Corpus of Electronic Texts Edition
Cionnus dhíolfad mo luach leighis? (Author: Aonghus Fionn Ó Dálaigh)
p.40
AONGHUS FIONN Ó DÁLAIG cct.
- 1] Cionnus dhíolfad mo luach leighis?
2] an liaigh neamhdha is é rom fhóir;
3] rachaidh sinn do dhíon ar ndocra
4] dá dhíol do rinn molta mhóir.
- 5] Tuilleadh ré dá ndáile dhamh-sa
6] díoghrais molta as mhó iná so
7] an liaigh neamhdha do-ní ar bhféaghain
8] is í ar meanma a déanaimh dhó.
- 9] Ní d'iarraidh cruidh ná cuach n-
órdha.
10] ní d'iarraidh airgid ná óir,
11] do-ní ar bhfreagrai-ne i ndáil docra
12] fáidh eagnaidhe an mholta mhóir.
- 13] Annsa leis-sean leathrann molta
14] ná maith bhréige an bheatha bhuain;
15] labhra chaoin is croidhe fialchar
16] ní maoin oile iarrthar uaidh.
- 17] Fóir, a liaigh chabhra na cruinne,
18] an corp fuar-sa ar a bhfuil sgís;
19] a shaoi leagha an leighis amhra
20] leighis cneadha m'anma ar-ís.
- 21] A n-imtheacht ní damhna doilghis
22] an déad daithgheal ná an dearc mhall;
23] ní díol uaille an chalann
chneasbhán
24] truaighe an t-anam easlán ann.
- 25] Ós é shire mar luach leighis
26] ní leasg leam-sa cur do chlú;
27] a liaigh mo chridhe as cóir d'adhradh,
28] glóir nimhe is talmhan tú.
p.41
- 29] Tú an Dia gan deireadh gan tosach
30] tú an ceard do chruthuigh gach dúil
31] a rí na n-uile is na n-aingeal
32] do ghuidhe is í as daingean dúinn.
- 33] I mbroinn na hóighe is tú tháinig
34] tú do cheannaigh cách led chrú,
35] tú an taitneamh as sia soilse,
36] Dia ar nach faightear tuirse tú.
- 37] Tú mhínigheas an mhuir anfaidh
38] is arduigheas an mhuir mhín;
39] a liaigh do theilg fhuil an ochta
40] ní fhuil ceird as docra díbh.
- 41] Do-ghéabh óm liaigh luach a mholta
42] mac na hóighe as airde duas
43] dath a dheilbhe ar na gaoibh goile
44] eidhre saoir an toighe thuas.
- 45] Dá dtáir mei-se aonuair eile
46] ón éag chinnte tá ar mo thí
47] bíodh mo bhás is bíodh mo bheatha
48] fa ghrás ríogh an bheatha bhí.
- 49] Beir, a Mhíchíl, mé ar do bhuidhin
50] beag do-ním achd beart bun 's cionn
51] caithfead trá dola ar do dhílse
52] ó tá fola óm
rígh-se riom.Cionn.