Corpus of Electronic Texts Edition
Cia le gcoiseontar m'anam? (Author: Ó Dálaigh Fionn)

p.38

Ó DÁLAIGH FIONN cct?
  1. 1] Cia le gcoiseontar m'anam?
    2] cia éisdfeas rem uraghall?
    3] díon m'anman gá cruaidhe ceisd?
    4] mo thruaighe an t-adhbhar aitheisg.
  2. 5] Eagal damh nach diongna achd cóir
    6] breitheamh ceart Sléibhe Si-óin
    7] lá na coinne an tráth thiocfa
    8] cách 'n-a choinne ar chuideachta.
  3. 9] Ar an sliabh i gcoinne cáich
    10] tiocfa breitheamh laoi an luanbhráith;
    11] breath do-bhéara dhóibh ón dligheadh
    12] mo sgéala as cóir creidfidhear.
  4. 13] Ann do-chífear an chros donn
    14] lá a taobhaidh a-tá romham
    15] ar an luigh cealg ar gcionadh
    16] is fuil dhearg an Dúiliomhan.

  5. p.39

  6. 17] Fóir dia Luain lá na deaghla
    18] d'eagla fheirge an tighearna
    19] ar nguais-ne, a mhaoir na meidhe,
    20] do thaoibh t'uaisle is t'impeidhe.
  7. 21] Go hÍosa an lá do bhí i mbraid
    22] ón Athair is tú thánaig;
    23] an lá do shil crú a chroidhe
    24] a nimh fa tú an teachtaire.
  8. 25] Neamh d'fhagháil fa ní do-ním
    26] ó nach fiu mi-se, a Mhíchíl,
    27] cóir fleadh d'fhagháil it ainm-se
    28] neamh it anáir iarraim-se.
  9. 29] M'anam thuas dá chur i gcion
    30] i nglóir airdríogh na n-aingeal,
    31] faghar thú mar dhuais dána
    32] ó tú i nguais mo ghabhála.
  10. 33] Déin ar síodh a Aingil fhinn
    34] re mac inghine Iaichim;
    35] mo chean tharla i dtréan t'itche
    36] re béal m'anma ar imirce.
  11. 37] Iarrfaidh éiric ann for-íor
    38] oram do mheas mo mhíghníomh
    39] labhradh san Luan ar a pháis,
    40] mo-nuar, is adhbhar uathbháis.
  12. 41] Biaidh lá na breithe buaine
    42] mór an t-adhbhar anbhuaine
    43] a chion ar comhair gach fhir
    44] omhain don fhior nach airigh.
  13. 45] Muna fhuilnge Íosa ar m'olc
    46] cara éigin dom fhurtocht
    47] mairg a-tá ag teacht im eolas
    48] a cheart an lá laibheoras.
  14. 49] A-tá 's ní feitheamh fallsa
    50] cara m'anma agam-sa
    51] gach aon thoghairm fa thréan
    52] darab comhainm maor Míchéal.
  15. 53] Bíom 'n-a leith i ló an bhrátha
    54] dom dhíon ar eagla an ursgátha;
    55] an maor do char dom choimhdhe
    56] damh ní taobh re tollairbhe.

  16. p.40

  17. 57] Do bhualadh séala mun sídh,
    58] a mhaoir na meidhe, a Mhíchíl,
    59] is tú thaghaim, a chnú chroidhe,
    60] gabhaim thú mar theachtaire.

    Cia re.