Corpus of Electronic Texts Edition

Background details and bibliographic information

Droichead na bpeacthach páis Dé

Author: Unknown

File Description

Electronic edition compiled and proof-read by Margaret Lantry

Funded by University College Cork and
Professor Marianne McDonald via the CURIA Project.

2. Second draft.

Extent of text: 1614 words

Publication

CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Ireland—http://www.ucc.ie/celt

(1997) (2010)

Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402044

Availability [RESTRICTED]

Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Sources

    Manuscript sources
  1. Dublin, Trinity College Library, 1340, 53 (alias H. 3. 19; see Abbott and Gwynn, Catalogue of Irish Manuscripts in Trinity College Library (Dublin 1921)).
  2. Brussels, Bibliothèque Royale 20,978-9, dated 1616–1618.
  3. Castlerea (Co. Roscommon), Clonalis House, Book of the O'Conor Don, 1631.
  4. Maynooth, Russell Library, MS B 10, possibly 18th century.
    Secondary literature
  1. Pádraig Ó Macháin (ed), The Book of the O'Conor Don (Dublin: DIAS 2010).
  2. Salvador Ryan, ''No Milkless Cow': The Cross of Christ in Medieval Irish Literature', Studies in Church History 48 (January 2012) 83–106.
    The edition used in the digital edition
  1. Láimhbheartach Mac Cionnaith, Droichead na bpeacthach páis Dé in Dioghluim Dána, Ed. Láimhbheartach Mac Cionnaith. , Dublin, Oifig an tSoláthair [Government Publication Office] (1938) page 66–69

Encoding

Project Description

CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling Declaration

All the editorial text with the corrections of the editor has been retained. Variant readings and editorial annotations have not been reproduced in this edition. Variants may be entered in a future edition.

Editorial Declaration

Correction

Text has been checked, proof-read three times and parsed using NSGMLS.

Normalization

The electronic text represents the edited text. Compound words have not been hyphenated after CELT practice.

Quotation

There are no quotations.

Hyphenation

The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.

Segmentation

div0=the whole text. Metrical lines and quatrains are marked and numbered.

Interpretation

Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.

Canonical References

The n attribute of each text in this corpus carries a unique identifying number for the whole text.

The title of the text is held as the first head element within each text.

div0 is reserved for the text (whether in one volume or many).

The numbered quatrains provide a canonical reference.

Profile Description

Created: By an unknown Irish bardic poet. Date range: c.1200–1600.

Use of language

Language: [GA] The text is in Classical Modern Irish.

Revision History


Corpus of Electronic Texts Edition: G402044

Droichead na bpeacthach páis Dé: Author: Unknown


p.66

  1. 1] Droichead na bpeacthach páis Dé
    2] ród coitchionn—is cruaidh fínné;
    3] dá mbeith Dia ag cuma fa cheart
    4] cia bhus urra re h-imtheacht.
  2. 5] Síol Ádhaimh ní iomdha dhíobh
    6] nach briseann aithne an airdríogh;
    7] bríogh 'n-a aithneadhaibh ní fhuil
    8] ag síol aithreamhail Ádhaimh.
  3. 9] Níor fhiú Ádhamh go n-a chloinn
    10] a bhfuair Dia d'íoc an ubhoill
    11] más é an t-ubhall fo-deara
    12] sé d'fhulang a oigheadha.
  4. 13] Gin gur ísligh a fhearg ruinn
    14] go dtáinig Críosd i gcoluinn
    15] gar a ghaol don uile fhear
    16] don taobh 'n-ar dhuine an Dúileamh.
  5. 17] Ar cuairt ón gcomhairle móir
    18] táinig Críosd ar cionn tionóil;
    19] tug sidhe a hucht an Athar
    20] 's a lucht tighe ar dtearcachadh.
  6. 21] Mar tháinig a-nall do nimh
    22] le briathraibh óighe is aingil
    23] do thogaibh ceo don chruinne
    24] eo tobair na trócuire.

