Corpus of Electronic Texts Edition
Dlighe, a dhuine, déanamh lóin (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.53
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Dlighe, a dhuine, déanamh lóin;
2] éirghe amach go Sliabh Si-óin
3] ort, a thruaighgá deacra dál?
4] smuain ar t'eachtra gan iompádh.
- 5] Eachtra bhaoghlach bhíos roithinn
6] leat ní háil a hoirichill;
7] do b'fhearr an chiall ceangal lóin
8] 's do ghealladh go Sliabh Si-óin.
- 9] Dá lón as fhearr dot aithghin
10] d'fhios an aonaigh anaithnidh
11] an abhlonn rod chuir i gcéim
12] 's a hannlonn d'fhuil an fhíréin.
- 13] Beir mar lón go Mac Muire
14] déirc is aoine is urnuighe,
15] ó nach fuil aitheachtra ort,
16] 's na haitheanta tre umhlocht.
p.54
- 17] Beir fós soillse leat mar lón;
18] eadrod agus Sliabh Si-óin
19] is iomdha gleann doirche dubh
20] agus beann fhoirbhthe uathmhar.
- 21] Ag toigheacht gus an tulaigh
22] glóir an tighe thuas-amhain
23] go mba hí bhar soillse sin;
24] bí le toirrse dá tuillimh.
- 25] Searc Íosa na n-áladh dtinn
26] go mba hé th'arm 'n-a n-oirchill;
27] lucht do dhiomdha ar gach rian róibh
28] is iomdha go Sliabh Si-óin.
- 29] Do lucht éinleabtha is iad soin
30] na peacaidh go n-a bpréamhaibh;
31] gér libh iad gus an am-so
32] ná bir iad don aonach-so.
- 33] Go comhdhál na gceasd ndeacair
34] ná beir leat fiú an éinpheacaidh;
35] do ghuais ríogh an tighe thuas
36] bíodh do chridhe led choguas.
- 37] Lúisifear an lá do-chuaidh
38] go teaghdhais Ifirnn adhfhuair
39] gé fuair go daor a dheacar
40] smuain nar fhaomh acht éinpheacadh.
- 41] Ní mó do aontuigh Éabha
42] acht éinpheacadh uaithmhéala
43] laithe a díoghbhóidh druim tar ais
44] as ar choill príomhghlóir Parrthais.
- 45] Ré cúig n-aimseardál
deacair
46] do-chuaidh ar aoi an éinpheacaidh
47] lucht na cruinnegér chreach throm
48] fa seach uile go hIofronn.
- 49] Mór an ghuais iomad na n-olc;
50] a-táid uile tre éanlocht
51] aingle an uabhairgidh dáil doirbh
52] i láimh i n-uamhaidh Iofoirn.
- 53] Mé dá dhíol a-niodh go nua
54] mar sin bhias m'ua agus m'iarmhua
55] mairg gaollucht dan séala sain
56] aonlocht Éabha agus Ádhaimh.
p.55
- 57] Do-ním tráth iomarcaidh olc,
58] níor shmuain m'athair acht aonlocht;
59] d'fhuil Ádhaimh inn is gidh eadh
60] do sháraigh sinn ar sinnsear.
- 61] Dá nglanainn go hannamh inn
62] do bhiadh an t-aithcheo ar m'intinn;
63] ní ghabhaim fo-ríor robhadh
64] díom ní fhaghaim mh'urdhobhadh.
- 65] Mó th'annsa iná an uile olc,
66] mó do ghrádh iná ar nguasocht;
67] acht gé tá cló tred chroidhe
68] dá mhó trá do thrócaire.
- 69] Fóir ar ghuais sinne mar soin;
70] feacht n-aon i bhfoithribh fásaigh
71] iolar slóigh, a chnú chroidhe,
72] do fhóir tú led thrócoire.
- 73] Do-chuadhais feacht ar fásach
74] i measg fhoithreadh n-uathbhásach
75] a rathal do bhí id bhallaibh
76] ar tí t'athar d'agallaimh.
- 77] San uaigneas soin iar ndul duid
78] cúig mhíle ó a dtighthibh teagaid
79] dá sgrios ó gach uile olc
80] dot fhios uile tre umhlocht.
- 81] Do-rónais tre dhúthracht ndil
82] seanmóir bhúidh breithre an Dúilimh
83] dod lucht gaoil d'aithle a n-eachtra
84] dhaoibh iar n-aithne a n-imtheachta.
