Corpus of Electronic Texts Edition
Do briseadh cunnradh ar cách (Author: Unknown)

p.58

  1. 1] Do briseadh cunnradh ar cách,
    2] an cunnradh 'n-a bhriseadh bíoth;
    3] an cor do ceangladh re cách
    4] fáth meanman a dhol do dhíoth.
  2. 5] Ar ndol fa reachd nDiabhail dúinn
    6] ar riaghail tar cheart do-chuaidh;
    7] do rad bean ubhall dá hóidh
    8] ler bhean an chóir
    [gap: extent: 3 syllables]
  3. 9] Do-rinne ar námha rann rinn
    10] crann na cána nó gur chaill;
    11] an uaisle do-chuaidh ó cloinn;
    12] ar mbuain an chroinn fuair-se ar bhfaill.
  4. 13] A éara ní fhuair ón mhnaoi
    14] —ar Éabha dá bhuain do bhí
    15] neimheagla as ar mealladh mé—
    16] sé ar ngealladh deigheagna dí.
  5. 17] Don tuigse ar ar tréigeadh neamh
    18] an céidsheal mar thuig-se toil
    19] —mince as aimhleas dí ná dhamh—
    20] ainbheas do ghabh sí ar a son.
  6. 21] An ghlóir ó do ghrádhaigh súd
    22] fan gcánaidh sul do-chóidh siad
    23] do chealg bean uathaibh tre éad;
    24] tréad gan bhuachail do b'eadh iad.
  7. 25] Bioth 'n-a umhla budh ál leis;
    26] gan a chumhna is nár a-nois
    27] aingeal Dé gé a-dubhradh ris
    28] do bhris sé an cunnradh re a chois.
  8. 29] A-tá fala ar gach droing díbh;
    30] don chloinn nach rabha dá réir
    31] do-bhir an breitheamh bheith cóir
    32] ar bhreith dhóibh nó a bhfeitheamh féin.
  9. 33] Táinig a ghábhadh fa ghnaoi
    34] Ádhamh mar ráinig an rí
    35] is cara ler hagradh é
    36] fala Dé dá n-admhadh hí.

  10. p.59

  11. 37] Abhall na cána gur cheil
    38] 's a námha d'fhulang 'n-a fhail
    39] ionnarbadh dá shíol ó shoin
    40] gach coir díobh d'iomardadh air.
  12. 41] Truagh, a Éabha, is goire ar ngaoil
    42] —séana ar gcoire nír dhual dúinn—
    43] narbh ionann méin deit is dáibh
    44] —méin do na mnáibh reic a rúin.
  13. 45] Ní dhiongnadh díoth budh díoth leis
    46] síoth ar mbiodhbhadh sul do bhris;
    47] oruinn ó do-cháidh 'n-a chrois
    48] toghuim a-nois an fáidh fis.
  14. 49] Do chuir Éabha ór fhás gach teidhm
    50] séala ar bhar gcás—ní cás soirbh;
    51] is tearc nach tánaig fan ngairm
    52] snaidhm rer námhaid mar eacht oirn.
  15. 53] Tualaing gach neach nighe a chean;
    54] dá mbeath ar mo chridhe ag cur
    55] sealbh an anma ó Dhia do dhol
    56] an cor snadhma ní bhia ar bun.
  16. 57] Moch as a n-ucht léigthior leam
    58] —gá dulc—an céidchion im chionn
    59] —a-tá an baoghal gidh eadh ann—
    60] crann is bean ler saoradh sionn.
  17. 61] Is í le chéile is an chroch
    62] is géire do bhí dar mbrath;
    63] liaide duine ag dul 'n-a teach
    64] cor na gcreach ar Muire a-mach.
  18. 65] Grás Dé, gidh radhána a rádh,
    66] sás gabhála na sé slógh
    67] do hinnleadh le rígh na ríogh;
    68] díol an lín d'innbhear an ógh.
  19. 69] Bean dá ránaig grás is gnaoi
    70] ní tlás re námhaid do-ní;
    71] ar ionchuibh mná dála Dé
    72] dána don té a-tá ar mo thí.
  20. 73] Le ar dtagra go mbearar buaidh
    74] dleaghar a agra ar an óigh
    75] gur bhuing bean an dúthaigh dhíbh
    76] neamh do budh tír dhúthaigh dhóibh.

  21. p.60

  22. 77] Cia eile budh daingean damh
    78] Muire gar cailleadh an car;
    79] a gealladh ó bhíos n-a bhun
    80] gealladh dol síos ar ar son.
  23. 81] An cunnradh nochar chead daoibh
    82] cungnamh gur chead dá bhar siair
    83] cor le a cairdibh ins an gcóir
    84] cóir don mhaighdin dol 'n-a dhiaidh.
  24. 85] Ar gceangal dá bhféaghthaoi faoi
    86] a-déarthaoi gur mealladh mé;
    87] do tréigeadh san fhosadh hí
    88] crosadh sí más éidear é.
  25. 89] Fuair eidhreacht tre ghníomh a ghaoil
    90] do dhíol ar seinshliocht re ar siair;
    91] gach sochar dá ndingne dhóibh
    92] cóir d'inmhe dochar 'n-a dhiaidh.
  26. 93] An chóir dá mháthair do mharbh
    94] mo bhráthair nó gur fhóir orm;
    95] an uair fa rugadh lé an leanbh
    96] tugadh sealbh Uain Dé 'n-a dorn.
  27. 97] Gar dá chéile ar bhfuil 's ar bhfeoil
    98] ní uil ar gcréi-ne acht dá criaidh;
    99] maith ar gceart ar Moire mhóir
    100] gidh tearc cóir duine 'n-a dhiaidh.
  28. 101] Fuair nós ar a humhla ón fhior
    102] is le humhla ar dtós do threabh;
    103] Moire gin gur thruaill a tol
    104] ní har a gloine fhuair fhear.
  29. 105] Le ar siair chridhe is dolta dhúnn
    106] slighe na bochta ar a mbíodh;
    107] do ghabh reamhaibh—ní réim chlaon;
    108] leanaidh a chaor féin an fíon.
  30. 109] Monadh olc do budh olc lé;
    110] i dtalamh gidh bocht do bhaoi
    111] tug gach maith fa dheireadh dhí;
    112] deighfhear do-ní maith don mhnaoi.
  31. 113] Do-chóidh an fhala ar a hais;
    114] a ghlóir nocha rabha ris
    115] go rug an leanbh céim san chrois;
    116] réidh a-nois an bhearn do bhris.

  32. p.61

  33. 117] Ó fríoth lat créachta an chló
    118] créachta nach fríoth le mac mná
    119] nír fhás go héag ceo ar do chlú,
    120] a chnú bheo don tréad dá dtá.

    Do briseadh.