Corpus of Electronic Texts Edition
Cia do fhéachfadh ar m'éigin? (Author: Unknown)
p.34
- 1] Cia do fhéachfadh ar m'éigin?
2] tarla a lán dom leithéidibh
3] san ghlas i dtámaid gan tail
4] nach tánaig as gan eochair.
- 5] An glas do hiadhadh oirne
6] d'osgladh muna fhéadoim-ne
7] ná fuilngeadh sé ar n-osnaidh air
8] an té as cosmhail dár gcobhair.
p.35
- 9] Fear is dáil cobhra chuige
10] méad a éigne is usaide;
11] gníomh nó go ndearna fa dheoidh
12] mo dhíon ar meanma Mícheoil.
- 13] Mo chion do-chuaidh i roimhéad
14] gomadh obair m'iomchoimhéad;
15] mei-se is m'óige re holcaibh
16] móide an treise ar dtarochtain.
- 17] Ar m'fhoghnamh ní huair chairde,
18] anois tráth ar dteasairg-ne;
19] an lá as ghoire as fhearr mh'fheitheamh
20] m'oire ós 'n-a ceann cuirfithear.
- 21] Ní hé a dhíoth áirmhim uile
22] Dia dá ndiulta a theachtoire;
23] damh-sa muna thoibhghe tréan
24] doilghe a mhasla do Mhíchéal.
- 25] Ó bhias liom lá na tiomna
26] maor tobhaigh an tighiorna
27] créad acht éara deise dhó
28] mei-se dá n-éara Íoso?
- 29] Ní dhlighfeadh gan mo dhearadh
30] bráth díreach an Dúileamhan;
31] dá mbeath m'éag 'n-a éag inill
32] an bhreath créad nach cuimhnighim.
- 33] Ag coill reachta ríogh nimhe
34] a-tú ó thús m'aimsire;
35] do caithfidhe ar sgáth mo sgeoil
36] bláth ar maithmhighe Mhícheoil.
- 37] Leis do díolfaidhe a dhiomdha
38] bheith do thoil an tighiorna;
39] a síodh a-raon do-roighne
40] maor an ríogh dá riaroim-ne.
- 41] Ní áiréamhainn m'éara
féin
42] acht Dia do dhiultadh Mhíchéil;
43] ní budh comhnáir damh-sa is dó
44] masla d'fhoghbháil ó Íoso.
- 45] D'éanfhuil is usaide ar ndíon
46] mei-se is máthair an airdríogh,
47] Muire i n-ar seilbh gach ré seal
48] gan m'fheidhm uile ar an aingeal.
p.36
- 49] D'fhior m'éigne is adhbhar diomdha
50] ar theachtaire an tighiorna
51] ní caitheamh do-chóidh 'n-a tréan
52] an chóir dá maitheadh
Míchéal.
- 53] "'N-a fhíoch dá bhfásadh fuinneamh"
54] m'fhuigheall ris an archaingeal
55] "suidhidh sinn ar saor nimhe
56] ná taobh inn re himpidhe."
- 57] A réadla iuil na n-uile,
58] bean a truaill don trócuire;
59] tairg tráth mo locht do leigheas
60] bláth ar n-olc sul aibghigheas.
- 61] Gé tám ag tuar do dhiomdha
62] cia tu-sa acht mo thighiorna?
63] ní tuilltir é mar budh eol
64] mé dod mhuintir, a Mhícheol.
- 65] Ionnsaigh an uain as neasa,
66] mithid cuimhne an chairdeasa
67] ag sin an bráth ag bagar
68] nó sir tráth dar dteasragadh.
- 69] Ga cur a-rís 'n-a riocht féin
70] i ló an mheasraighthe, a Mhíchéil,
71] cré a chéile i
gcách ní chuirfe
72] ar gcréi-ne an tráth thiomsuighthe.
- 73] Cuma gan t'aithearrach ann,
74] a chroinn fhosgaidh na n-anam;
75] gá seise ar budh déanta id dheoidh
76] dá séanta mei-se, a Mhícheoil.
- 77] Tabhair m'éigean dot aire;
78] lamhthar thart id
thrócaire;
79] an chóir is a rinn riom-sa
80] fóir inn as an éigion-sa,
- 81] Mo lochta i ló na breithe
82] ar deoir liom ní leigfeithe;
83] lá ar ndaorthai-ne ag crann an chígh
84] ní ham maothchroidhe, a Mhíchíl.
- 85] Don anmain nó go n-ionnla
86] gabh treise ar do thighiorna;
87] ar sal do ghabháil glanta
88] fagh i n-anáir th'umhlachta.
p.37
- 89] Mithid mo chosg do chiontaibh,
90] do-chuaidh thort mo tháirriochtain;
91] is treise dhúin-ne fa dheoidh
92] gé mhúine mhei-se, a Mhícheoil.
- 93] Tair dá n-iadhadh im ionadh
94] gona doimhne an Dúiliomhan;
95] an taobh dearg dá ndúine dham
96] searg is a úire an t-áladh.
- 97] Ní fhoghnann acht 'n-a am féin;
98] cuir-se ar múnadh, a Mhíchéil;
99] biaidh lá bhus cás ar gcoimhdhe
100] an grás gé tá ar tábhoirne.
- 101] Feitheamh m'anma ós díot dleaghar,
102] a mhaoir mheic an Dúileamhan,
103] féachar cia do héaradh ann
104] Dia muna fhéaghadh oram.
- 105] An té tharla ar mo leas-sa
106] dá raibh leam lá an aighneasa
107] do chóir gé admha an t-aingeal
108] ní dóigh agra an t-archaingeal.
- 109] Gin go maitheam do mhaor Dé
110] gan chur liom i ló an fhínné
111] fuair ar mbiodhbha d'áth oirn-ne
112] nach fáth diomdha ar ndiultaidh-ne.
- 113] Fa chéile nocha coimhthe
114] mei-se is maor an mheadhaighthe;
115] damh-sa a-tá mar nar tuilleadh
116] an lá annsa an t-archaingeal.
- 117] Créad acht toibhéim dá threise
118] Dia dá ndiultadh m'oirchis-se?
119] maor Dé, dá ndearnadh ar gcóir,
120] nach bearnadh é dá anóir?
- 121] Luach m'fhoghanta d'fhagháil damh
122] ionann dó agus mo dhearadh;
123] nach géabha acht gun té do thuill
124] is é m'éara go háluinn.
- 125] Maor Dé do dhíon an uile
126] ullmha iná do hiarrfuidhe;
127] re cabhair d'iarraidh ní an;
128] triallaidh i n-aghaidh m'anman.
p.38
- 129] A aithearrach mar aighne
130] it aghaidh ní iarrfaim-ne;
131] cia a-déartha do dhíol mo chean
132] fa síodh dá n-éartha an t-aingeal?
- 133] Goin an chroinn id chíoch dheas-sa
134] gémadh fachain faitcheasa
135] beag m'eagla fa chrú an chroidhe
136] dá bhfreagra tú ar dteachtoire.
- 137] A-tá an t-aighne im ionadh
138] rem cheanaibh dá gcúirtioghadh;
139] teacht id theagh muna thuillear
140] lean th'eacht ar an archaingeal.
- 141] A-tá do thruime ar n-éigne
142] 's gan im chorp dar gcoimhéid-ne
143] go gcaithfidhe a rinn reimpe
144] maithmhighe ar gcinn choimirce.