Corpus of Electronic Texts Edition
Dia do bheatha-sa, a Mhuire (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.51

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Dia do bheatha-sa, a Mhuire;
    2] fada tá do tharngaire
    3] tú do thocht dar mbéin a braid
    4] san bhféil a-nocht im Nodlaig.
  2. 5] Oidhche Nodlag naomhtha an ghein
    6] do rugadhtú a rí an ríchidh,
    7] a rí an bheatha as Dia damh-sa;
    8] dia beatha mo bhráthar-sa.
  3. 9] Dia beatha mic do mháthar
    10] fhóireas cách ón gcrónbhátadh;
    11] rí an bheatha go mbí ar do thoil
    12] dia a bheatha i gclí dar gcabhair.
  4. 13] Dia do bheatha ós dá reic ruibh
    14] i ngeall red bhreith do bhábhair
    15] id dhia, id dhuine, a chnú cridhe,
    16] i mbrú Muire Maighdine.
  5. 17] Dia a bheatha i mBeithil bhreith
    18] do rug ar n-omhain d'aoinleith,
    19] do-ní díon gach duine dhí;
    20] ar Mhuire bíodh a bhuidhe.

    Dia.