Corpus of Electronic Texts Edition
Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh (Author: Unknown)

p.69

  1. 1] Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh
    2] dá chloinn as coinne bhaoghail;
    3] acht gidh gnáth an ghairm sluaghaidh
    4] fáth uamhain an t-ainm aonaigh.
  2. 5] 'N-a dháil goirfidh a ghaolta
    6] 'n-a bhfoithnibh ar ndáil drúchta
    7] ní hé a shluagh an sluagh séanta
    8] truagh gan chréachta Dé dúnta.

  3. p.70

  4. 9] Dlighthir an dóigh mar shaoiltir;
    10] sirfidh cóir i n-a chréachtaibh
    11] guth faobhrach é gé íocfair
    12] íocfaidh aonghuth Dé a ndéantair.
  5. 13] Cóir Dé mar dhlighthir d'iarraidh
    14] sirfidh ar na sé línibh;
    15] dá leath dhíobh ar n-a dhéanaimh
    16] béaraidh breath ríogh dá- ríribh.
  6. 17] Cuid dá chloinn 'n-a gcloinn ísil
    18] ar mboing re cuid dá gcúisibh
    19] ar léig sé leo ar an lá-sain
    20] ceo ar ghrásaibh Dé do dhúisigh.
  7. 21] An lá-so lá na dála
    22] an tráth-so ní tráth séana;
    23] mar do thuil an tráth nóna
    24] ní tráth córa d'fhuil Éabha.
  8. 25] Tug cuireadh do chloinn Ádhaimh
    26] don chloinn as cuireadh uamhain;
    27] gidh bé crioth i n-a gcéimibh
    28] rioth éinfhir hé as a n-uaghaibh.
  9. 29] Ga mbia dá fheirg re a fhine
    30] ar an leirg bhus lia duine
    31] dar lat nach máthair Moire
    32] bráthair oile mac Muire.
  10. 33] Fearg an athar budh iongnadh
    34] ní fearg athar gan adhbhar;
    35] a mbia do láimh chlé an Choimdheadh
    36] coinnmheadh Dé dháibh a ndamnadh.
  11. 37] Cách ag déachain 'n-a ndeaghaidh
    38] féachain as crádh ó chroidhibh
    39] súil nach bia súil a samhail
    40] súil sgaraidh re Dia as doiligh.
  12. 41] Tiocfa an bráth gidh dál deacair
    42] an tráth nach tráth an fhriotail
    43] a bhfuair mé do sheal shocair
    44] focail Dé ar feadh a bhfriotail.
  13. 45]
    [gap: extent: 3 syllables]
    mar do cuireadh
    46] an ógh mása lé a leanabh
    47] a-muigh ní hé go n-anabh
    48] anadh fuil Dé dá dhearadh.

  14. p.71

  15. 49] An neach diúltar don domhan
    50] as diúltadh go teach dteineadh
    51] truagh dom óigh ós lé a leanabh
    52] dearadh Dé dhóibh fa dheireadh.
  16. 53] Ithir na n-uile dtaradh
    54] mithidh Muire do mholadh
    55] sgoth an túir nó go dtreabhar
    56] treabhadh troch dhúin an domhan.
  17. 57] Ná leanam don uan aosda,
    58] freagram an cuan 's an cósda;
    59] do-bheir sí ar nguidhe a grásda
    60] Muire a dtrásda is í ar n-ósda.
  18. 61] Daghaighne hí agus ughdar
    62] ar gcabhair-ne is í an airdbhean;
    63] go cách uile ar an ardmhagh
    64] margadh gnáth Muire maighdean.
  19. 65]
    [gap: extent: 4 syllables]
    go raibhe
    66] sé 'n-a Dhia agus 'n-a dhuine
    67] fan leic do b'anba an t-oire;
    68] lamba toighe a meic Muire.
  20. 69] Ní gnáth cairde ar a chrithribh;
    70] a grádh ní ar cairde cuirthir
    71] nach bí cás i n-a carthain;
    72] achraidh sí an grás sul ghuidhthir.
  21. 73] Muire ó nach treabhann tharainn
    74] leanam uile go hinnill
    75] ní feas gá cáil don choluinn
    76] gcéin bheas romhuinn tráigh thirim.
  22. 77] An tráth-sa um cheart na colla
    78] a neart ní grásta ganna;
    79] re Dia nach dingneadh cuma
    80] cia an urra acht inghean Anna.
  23. 81] Ar n-iúl gé shéid a shíorlot
    82] ná léig, a shiúr, a shaorshlat,
    83] cur am cheann do chrú a ghléaghlac;
    84] tú an fhréamhshlat as fhearr aonmhac.
  24. 85] A Mhoire tar dom thogbháil,
    86] ó chroidhe glan mo ghroidmhéin
    87] a-nois is am dá eadráin
    88] teagmháil thall red bhois mboigréidh.

  25. p.72

  26. 89] Mo bhreith gá náire as neasa?
    90] do leith do láimhe deise
    91] mé, a Dhé, is-toigh agus tu-sa;
    92] a Dhé an usa a-moigh mei-se?
  27. 93] Má tagrair rinn dá-ríribh
    94] ná hagair inn sa gcánaidh
    95] muna fhuil t'fhearg re a díoghuil
    96] síodhuigh mar leanb fhuil th'álaidh.
  28. 97] Do pháis gidh óg re a haithbhior
    98] ar fód an bháis sul beirthir
    99] níor thuig mé ar chríon dom chrithribh
    100] dlighthir dhíom, a Dhé, deithbhir.
  29. 101] Ní hé m'iúl-sa dá ríribh
    102] gidh bé th'iúl-sa, a Dhé dhúiligh;
    103] ní hiúl glan acht iúl eolaigh;
    104] seolaidh iúl damh a Dhúilimh.
  30. 105] Piana móra i ndíol dlighthe
    106] síol na córa ó nach cuirthe;
    107] truagh an teagh i n-a dtarthaoi,
    108] feadh athlaoi uadh ní fhuighthe.
  31. 109] Tinfidh an bás re beagán
    110] m'ithir ar ar fhás faidfhéar
    111] duille an bheatha ché ar gcadógh
    112] fadódh ceatha hé um aigéan.
  32. 113] Ógh do-bhir gairm an ghrádha;
    114] mó ná sin a snaidhm síodha
    115] gidh mór braithtir a buadha
    116] Caitir chuanna ógh Fhíona.
  33. 117] Dia do thagh naomh go nuaidhcheol
    118] damh i n-a mhaor mar Mhíchéal;
    119] gion go glan mo sgáth sgáthán
    120] gnáthfhál dhamh sgáth a sgíthéan.

    Éan.