Corpus of Electronic Texts Edition
A-tám i n-easbhaidh amhoirc (Author: Unknown)
p.19
- 1] A-tám i n-easbhaidh amhoirc
2] ar gcaitheamh mo chéadradhoirc;
3] srian do chaithfinn ris an gcorp
4] ó mbiadh aithrinn ar m'amhorc.
- 5] Tuigim mo dhíoth amhoirc as
6] nach móide iarraim eolas
7] gan éantroigh ar a haghaidh
8] ag céadfaidh dom chéadfadhaibh.
- 9] Go n-aithnighim orum féin
10] móide as oirchios a haimhréir
11] nach foil roirinn ar mo rosg;
12] doibhinn lem thoil a teagosg.
- 13] Dá mbeinn i gcogadh rem chorp
14] ní bhiadh easbhaidh ar m'amhorc;
15] tug síoth do thabhairt dom thoil
16] díoth amhairc ar an anmoin.
- 17] Ní cosmhail nach meallfadh mé
18] mo námha i n-aimsir m'óige
19] 's go saoilim go bhfoighbhe faill
20] oirn-ne i gcaoileirr an chochaill.
- 21] Nach faicfe sinn ó so a-mach
22] aithnim ar m'aigneadh ndíomsach,
23] gé theasda ón radhorc a rinn,
24] d'amhorc feasda achd a bhfaicim.
p.20
- 25] Ar ndul ó ar dtír féin i bhfad
26] tugadh linn lór do dhearmad
27] do bhrígh ar ndearc do dhalladh
28] searc don tír i dtángamar.
- 29] Do bharr ar bhuain na habhla
30] do chuir d'éis a hagallmha
31] mar do choill Éabha an aithne
32] séana croinn na comairche.
- 33] Oidhre Dé ler dúineadh neamh
34] do bhaoi go ceann cóig n-aimsear
35] nar roinn sé a ghlóir re a ghaoltaibh,
36] an chóir is é d'éanaontaidh.
- 37] Fuair aonta an athar neamhdha
38] gur bh'í toil an tighearna
39] teacht i dtruaill chumhaing an chuirp
40] tre bhuain an ubhaill orrdhuirc.
- 41] Do chead na cúirte móire
42] táinig i mbroinn banóighe;
43] an chomhairle as ar luigh leis
44] dár ngonaibh-ne is luibh leighis.
- 45] Acht éad ar an seanóir saoir
46] fan mac nar thuill a thathaoir,
47] d'fhoiléim mar do-chuaidh 'n-a corp
48] toibhéim ní fhuair a hóghacht.
- 49] Do b'ionann agus a éag
50] a theacht i gcorp dár gcoimhéad;
51] dá bhás do bhí 'n-a fhioghair
52] rí na ngrás do ghiniomhain.
- 53] Beatha Críost gur caitheadh ribh
54] feadh éanuaire dá aimsir
55] go lá a bháis ní bhíoth gan
phéin;
56] páis do budh chrioch dá chaithréim.
- 57] Mé dámadh mac díleas dó
58] an chroch far cuireadh Íoso
59] do rachadh ar dhéaraibh dhamh
60] féaghain mh'athar gá hiomchar.
- 61] Ní beag an dearbhadh doille
62] mar fholaighthear orainn-ne
63] na róid do nochtadh go neamh
64] le sgoltadh a chóig gcroidheadh.
p.21
- 65] Do dúnadh ar an teach
thall,
66] ní raibhe iadhta ar Iofrann;
67] an bhas do chosgair an cló
68] glas nír osgail i n-éanló.
- 69] Do ling an t-anam gan fhios
70] a corp Dé díochra an cairdeas;
71] do bhí a chaithréim ós aird ann,
72] do airg don aithléim Iofrann.
- 73] Dá fhichid lá isteach go dtug
74] do fhuirigh fa cuaird charud
75] ar dtocht a chinidh re a chois
76] ar slighidh go port Parthois.
- 77] Nach deachaidh ar a dheis féin
78] go bhfuair aontaidh gach fhíréin
79] do an-san níor bheag an bháidh
80] re cead na n-aspal d'fhagháil.