  7. p.67

  8. 25] Iomdha riochd 'n-a ndeachaidh Dia
    26] nar chubhaidh re Mac Maria;
    27] sé saor an droichid dar ndín
    28] saobh an oifig ón Airdrígh.
  9. 29] Do chuir ciseal fa gach cheann
    30] don droichead ler airg Ifreann;
    31] bia tráth is budh damhna déar;
    32] cia fáth cabhra an dá chiseal.
  10. 33] A chlochadh an uair do b'áil
    34] Domhnach Páise an Príomhfháidh
    35] gur cheannaigh sé an uile fhear
    36] ní duine an té nach tuigfeadh.
  11. 37] Na clocha-so mar do chuir
    38] 'n-a gcéidchiseal fan gcrannghail
    39] tug síoth Dé fa ghach dhuine
    40] fríoth é mar nach iarrfuidhe.
  12. 41] 'N-a chiseal fa cheann eile
    42] do chuir aonchloch d'áiridhe;
    43] do bhí 'n-a luighe fan lia
    44] rí na n-uile 's ar n-aoinDia.
  13. 45] Ceithre croinn do choisrig Dia
    46] sailghe droichid Mic Mairia;
    47] droichead é 's na sailghe sain
    48] daingne hé ná gach obair.
  14. 49] I sgéalaibh na gceithre gcrann
    50] iomdha uirsgéal nach ionann;
    51] d'iomad sgéal n-iongnadh orra
    52] do-ghéan mh'ionnramh eatorra.
  15. 53] Lán do tharthaibh gé tá a-bhus
    54] an crann dar chomhainm Pressus
    55] mó ná soin thall a thoradh
    56] crann gá bhfoil ar bhfuasgoladh.
  16. 57] Ann sin do sáitheadh an chroch
    58] i ndeachaidh Críosd dar gceannach
    59] tortha uaisle i ngach am air
    60] crann as uaisle don fhiodhbhaidh.
  17. 61] Móide mo mhuineachadh as
    62] an crann séanta Si-pressus;
    63] do-chím an-ois é ar m'aghaidh
    64] sé fan gcrois 'n-a cholamhuin.

  18. p.68

  19. 65] An crann tarsna a-tá ar an gcrois
    66] do chiseal failme Pharrthais
    67] tugadh ann leigheas ar locht;
    68] ní crann cheileas a chumhocht.
  20. 69] Crann uasal re n-abar pailm,
    70] crann na mbuadh is é a fhorainm,
    71] crann gléasda na cruinne an crann,
    72] féasda na n-uile anam.
  21. 73] Crann na hola an uair do chuir
    74] le síothcháin go síol Ádhaimh
    75] do mhaith sé a fhíoch 's a fhalaidh
    76] síoth Dé munar dhiúltabhair.
  22. 77] M'anam ar chomairce an chroinn
    78] do chuir Dia d'íoc an ubhoill;
    79] dul ar a sgáth is díon damh
    80] madh síoth do chách madh cogadh.
  23. 81] Míorbhuile croinn na croiche
    82] a n-áireamh ní fhéadfuithe;
    83] níor fhéad riamh neach gus a-niogh
    84] a leath nó a dtrian do thuiriomh.
  24. 85] Na croinn far dhoirt Íosa a fhuil
    86] fa chéad is móide a míorbhuil
    87] —dul 'n-a gcaomhthach is díon dhamh—
    88] aonchroch dhíobh ar n-a dhéanamh.
  25. 89] Do chruthuigh gach ní fa nimh
    90] d'fhoghnamh do dhís do dhaoinibh;
    91] mó an obair ar fhear dá fhuil;
    92] do thogaibh neamh ós néalluibh.
  26. 93] Le fiochadh grás agus gaoil,
    94] don Choimdhidh gin gur chomaoin,
    95] do theilg sé a chlár dá chroidhe
    96] do ghrádh na sé sochuidhe.
  27. 97] Na cóig doirse ór dhoirt a fhuil
    98] do cheannach cloinne hÁdhaimh
    99] sleagh 'n-a chígh, cló 'n-a bhonnaibh,
    100] 's a dó dhíbh 'n-a dhearnannaibh.
  28. 101] Ar sgoltadh a chóig gcroidhe
    102] do dhúisigh Dia a thrócoire;
    103] do chuir sé an chóir 'n-a colladh
    104] is dóigh mé dá mosgoladh.

  29. p.69

  30. 105] Níor thoguibh an chóir a ceann
    106] Mac Dé nó gur airg Ifreann;
    107] cia as tóir ar fhearaibh dá fhuil?
    108] dleaghair cóir i n-a chréachtaibh.
  31. 109] Rí na cruinne ad-chuala mé
    110] gur bh'í a dheoch dh'éis a oibre
    111] domblas aoi d'fhagháil mar dhigh;
    112] níor bh'fharáil caoi dá chloisdin.
  32. 113] Ar sgarthain cáich ré chéile
    114] —mór an t-adhbhar aigmhéile—
    115] a-tá lá cúirte 'n-ar gcionn
    116] is lá nach fúigfe fuighioll.
  33. 117] Éaraic páise Mhic Muire
    118] cia ionnmhus re n-íocfuidhe
    119] muna díol créachta do chuirp
    120] is síodh an éachta orrdhuirc.
  34. 121] Slighe choitchionn na gcóig sruth
    122] páis Dé droichead na bpeacthach;
    123] droichead hí don uile fhear
    124] go dtí an duine fa dheireadh.
  35. 125] An droichead a-dubhairt sionn
    126] do chách gidh conair choitchionn
    127] aon do chéad gér chomha bheag
    128] ad-féad dola is an droichead.

    Droichead.