Corpus of Electronic Texts Edition
Buime trír máthair mhic Dé (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.29

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Buime trír máthair mhic Dé;
    2] go roibh linn i ló an fhínné
    3] a radhalta an rí neamhdha
    4] banaltra thrí dtighearna.
  2. 5] A n-altrom nír dheacair dhí
    6] trí branáin chláir na cruinne
    7] aobhdha an triar a trí dhalta
    8] dá riar do bhí an bhanaltra.
  3. 9] Buime an trír-sin Muire mhór
    10] dá n-altrom do bhí an bhanógh
    11] triur i n-aoncholainn amh-áin
    12] nó gur aonchrobhaing anbháil.
  4. 13] Ag inghin an fhuilt leabhair
    14] maith do uair a oileamhain
    15] a hathair i n-ucht Mhuire
    16] athaidh i gcurp cholluidhe.
  5. 17] An mac do b'fheirr-de i-se
    18] dá oileamhain aicei-se;
    19] an rí caránta ar a cígh
    20] baránta í don airdrígh.
  6. 21] An treas cnú don chrobhaing ghlan
    22] teachtaire a hucht an Athar
    23] fa hé a ionad a huicht-se
    24] Spiorad Dé ar a diadhaicht-se.
  7. 25] Toircheas na hóighe is é an fáidh
    26] aice do fhuair a thógbháil;
    27] ag so an tí do fhóir orainn
    28] trí cno óir a haonchrobhaing.
  8. 29] Triur as ghoire gaol di-se,
    30] triur do hoileadh aicei-se,
    31] trí leannáin ler luigh Muire
    32] beangáin fhuil a haonmhuine.
  9. 33] Triur i n-a dtrí daltaibh dhi
    34] trí meic ochta na hóighe;
    35] gach rí dhíbh ruinn-ne dá roinn
    36] trí rígh na cruinne an chrobhuing.

  10. p.30

  11. 37] Trí heochracha mhúir Muire,
    38] trí tobair na trócuire,
    39] rí 'n-a aonduine ós gach fhior,
    40] trí aoghuire dom fheitheamh.
  12. 41] Trí dhalta Mhuire móire
    42] toircheas bronn na banóighe;
    43] an tí tharla ar úidh gach fhir
    44] trí gabhla dhúin an Dúilimh.
  13. 45] An triur-soin ón tigh neamhdha
    46] an Tríonóid, ar dtighearna;
    47] neach do bhí 'n-a bhráthair di
    48] is í a mháthair 's a mhuime.

    Buime.