- 85] Do na míltibh trá tre thal
86] gé thug sibh sásadh briathar
87] i gceann gach neith níor lór libh
88] gan lón do bheith fa a mbruinnibh.
- 89] Fuarais ag duine san dáil
90] dá iasg chorcra is cúig aráin,
91] an phroinn-se do phlúr shéanta
92] níor thúr toirrse a taisbéanta.
- 93] An tan-sain gá dtámaid ris
94] i gcóirchuibhreann do chuiris
95] taobh re taobh uille ar uille
96] an cuire naomh neamdhuidhe.
p.56
- 97] Na cúig aráin is dá iasg
98] leathnuighid feadh na bhfinnriasg
99] i ndeoidh cháigh re chais
teagar
100] tre bhais cháidh dá gcoisreagadh.
- 101] Le beagán do shásadh shéimh
102] tugais a ndaoithin dóibh-séin,
103] a chara ar ar chlaon an bioth,
104] 's ní rabha aon gan fhuighlioch.
- 105] Na sácramainte is sí an phroinn,
106] an chruinne an t-uaigneas áluinn;
107] uch, is rathruagh sinn mar sain,
108] is inn athshluagh an fhásaigh.
- 109] Cúig mhíle do mhuin toile
110] do shás tú led thrócaire;
111] beithte ar tí ar sásaidh mar sin
112] led ghrásaibh, a rí an ríchidh.
- 113] An tí thug san fhásach uaidh
114] an sásadh cumhra an chéaduair
115] urra ar sásaidh-ne is sé sin
116] mo ghrásoidhre Dé Dhúiligh.
- 117] Ní do phroinn talmhuidhe tám;
118] cuir, a Thríonóid, le teasghrádh
119] teachta ar mo cheann dá roinn rum
120] an phroinn bhus fhearr dom anam.
- 121] Proinn na n-anmann is sí soin,
122] mar deir an chanóin chubhoidh,
123] a chorp do chaitheamh dá chloinn
124] maitheamh ar n-olc san abhloinn.
- 125] A fhagháil níor bh'fhiú sinne
126] corp flatha na fírinne
127] do-ghéabha mé maitheamh m'olc
128] dá gcaithear é tre annsocht.
- 129] Muna raibh an annsa ann
130] Rí nimhe na sé saorchlann
131] budh nimh a chorp do chaitheamh;
132] ag sin an t-olc íocfaithear.
- 133] Gé chaithim a chorp míolla
134] i ndeoidh dhéanta doighníomha,
135] rí nar chomhuill dá chraidhe
136] oruinn go dtí a thrócaire!
p.57
- 137] Ní cás damh-sa cur chuige
138] má tú ag iarraidh fochraige;
139] mó a thoradh grás iná a ghoimh
140] tamhan do fhás gan fhachain.
- 141] Ní hé Críosd do dhiúltfadh
dhamh,
142] mé féin trá tá dom
dhiúltadh;
143] do mhaith folta a ghlac ngonta
144] mac ochta na humhlochta.
- 145] Grás maithmheach as mhaith
sochair
146] Sbiorad naomh is naomhAthair
147] Mac do ionghuir an uile
148] slat d'fhiodhbhaidh na hionmhuine.
- 149] Flaith tá agus bhias is do bhaoi,
150] grian órdha dheiridh dheaghlaoi,
151] bas do nigh an uile fhear,
152] duine dil agus Dúileamh.
- 153] Do éirigh ón lia luighe
154] ní bás acht bás
síordhuidhe;
155] do bhí dá áis crann 'n-a churp
156] iar bpáis níor chall a chumhacht.
- 157] Tar mo cheann do-chuaidh dá ghoin
158] dhó ní dhiongnuinn a urdail
159] gidh ionann fuil dúinn is dó
160] do luigh san úir is do iompó.
- 161] An rí rom bhean a báthadh
162] do-chuaidh tre chlí a naomhmáthar
163] an crann do-chuaidh 'n-a chroidhe
164] barr uaidh ar a heolchuire.
- 165] Níor throma dhó iná dhi-se
166] an líog chomhthrom chloichei-se;
167] do bhí an oil ar muin Mhuire
168] far loigh tuir na trócaire.
- 169] Maith an fiach fuair i n-a crádh;
170] a-tá ar neamh na naoi naomhghrádh
171] a hiomdhadh mar as dual di;
172] tuar a diomdhadh ní dhlíghe.Dlighe.
- 173] Fuair flaitheas síor ar a son
174] na déara do dhoirt Peadar;
175] do chomhshnoidh cruaidh a chridhe
176] tromghoin an uain ainglidhe.Dlighe.