Corpus of Electronic Texts Edition
Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh (Author: Unknown)
p.30
- 1] Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh,
2] clann ler coilleadh a riaghail;
3] buain re crann as a gcánaidh
4] clann Ádhaimh uaidh ar
iarraidh.
- 5] Cé tá Dia ag díon gach pheacthaigh
6] dá shíol cia nachar chiontaigh?
7] is truaigh an tráth fá dtuigthir:
8] tuitfidh cách uaibh 'n-a gciontaibh.
- 9] Gan sheilbh an ubhaill d'Éabha
10] níor fhulaing gér fheidhm dána;
11] dá cloinn do bhean a mbuadha
12] bean bhuana croinn na cána.
- 13] Crann na haithne tré iomadh
14] a aithne is ann do cailleadh
15] do chuir sé mnaoi dar milleadh
16] do bhaoi i gcinneadh hé d'aingeal.
- 17] Seal péine ar chorp an Choimdheadh
18] tre ar bpéin-ne i bport a bhíodhbhadh
19] ar loit sinn más é a adhbhar
20] damhnadh Dé inn ro b'iongnadh.
p.31
- 21] Do fhulaing bheith fa a mbreathaibh
22] do leith ubhaill a fhachain;
23] sé i n-uaigh gan fhear 'n-a fhochair
24] teagh othair fhuair ar n-athair.
- 25] Cuir, a dhuine, re a dhéanamh,
26] guidh ar Muire red mhúnadh;
27] doilghe dheit é ná a dhéanamh
28] séaladh Meic Dé gan
dúnadh.
- 29] Re feadh diomdha Dé, a dhuine,
30] do bhiodhbha is é t'fhear faire;
31] biaidh sé ort 'n-a dá eire
32] an t-olc reimhe is é ar th'aire.
- 33] Nocha bí acht ar bhrú baoghail
34] san ní nach dú do dhéanaimh
35] biodhbha Dé ar th'olc 'n-a fhiadhain
36] gidh diamhair é ort ar fhéaghain.
- 37] Saor na cruinne ó nar charais
38] ní thuille an t-aobh ór
ailis;
39] fuath do reacht Dé níor dhlighis,
40] milis é re dteacht dthairis.
- 41] Foghnamh go bás dó dhlighe;
42] mó sa mhó an grás do-gheibhe;
43] má tá ar-aon re Mac Muire
44] cuire lat gach aon eile.
- 45] Céim deacair dul ó a fhalaidh
46] gan chur peacaigh i bpudhair;
47] gidh suairc bhím fa mbí im dheaghaidh
48] dleaghair dhínn ní ó a-nuraidh.
- 49] Lámh linn níor fhéad an umhla,
50] is lán inn do mhéad meanma;
51] níor fhaomh mé díol a dhiomdha
52] biodhbha Dé dhíom go ndearna.
- 53] Mé an gort nach tig a thoradh;
54] tig gach gort mar a gheamhar;
55] is mé an síol nar ghabh glanadh
56] ní taradh glan díom dhleaghar.
- 57] Saor sinn ar fhalaidh t'othair,
58] sinn it aghaidh re hathaidh;
59] nír fhaomh mé an corp do
chaithimh,
60] braithidh sé ar mh'olc, a athair.
p.32
- 61] Síol Ádhaimh is síol sligheadh
62] síol dá nach tárair toradh;
63] dá chloinn do thuit a dtaradh
64] coill fhalamh dhuit an domhan.
- 65] Tre ar fhás gach laoi d'fheirg t'othair,
66] a leinb do bhaoi sa Bheithil,
67] breith ar chách uaibh, a Athair,
68] rachaidh uair nach tráth teithidh.
- 69] Fa-ríor is olc dot iarraidh
70] gach olc do shíor im shúilibh;
71] múin do réir dhúinn do
dhéinimh
72] réidhigh féin dúinn, a
Dhúilimh.
- 73] Níor lór deit gach dál eile
74] gan an ngrádh, a Mheic Muire,
75] mo chradh tar cheann a ndlighe;
76] fagh cridhe i ngeall do ghuidhe.
- 77] Maith mo dhíon ann ar aoibhneas
78] fad dhíon an dann do-chuadhas;
79] car red réir má do-ríneas
80] díleas damh féin a bhfuaras.
