Corpus of Electronic Texts Edition
Do-ní duine dia dá mhaoin (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.64

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Do-ní duine dia dá mhaoin;
    2] ní fhuil ann acht dia díomhaoin
    3] tar Mhac Dé na n-uile fhear;
    4] ní duine an té nach tuigfeadh.
  2. 5] Dia dá mhaoin is mairg do-ní;
    6] cealg im Dhia nír bh'fhiu aoinní;
    7] Mac Dé bhí le hóigh gan fhior
    8] do b'é an rí dar cóir creideamh.
  3. 9] Creideadh gach duine dá dhia féin;
    10] creidim-se d'oidhre an Fhíréin,
    11] Mac Dé dar mháthair Muire
    12] bráthair na sé sochuidhe.
  4. 13] Eagail dóibh dá ndeachaidh so
    14] i n-éadóchas ar Íosa
    15] gach neach daidhbhir dá mbí ar bioth
    16] nó gach rí saidhbhir sáitheach.
  5. 17] Guais don dís a-deirim féin
    18] go mbeid is Íosa aimhréidh,
    19] díol toile don té ghá mbí
    20] 's gidh bé nach oighe aoinní.
  6. 21] Ní háil le neach saidhbhir slán
    22] Mac Dé d'fhaicsin ná d'iomrádh;
    23] Rí na n-uile is na n-ógh ris
    24] is lón do dhuine an daidhbhris.
  7. 25] Muire 's a Mac maille ris
    26] bíd aige i n-íoc a dhaidhbhris;
    27] fearr sin ná saidhbhreas eile
    28] daidhbhreas fhir na haithrighe.
  8. 29] Duine do-gheibh lán a lámh
    30] eagail dó dul ar seachrán;
    31] is í an lámh fhalamh as fhearr
    32] ler bh'ál anadh ó Ifearnn.
  9. 33] Cuid na gcomhursan—cúis trom—
    34] biaidh dá hagra ar an anam;
    35] biaidh an chalann 'n-a crumhaibh
    36] 's an t-anam ag osnadhaigh.

  10. p.65

  11. 37] A-tá an corp dá chur i gcéill
    38] go bhfuil 's an t-anam aimhréidh;
    39] tarla fíoch éigin orra
    40] síoth nach éidir eatorra.
  12. 41] Ná tréig neamh ar ní nach lat;
    42] ní leat féin a bhfuil agat;
    43] bíodh th'aire ar a n-abair sinn;
    44] caidhe agaibh acht aislinn?
  13. 45] Gearr mhaireas mláth na hóige,
    46] ná tréig teach na Tríonóide;
    47] grás Muire ní théid i dtráigh,
    48] ná tréig ar dhuille an domhnáin.
  14. 49] A dhuine chreideas dá chrodh
    50] nó do dhia eile d'adhradh,
    51] ní leat an teagh thall go bráth,
    52] 's ní headh an chlann ná an conách.
  15. 53] Ní leat an t-airgead 's an t-ór,
    54] ní leat an ríghtheach romhór,
    55] ní leat do chéile chubhuidh,
    56] 's ní leat féine a bhfuarobhair.
  16. 57] Tuigthear libh nach libh na ba,
    58] ní libh an t-ionnmhus iomdha,
    59] ní leat 's ní lat an ghraigh,
    60] ní leat an mac ná a mháthair.
  17. 61] Ní leat an baile 'n-a mbí,
    62] ní leat an fonn i bhfuiltí,
    63] ní leat an brat i mbí an corp,
    64] do-chí nach lat an lubhghort.
  18. 65] A fhir shanntaigh ar a shon,
    66] ar thiomsuigh tú san tsaoghal,
    67] ní mó ná an brá lín as libh
    68] no má tá brígh sa bhrait-sin.
  19. 69] Dá mbeinn ag seanmóir mar sin
    70] daoibh go deireadh an domhain
    71] ní fiu an corp a léigir leis,
    72] ní héidir a olc d'aithris.
  20. 73] Seachain mé ar gach olc eile
    74] rem ré, a Mheic na maighdeine;
    75] seachain mo ghnúis ar bhaos ban,
    76] ar chraos, ar dhrúis do dhéanamh.

  21. p.66

  22. 77] A Mheic Mhuire, seachain sinn
    78] ar theas is ar fhuacht Ifrinn;
    79] seachain mé ar cheilg óm chridhe,
    80] 's rem ré ar fheirg gan aithrighe.
  23. 81] Nír thuill tu-sa—ní tú a- mháin—
    82] grás Dé let óige d'fhagháil;
    83] grás na maighdine sir so
    84] a fhir aingidhe aosdo.

    Do-ní.