Corpus of Electronic Texts Edition
Déanadh go subhach síol Ádhaimh! (Author: Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha)

p.47

TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct.
  1. 1] Déanadh go subhach síol Ádhaimh!
    2] san oidhche a-réir rug ar siur
    3] mac ler beanadh dhínn ar ndoirche,
    4] leanabh cígh ó n-oighthe an t-iul.
  2. 5] Tógbhaim-ne an la-so lá Nodlag,
    6] nuachlann Éabha ó mhór go mion,
    7] ar gcroidhe suas le méid meanma
    8] don ghéig go gcnuas neamhdha a-niogh.
  3. 9] Oircheas daoibh déanamh go subhach;
    10] suairc an toradh tháinig dínn,
    11] leanbh aobhdha do fhóir ar ndoghruing
    12] ó óigh mhaordha mhongdhuinn mhín.
  4. 13] Inneosad daoibh madh áil éisdeacht
    14] iomthús beirthe deighmhic Dé;
    15] ní coiscéim ná léim tar líne
    16] achd réim soisgéil fhíre é.
  5. 17] Do bhí an uair-sin—is é a thosach—
    18] troimchíos Séasair ar sliochd fhíor
    19] dá dhíol ag gach aon don uile;
    20] ní saor do bhíodh duine dhíobh.
  6. 21] D'íoc an chíosa i gcathair Dáibhí
    22] —diadha an turas—tháinig sí,
    23] Muire ógh is í re n-iodhnaibh;
    24] ógh do bhí gan iomdhaidh í.
  7. 25] Fuair Io-seph ar súr na cathrach
    26] ar chionn oidhche dá hucht slim
    27] áit i dtigh éandaimh is asail
    28] don réadlain ghil fhasaidh fhinn.
  8. 29] Beiris Muire ar meadhón oidhche
    30] d'éis a haisdir éanmhac Dé
    31] gé do bhí uathadh fan aim-sin
    32] uathadh ní nar fhaillsigh é.
  9. 33] Tug an damh trá tug an t- asal
    34] aithne ar an rígh rugadh ann
    35] ó chuaird bhúidh thaidhligh an tighe
    36] ag ainglibh múir nimhe a-nall.

  10. p.48

  11. 37] Tug an talamh, tug an t-ai-éar
    38] aithne i n-éinfheachd ar Uan Dé;
    39] tearc, gé do bhí i n-adhbhaidh fhalaimh,
    40] ní ar talmhain nar adhair é.
  12. 41] Do fhoillsigh an réalta ríoghdha
    42] do na ríoghaibh ón rann thoir
    43] an chéim-se fa céim saortha
    44]
    [gap: extent: 3 syllables]
    céim naomhtha a-noir.
  13. 45] Lucht coimhéada cruidh na cathrach
    46] do-chíd-sean chuice i gcruth neoil
    47] an ainnear i n-uair a thuismhidh
    48] sluaigh aingeal go gcuislibh ceoil.
  14. 49] Do bhí an néal-sain 'n-a néal sholuis
    50] —níor shoillse gné iná a ghné sin—
    51] oidhche neamhdhubh dhóibh go ndearna
    52] dealramh an tslóigh neamhdha ó nimh.
  15. 53] Labhrais riu neach as an néal-sain
    54] dar nocht an sgéal nar sgéal rúin;
    55] ar chan a ghnúis neamhdha ó néallaibh
    56] cúis meanma do dhéanamh dhúinn.
  16. 57] "Ná bíodh sgáth ná uamhan oraibh"
    58] ar an t-aingeal d'aitheasg chaoin
    59] "do-bhéar don labhradh dá leanaim
    60] sgéal bhus adhbhar deaghfhuinn daoibh.
  17. 61] "Rugadh slánuightheoir sluaigh domhain
    62] dhaoibh a-niodh mar naoidhin mbig
    63] i gcathair Dái-bhíoth—dáil oircheas;
    64] láinshíoth cháigh don toircheas thig."
  18. 65] An mac rugadh do ráidh sei-sean
    66] ós é Críosd ní cóir a chleith,
    67] fear feithmhe gach aoin don uile
    68] beirthe dhaoibh a bhuidhe a bhreith.
  19. 69] Canuid na haingil an uair-sin
    70] aointiuin cheoil nach cuala cluas
    71] samhail a bhfuinn sin ná a slighe
    72] ag druing ó thigh nimhe a-nuas.
  20. 73] "Glóir do Dhia is dá dhiongnaibh arda"
    74] do b'é labhra lucht an neoil
    75] "síodh do lucht daghthaile an domhain"
    76] lucht athlaimhe ar choraibh ceoil.