- 81] A bhfuil reamhuin-ne id ríthigh
82] dar bhfearainn-ne a bhfuil fúthaibh;
83] bráthair dhuid mé ód
mháthair
84] druid bráthair Dé red dúthaigh.
- 85] T'fhearg, a rí, um cheann do chloinne
86] re searg dí bu fhearr inn-ne;
87] do shíodh, a chinn na cruinne,
88] buime an Ríogh rinn do-rinne.
- 89] Do bhí raon dod ráth roimhe
90] do bu caol re cách uile;
91] súgh a cígh is a cridhe
92] slighe sídh go múr Muire.
- 93] Do shíoth re cách do ceangladh
94] bhar bhfíoch an tráth do toirneadh;
95] breith t'fhine dhuit ó an damnadh
96] adhbhar luit cridhe an Choimdheadh.
- 97] Tú it aonar fhuair a n-eire
98] do saoradh uaibh an uile;
99] dul sa leath chlé dod chridhe
100] slighe i dteach nDé 'gun duine.
p.33
- 101] Do theachta ón chóir 'n-ar gcoinne
102] is eachtra do fhóir inn-ne;
103] ón lán do bhíodh 'n-a bruinne
104] 's ó bhuime an ríogh is slán sinn-
ne.
- 105] Tréan tú ar gach éinní eile
106] is tú éinrí na n-uile;
107] ort, a rí, go ria ar n-aire
108] caidhe an ní as Dia don duine.
- 109] Diomdha ag uan Dé 'n-a dheaghaidh
110] is truagh don té nach airigh
111] grádh do Dhia an tann nach tabhair;
112] cia as cabhair ann 'n-a aighidh?
- 113] An crann do-chóidh 'n-a chroidhe
114] is ann do fhóir ar n-eire;
115] gidh feidhm dhó deilbh na n-uile
116] mó ná an duine a fheidhm eile.
- 117] Rí an Luain ag breith an bháire
118] do-chuaidh ar gcreich na cróine;
119] iomdha a bhfuar d'ulc san Aoine
120] aoighe i bpurt fhuar na hóighe.
- 121] Aighneas ag maor na meidhe
122] fa thaom thaidhleas ar gcridhe
123] dú seal dí dá
gach dhuine
124] meadh na n-uile is sí ar slighe.
- 125] A shíodh ní headh do oileas
126] neamh do shíor gé do shireas;
127] is tearc acht an té thaghas
128] ghabhas reacht Dé mar dhligheas.
- 129] Cur re teachta i dteagh nimhe
130] ná lean ar eachtra eile;
131] foghnaidh sí dheit, a dhuine
132] guidhe is í ar n-a reic reimhe.
- 133] Dom dheaghail re dáil cheana
134] 'n-a dheaghaidh níor cháir cumha;
135] críoch ar do ré ní ragha
136] dá bhfagha shíoth Dé ar ndula.
- 137] An fear len mian mo mhúnadh
138] triall i n-a theagh go dtúirear;
139] gidh mór n-almsa dhó do dáileadh
140] mó as dáileamh damh-sa an
Dúileamh.
p.34
- 141] Éiric áladh Dé im dheaghaidh
142] mé i ngábhadh ó na gonaibh;
143] gaol na craoibhe dar gcabhair,
144] craobh tharaidh daoine an domhain.
- 145] Ní ghlac sé maith nach millfe
146] gidh bé do chaith re caibhthe;
147] gidh bé ag a mbí bean choibhche
148] an teagh doirche is í a fháirche.
- 149] Gaol Muire maith an choimhdhe
150] do chách ar chréachd na sleighe;
151] mór gcás far chóir na huile
152] gan ghrás Muire ar óidh
eile.
- 153] Míorbhuile máthar Íosa
154] iomdha fear fhuair a n-aithne;
155] fios a sgéal cia nach cluinfe?
156] lia uirthe ná féar faithche.
- 157] Mór dtáin ar tí ar
mbáidhte,
158] bás m'anma eagail linne;
159] ó bhaoghal beoil na tuinne
160] Eoin Bruinne saoradh sinne.
- 161] Rinn lasrach leice Ifrinn
162] iomdhadh uaighe i n-am loite
163] cás truagh téaghadh na leice
164] déanamh seice as tuar toice.