Corpus of Electronic Texts Edition
Droichead na bpeacthach páis Dé (Author:	Unknown)
p.66
- 1] Droichead na bpeacthach páis Dé
 2] ród coitchionnis cruaidh
fínné;
 3] dá mbeith Dia ag cuma fa cheart
 4] cia bhus urra re h-imtheacht.
- 5] Síol Ádhaimh ní iomdha dhíobh
 6] nach briseann aithne an airdríogh;
 7] bríogh 'n-a aithneadhaibh ní fhuil
 8] ag síol aithreamhail Ádhaimh.
- 9] Níor fhiú Ádhamh go n-a chloinn
 10] a bhfuair Dia d'íoc an ubhoill
 11] más é an t-ubhall fo-deara
 12] sé d'fhulang a oigheadha.
- 13] Gin gur ísligh a fhearg ruinn
 14] go dtáinig Críosd i gcoluinn
 15] gar a ghaol don uile fhear
 16] don taobh 'n-ar dhuine an Dúileamh.
- 17] Ar cuairt ón gcomhairle móir
 18] táinig Críosd ar cionn tionóil;
 19] tug sidhe a hucht an Athar
 20] 's a lucht tighe ar dtearcachadh.
- 21] Mar tháinig a-nall do nimh
 22] le briathraibh óighe is aingil
 23] do thogaibh ceo don chruinne
 24] eo tobair na trócuire.
p.67
- 25] Iomdha riochd 'n-a ndeachaidh Dia
 26] nar chubhaidh re Mac Maria;
 27] sé saor an droichid dar ndín
 28] saobh an oifig ón Airdrígh.
- 29] Do chuir ciseal fa gach cheann
 30] don droichead ler airg Ifreann;
 31] bia tráth is budh damhna déar;
 32] cia fáth cabhra an dá chiseal.
- 33] A chlochadh an uair do b'áil
 34] Domhnach Páise an Príomhfháidh
 35] gur cheannaigh sé an uile fhear
 36] ní duine an té nach tuigfeadh.
- 37] Na clocha-so mar do chuir
 38] 'n-a gcéidchiseal fan gcrannghail
 39] tug síoth Dé fa ghach dhuine
 40] fríoth é mar nach iarrfuidhe.
- 41] 'N-a chiseal fa cheann eile
 42] do chuir aonchloch d'áiridhe;
 43] do bhí 'n-a luighe fan lia
 44] rí na n-uile 's ar n-aoinDia.
- 45] Ceithre croinn do choisrig Dia
 46] sailghe droichid Mic Mairia;
 47] droichead é 's na sailghe sain
 48] daingne hé ná gach obair.
- 49] I sgéalaibh na gceithre gcrann
 50] iomdha uirsgéal nach ionann;
 51] d'iomad sgéal n-iongnadh orra
 52] do-ghéan mh'ionnramh eatorra.
- 53] Lán do tharthaibh gé tá a-bhus
 54] an crann dar chomhainm Pressus
 55] mó ná soin thall a thoradh
 56] crann gá bhfoil ar bhfuasgoladh.
- 57] Ann sin do sáitheadh an chroch
 58] i ndeachaidh Críosd dar gceannach
 59] tortha uaisle i ngach am air
 60] crann as uaisle don fhiodhbhaidh.
- 61] Móide mo mhuineachadh as
 62] an crann séanta Si-pressus;
 63] do-chím an-ois é ar m'aghaidh
 64] sé fan gcrois 'n-a cholamhuin.
p.68
- 65] An crann tarsna a-tá ar an gcrois
 66] do chiseal failme Pharrthais
 67] tugadh ann leigheas ar locht;
 68] ní crann cheileas a chumhocht.
- 69] Crann uasal re n-abar pailm,
 70] crann na mbuadh is é a fhorainm,
 71] crann gléasda na cruinne an crann,
 72] féasda na n-uile anam.
- 73] Crann na hola an uair do chuir
 74] le síothcháin go síol
Ádhaimh
 75] do mhaith sé a fhíoch 's a fhalaidh
 76] síoth Dé munar dhiúltabhair.
- 77] M'anam ar chomairce an chroinn
 78] do chuir Dia d'íoc an ubhoill;
 79] dul ar a sgáth is díon damh
 80] madh síoth do chách madh cogadh.
- 81] Míorbhuile croinn na croiche
 82] a n-áireamh ní fhéadfuithe;
 83] níor fhéad riamh neach gus a-niogh
 84] a leath nó a dtrian do thuiriomh.
- 85] Na croinn far dhoirt Íosa a fhuil
 86] fa chéad is móide a míorbhuil
 87] dul 'n-a gcaomhthach is díon dhamh
 88] aonchroch dhíobh ar n-a dhéanamh.
- 89] Do chruthuigh gach ní fa nimh
 90] d'fhoghnamh do dhís do dhaoinibh;
 91] mó an obair ar fhear dá
fhuil;
 92] do thogaibh neamh ós
néalluibh.
- 93] Le fiochadh grás agus gaoil,
 94] don Choimdhidh gin gur chomaoin,
 95] do theilg sé a chlár dá chroidhe
 96] do ghrádh na sé sochuidhe.
- 97] Na cóig doirse ór dhoirt
a
fhuil
 98] do cheannach cloinne hÁdhaimh
 99] sleagh 'n-a chígh, cló 'n-a bhonnaibh,
 100] 's a dó dhíbh 'n-a dhearnannaibh.
- 101] Ar sgoltadh a chóig gcroidhe
 102] do dhúisigh Dia a thrócoire;
 103] do chuir sé an chóir 'n-a colladh
 104] is dóigh mé dá mosgoladh.
p.69
- 105] Níor thoguibh an chóir a ceann
 106] Mac Dé nó gur airg Ifreann;
 107] cia as tóir ar fhearaibh dá fhuil?
 108] dleaghair cóir i n-a chréachtaibh.
- 109] Rí na cruinne ad-chuala mé
 110] gur bh'í a dheoch dh'éis a oibre
 111] domblas aoi d'fhagháil mar dhigh;
 112] níor bh'fharáil caoi dá chloisdin.
- 113] Ar sgarthain cáich ré chéile
 114] mór an t-adhbhar aigmhéile
 115] a-tá lá cúirte 'n-ar gcionn
 116] is lá nach fúigfe fuighioll.
- 117] Éaraic páise Mhic Muire
 118] cia ionnmhus re n-íocfuidhe
 119] muna díol créachta do chuirp
 120] is síodh an éachta
orrdhuirc.
- 121] Slighe choitchionn na gcóig sruth
 122] páis Dé droichead na bpeacthach;
 123] droichead hí don uile fhear
 124] go dtí an duine fa dheireadh.
- 125] An droichead a-dubhairt sionn
 126] do chách gidh conair choitchionn
 127] aon do chéad gér chomha bheag
 128] ad-féad dola is an droichead.Droichead.