- 81] Na grása ler imthigh uainn
82] ní thiobhra Íosa an athuair
83] cunnradh saor díobh don duine;
84] ná bíom taobh re a thrócuire.
- 85] An bhratach le mbrisfe cath
86] do-ghéana achd go dtí an tobhach
87] ga seoladh le sluagh nimhe
88] leoghan don uan ainglidhe.
- 89] Do thabhairt impidhe air
90] ní racha naomh dá naomhaibh;
91] ar Dhia nach tráth dá tabhairt
92] ní bhia cách 'n-a chontabhairt.
- 93] A osgladh ar a aghaidh
94] pian don duine diúltfadhair;
95] is cneadh ghlúin nó cneadh chroidhe
96] súil ar teagh na trócaire.
- 97] Gan a fhuathachadh air féin
98] dar lat is lór do mhíchéill,
99] gin go mbeath m'easgcara ann,
100] teach na heasbhadha Iofrann.
- 101] Don chur-sa cloinne hEabha
102] cúis eagla na hairrdheana,
103] na piana 'n-a dtuile ag teacht
104] 's na miana uile ag imtheacht.
p.22
- 105] Go lá an bhráith nach bia san chorp
106] a-tá fós aige d'fhurtocht;
107] fuigheall buille an anaim ann
108] gan chalainn uime i nIofrann.
- 109] Ní budh móide mo mheanma
110] mo thionnluicthe óm thighearna
111] a gcar go léir ar mo láimh
112] dámadh léir damh a
ndíoghbháil.
- 113] An corp thig do nimh a-nall
114] diadhacht Íosa 's a anam
115] ranáir don tí nach tuigfeadh
116] fagháil na dtrí dtionnluiceadh.
- 117] Do gealladh glóir Dé dhamh-sa
118] an chuing do-chóidh oram-sa
119] dá bhfuilngeam go buan 'n-a bun;
120] is dual cuingheall i gcunnradh.
- 121] Ní fhuil easbhaidh ar m'ithir
122] nach féadfaidhe d'fhóirithin;
123] mór gcré nach tabhair toradh
124] go bhfaghair lé leasoghadh.
- 125] A-tá 'n-a chnoc ard rem ucht
126] an díomas do dhall m'amhurc;
127] tairgsin mo lot do leigheas
128] an cnoc aird-sin ísligheas.
- 129] Ní bhí dá thaisgidh im thoil
130] rún as aimhleas don anmoin
131] i n-uair chaointe mo cheana
132] nach faoicfe a thruaill thaisgeadha.
- 133] Ó nar chaitheas rinn mo rosg
134] san aimsir thall re theagasg
135] do riaghladh céadfadh an chuirp
136] déantar le hiarmhar m'amhuirc.
- 137] Im laithibh do-chuaidh caithimh;
138] biaidh m'aimsear 'n-a héanlaithibh
139] ag dul thoram go dtí an t-éag;
140] bí, a cholann, ar do choimhéad.
- 141] Fa dheireadh don domhan mhór
142] lá an bháis ní beag an
claochlódh
143] do-ní, a dhuine, domhan beag
144] a thoradh uile d'aiseag.
p.23
- 145] Is cúiteachadh 'n-a chneadhaibh
146] cuimhne ar mo chrích ndéidheanaigh;
147] lá an bháis acht nach bí ar m'aire
148] a pháis ní hí as eaglaighe.
- 149] Nach léir damh gurab tríom tug
150] uan Muire i measg a námhad
151] a slán fa chneasghuin a chuirp
152] a-tám i n-easbhaidh amhuirc.Atám.
- 153] A n-éisteacht tar cheann mo chean
154] dá ndiulta an mac, a mhaighdean,
155] a Mhuire, ná failligh féin
156] guidhe an aingil 's an fhíréin.
- 157] Ní fríoth ar feadh an domhain
158] id chorp ionnraic óghamhail
159] nó gur hinnleadh a líon lais
160] a dhíol d'innbhear it éagmhais.
- 161] Go ndeachaidh síos ar a son
162] do bhréag th'umhla 'n-a héanar;
163] rí na n-uile i gcéin chuca
164] fa réim duine dheorata.Atám.