Corpus of Electronic Texts Edition
Dia do bheatha-sa, a Mhuire (Author: Giolla Brighde Ó hEoghusa)

p.50

GIOLLA BRIGHDE Ó hEOGHUSA cct.
  1. 1] Dia do bheatha-sa, a Mhuire,
    2] a thuile lán do ghrásaibh,
    3] a-tá an tighearna it fhochair,
    4] a ghein shochair clann nÁdhaimh.
  2. 5] Beannuighthe tu-sa tharsa
    6] daghmhná na talmhan uile
    7] 's is beannuighthe an ghein ríodha
    8] Íosa toradh do bhruinne.
  3. 9] A naommáthair Dé, a Mhuire,
    10] a bhuime mar an gcéadna,
    11] guidh orainn-ne na peacaigh
    12] 'n-ar mbeathaidh 's i n-am éaga.

    Amen.