  21. p.49

  22. 77] Mar sin do fhoillsigh an t-aingeal
    78] ar uair a bheirthe breith Dé;
    79] teacht don bhláth neamhdha mar naoidhin
    80] fáth meanma gach aoinfhir é.
  23. 81] Adhbhar meanman an mac ruig-se
    82] ó fhréimh Ádhaimh d'íoc ar gcion
    83] gein sin do chothuigh an chruinne
    84] gein shochair don uile fhior.
  24. 85] Táirtheamar do thaobh an toirchis
    86] a-tá ó rug ní ré as sia
    87] gnáthaidh aga ghairm a ghuidhe
    88] bráthair mar ainm duine ar Dhia.
  25. 89] Táirtheamar don toircheas chéadna,
    90] a chlann Ádhaimh—ard an cion—
    91] rí dín is fear dar bhfine
    92] 'n-a rígh ar teagh nimhe a-niodh.
  26. 93] Táirtheamar do thaoibh an leinibh;
    94] i ló a bheirthei-sean—báidh linn;
    95] do leanbh mar é is obar chéillidh—
    96] cogadh Dé do réidhigh rinn.
  27. 97] Táirtheamar fós—is fáth meanma—
    98] don mhac chéadna ar gcrann ós fhiodh;
    99] an dún ór fosdadh ar bhfine
    100] do hosgladh múr nimhe a-niodh.
  28. 101] Táirtheamar de do dhruim toirbhirt;
    102] tugsad aingil—ard an bhríogh—
    103] ar bhfás d'fhiodh chumhra na cruinne
    104] umhla a-niodh do dhuine dhíonn.
  29. 105] Táirtheamar de i ndiaidh ar seachráin,
    106] sliocht Éabha na n-ainchion dtrom;
    107] do mhún dá gach aon dá fhine
    108] an raon go múr nimhe a-nonn.
  30. 109] Gá dú, ní fhéadfainn a n- áireamh
    110] iomad na dtoirbheart thug dúinn
    111] an mac do shás ógh an uair-se
    112] pór na ngrás do b'uaisle úir.
  31. 113] Má do-chíthei-se, a chlann Ádhaimh,
    114] gurbh adhbhar meanma a maoidh mé
    115] lúdh i ngach éantoigh rer n-aoighidh
    116] déantair do rún aonfhir é.

  32. p.50

  33. 117] I ló a bheirthe bíom go faoilidh,
    118] féasda 'n-a ainm dealbhthar dhúinn,
    119] bíodh gabháil uainn ris gach n-aoighidh
    120] d'anáir dá ghruaidh fhaoilidh úir.
  34. 121] Canam molta don mhac oirrdhearc
    122] éisdeam briathra beoil an ríogh;
    123] oircheas dúnn mun am-sa uile
    124] rún almsa ag gach duine dhíonn.
  35. 125] Ní craos ní huabhar ní himirt
    126] ní huaill meanman mholaim libh;
    127] beanaidh an chéill 's fhearr as m'fhuighlibh
    128] más dream go méin suilbhir sibh.
  36. 129] Caitheam san chruth-sa—cás molta—
    130] maith dhiombuan an domhain ché
    131] do shúil re hanáir nach athraigh
    132] d'fhagháil dúinn i ndaghthaigh Dé.

    Déanadh.