Corpus of Electronic Texts Edition
Creidim duit, a abhlann uasal (Author: Unknown)

p.41

  1. 1] Creidim duit, a abhlann uasal,
    2] far snadhmadh ar saoradh,
    3] it fhuil it fheoil id dhiadhacht,
    4] duid fá dheoigh 's dod dhaonnacht.
  2. 5] Creidim mar chreideas an eaglas,
    6] ó nach creideamh cumhang
    7] creideamh mar as cóir do chaitheamh,
    8] cóir creideamh do chumhacht.

  3. p.42

  4. 9] Creidim mar Dhia dhuit im intinn,
    10] mo chiall is duit dhearbhaim,
    11] creidim thú it fhíon is it abhlainn,
    12] is tú as Críost i gcearchaill.
  5. 13] Creidim thú, a aráin gan ainimh,
    14] a chabháin gach chreidimh,
    15] gabhaim thú mar bhiadh mar bheathaidh,
    16] is tú Dia go deimhin.
  6. 17] Creidim deit i n-ainm an Athar
    18] 's i n-ainm an Mheic moltar;
    19] creidim thú, a Sbiorad naomh neartmhar,
    20] do shaor iomad m'fholadh.
  7. 21] Creidim, a urradh gach aoncháis,
    22] gurab tusa an Tríonóid;
    23] creidim duit, a Choimdhe chéillréidh,
    24] it oidhre 'gun fhíoróigh.
  8. 25] Do bhrath go deimhin dia Céadaoin
    26] creidim is ciall iulcháir
    27] ar ndéanamh ghlóir mheabhlaigh mhaothchruaidh
    28] le póig fhealltaigh Iudáis.
  9. 29] Creidim dia Dar-daoin do ghabháil
    30] ciall gach aoin ní hainchéim;
    31] bíodh nach dingneam creideamh comhchóir
    32] ní cheileam do chaithréim.
  10. 33] Is ar fríoth gan amhras uaibh- se
    34] do dhochar dia hAoine;
    35] creidim do pheannaid do pháise
    36] dá deacair 's dá daoirse.
  11. 37] Creidim tú, a Choimdhe, do crochad,
    38] gidh tuar toirse a chreideamh;
    39] creidim tú re clár do cheangal
    40] má tá nach tú thuilleas.
  12. 41] Creidim dula san chroic chéasta
    42] duit ar son ar saortha;
    43] creidim tú tar ais it Íosa,
    44] a fhlaith na ndúl ndaonna.
  13. 45] Creidim do chor fa lia lánmhór,
    46] glas ar nach bia béalrún;
    47] gan chead dod lucht fhaire fhraochlán
    48] 's do dhul aisde ar éalúdh.

  14. p.43

  15. 49] Creidim dot éirghe dia Domhnaigh
    50] ní ciall déanamh dearmaid
    51] go bhfríoth leat le buain dod bhiodhbhaidh
    52] creach as cruaidh do cheannchais.
  16. 53] Ar deis t'athar suas go seolta
    54] le cruas ghasda gníomha
    55] creidim breith creiche na Cásga
    56] deit, a eidhre, a Íosa.
  17. 57] Creidim duit ní freagra faille
    58] do theacht, a mheic Muire,
    59] a-nuas a-rís do bhreith bhreithe;
    60] ag sein chrích an chluiche.
  18. 61] Caitir-íona liom ag labhairt
    62] ar fheirg Íosa d'fheithimh
    63] lá na breithe 'gun óigh iodhain
    64] dod threise is cóir creidimh.

    Creidim.