leantair.
- 45] Sé féin is fréamh don Athair
46] 's don Mhac rí gan fhréamhfhachain;
47] don Spiorad Naomh iad mar-aon,
48] is iad a-raon 'n-a ríoghnaomh.
- 49] Ag so a-mháin maitheas an cheirt
50] trí pearsain aoinDia oirrdheirc
51] an tí ó dtoilltear gach teisd
52] rí ó sloinntear gach saoicheisd.
- 53] Agaill, a ógh, t'oidhre féin;
54] dom breith-se don bhrugh shoiléir
55] ón mbruidhin i mbí an phéisd
56] guidhidh an rí agus ro-éisd.Eisd.