Corpus of Electronic Texts Edition
Dia do bheatha, a Mhoire mhór (Author: Aonghus Fionn Ó Dálaigh)
p.51
AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH cct.
- 1] Dia do bheatha, a Mhoire mhór,
2] a bheatha as ghloine ná an ghrian;
3] Dia do bheatha, a shúlmhall shaor,
4] a chraobh bheatha, a úrbharr fhiar.
- 5] Dia do bheatha, a bhuime an ríogh
6] im sheasamh im shuidhe im shuan;
7] Dia do bheatha, a fhabhra úr,
8] a rún m'anma, a bheatha bhuan.
p.52
- 9] Dia do bheatha, a fholt mar ór,
10] Dia do bheatha, a bhos mar aol,
11] Dia do bheatha, a bhláth na n-ógh,
12] Dia beatha a lón gnáth dod
ghaol.
- 13] Dia do bheatha, a ghruadh mar ghréin,
14] do bhuadh ní measda do mhnáibh;
15] slighe m'anma is déanta id dheoigh,
16] a réalta eoil chabhra cáigh.
- 17] Dia do bheatha, a bhéal mar rós,
18] Dia do bheatha, a ghéag na ngrás,
19] Dia do bheatha, a chraobh go gcnuas,
20] dod ghaol suas beatha gan bhás.
- 21] Dia do bheatha, a mhálla mhín,
22] a ré lán le mbearar buaidh;
23] Dia do bheatha i n-am an eoil,
24] a chrann seoil an bheatha bhuain.
- 25] Dia do bheatha a dhéidgheal dhonn,
26] éinbhean ní curtha ós do chionn
27] ar chombáigh do mhongshúl mall
28] fa bharr thromúr fholláin
fhionn.
- 29] Dia do bheatha, a bhruinneall shaor
30] ler tuilleadh beatha gan bhiadh,
31] a ghnúis ródbhán chneisgheal chaomh
32] a dheisbhean shaor ógnár fhial.
- 33] Fáilte uaim dod mhalaigh mhín
34] rer samhail snátha seang sróill,
35] nó taoibh ruainne chíordhuibh chaoil
36] far sgaoil buaile d'íornaibh óir.
- 37] Fáilte uaim dod mhongshúil mhoill,
38] 's dod ghruaidh dhonnúir fháiltigh fhinn,
39] 's dod chéibh ghníomharthaigh thais thruim,
40] 's dod bhais gcuirr síodhshochruidh slim.
- 41] Fáilte uaim dod bhrághaid bháin
42] ránaig buaidh fháilte gach aoin
43] 's dod shúil ghlais fhorfháiltigh fhéil
44] 's dod bhais réidh chorrfháintigh chaoin.
- 45] Fáilte uaim dod mhalaigh mhín,
46] do chruth t'aighthe 's dot ucht shéimh,
47] dod throighidh slaitleabhair saoir
48] dtaitneamhaigh gcaoimh roighil réidh.
p.53
- 49] Fáilte romhat id mháthair mheic
50] fáilte ón dá chás as cóir duit
51] sibh it óigh ar meas do mheic;
52] cóir a reic red chneas mar chuip.
- 53] Tú an fhíorógh gan righe riot,
54] an Tríonóid ar lighe leat
55] tú ar ndaingean ar ghuin a ghlac;
56] aingeal ód mhac ruibh do reac.
- 57] Tú urra cobhartha cáigh;
58] do rodhaltais curtha i gcéill,
59] is tú an chraobh do fhás dar n-úir
60] do ghrás dúinn i n-a raon réidh.
- 61] Is tú glainghrian nimhe a-nú,
62] tú an bhainliaigh gan righe ria,
63] iomdha ní le a gcuire a chlú,
64] tú do-ní duine do Dhia.Dia do.