Corpus of Electronic Texts Edition
Bréagach sin a bhean (Author: Anluan Mac Aodhagáin)

p.27

Anluan Mac Aodhagáin cct.
  1. 1] Bréagach sin a bhean,
    2] ní beag seal don bhaois;
    3] smachduigh th'aigneadh óg
    4] a bhfuil ród dot aois.
  2. 5] Ainic thú ar an éag;
    6] cuimhnigh, a ghéag ghlan,
    7] bláth an domhain daoir
    8] nach sealbh dhaoibh nó dhamh.
  3. 9] As do bhais mheir mhaoith
    10] ná déin baois, a bhean;
    11] gidh bé as bhuaine ré
    12] ní mhairfe sé achd seal.

  4. p.28

  5. 13] Ná déin eisdibh uaill
    14] gearr san uaigh go mbiad
    15] na lúba ar lí an óir,
    16] ná tug dot óidh iad.
  6. 17] Bíodh th'aire ar an uaigh,
    18] ná sill an ghruaidh gheal;
    19] san tsúil mhairbh ghlais mhuill
    20] ná cuir suim ná seadh.
  7. 21] San troigh rothruim réidh
    22] ná fagh-sa féin fonn;
    23] taobh as taise clúmh
    24] tuig nach tú do chom.
  8. 25] Biaidh mar bhláth an fhiaigh
    26] i gcriaidh ní cóir teann
    27] snuadh t'ochta mar aol,
    28] do bhruinne shaor sheang.
  9. 29] I dtalmhain tuar leoin
    30] smuain fa dheoigh do dhul;
    31] biaidh a ghné mar ghual
    32] an béal go snuadh subh.
  10. 33] Ar ndul duit i gcré
    34] mi-se gidh mé ann
    35] ní thiobhrainn riot taobh,
    36] a chúl na gcraobh gcam.
  11. 37] Ret fhaicsin, a fholt fiar,
    38] do-chuaidh mo chiall uaim;
    39] duit, a bhruinneall bhán,
    40] badh aithreach lá an Luain.
  12. 41] Tuirseach dhamh 'n-a ndeoigh
    42] briathra do bheoil bhinn;
    43] do ghlór síthe sáimh
    44] ní mé a-mháin do mhill.
  13. 45] Ná bí baoth do ghnáth
    46] cuimhnigh cách ag éag;
    47] an folt fleasgach fann
    48] ní fhuil ann achd bréag.

    Bréag.