Corpus of Electronic Texts Edition
Cúig cáis as mhó le Moire (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.46

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Cúig cáis as mhó le Moire
    2] dar fhuiling rí an ríoghthoighe
    3] tiocfa tráth as tuar toirse
    4] gidh fuar cách sna cásaibh-se.
  2. 5] Fios báis a haoinmhic don óigh
    6] mar thair tarngaire Simóin
    7] fiu a dhoilghe do bhí fan mbás;
    8] ní ní gan chuimhne an chéadchás.
  3. 9] An dara cás cruaidh an sdair
    10] sé ar seachrán re trí tráthaibh
    11] mar mhnaoi bhuile do bhí sain
    12] Muire agus í dá iarraidh.
  4. 13] An treas cás do imthigh air
    14] a fhios mar fhuair a mháthair
    15] gné do athruigh dá haghaidh
    16] gabhthair é le hÍobhalaibh.
  5. 17] Ar bhfaicsin Críost i gcruth bháis,
    18] a ógh, ba adhbhar uathbháis
    19] t'oidhre dod chomhair san chrann
    20] go ngonaibh doimhne dearnann.
  6. 21] An ceathramhadh cás 's é sain
    22] shaorfas mé ar phéin an pheacaidh
    23] tre n-a croidhe do-chuaidh sin
    24] Muire san uaigh dá fhaicsin.
  7. 25] Go raibh Muire uair m'éigne
    26] ort, a Chríost, dar gcoimhéid-ne
    27] 's na cúig cáis ag labhra leam
    28] 's gach páis dá dtarla id thimcheall.
  8. 29] An ga do cuireadh id chíogh
    30] le ceilg, a oidhre an airdríogh,
    31] cuir led ghrásaibh leis an nga
    32] luibh leis na cásaibh céadna.

    Cúig.