Corpus of Electronic Texts Edition
Ar n-oide múinte mac Dé (Author: Unknown)

p.10

  1. 1] Ar n-oide múinte mac Dé
    2] oide múinte as mhac don mhnaoi,
    3] ar dtoil do tháth re toil nDé
    4] —ní hé soin re chách—a chaoi.
  2. 5] Dál an scrioptúir ó Dhia dhún
    6] cia nach iontnúidh res an eol
    7] deocha millse as gá n-ól
    8] deocha as mhillse blas i mbeol.

  3. p.11

  4. 9] An ghlóir thall ní tuilltir leo
    10] an rann dá mhuinntir as mhó
    11] neach ó mhartra dhíobh ag Dia
    12] lia dá shíol nach dalta dhó.
  5. 13] Rothrom do-ghabhaid a ghrádh
    14] a charaid—ní comhthrom síon;
    15] a luagh oiliomhna hé uam
    16] mé do thuar roidhiomdha an ríogh.
  6. 17] Ón ngábhadh do-chiam 'n-a chionn
    18] ar an gcrábhadh do bhiadh barr
    19] a scríbheann dá sgagtha leam,
    20] an ceann dalta as fhírfhearr ann.
  7. 21] Do ghabh sé romuibh an raon;
    22] do sgoluibh Dé ní budh dual
    23] neamhadhradh do reacht an ríogh;
    24] tearc díobh nach deaghadhbhar duadh.
  8. 25] Ní dá thoil carthair an cion;
    26] ní fhoil gan marthain 's ní mhar
    27] neach nar hoileadh a crú a chneadh;
    28] neamh an t-oirear as dú dhamh.
  9. 29] Olc an fulang naomh do-niad;
    30] caol gin gur cumhang an ród
    31] cuid ríogh na talmhan don tréad
    32] re a méad díobh as adhbhar óg.
  10. 33] Cá beag daoibh re hucht a fhiach
    34] an t-ucht do sgaoil ar bhar sgáth?
    35] Do dhearmaid ar n-oide a fhíoch
    36] nach síoth broide cheanglaid cách.
  11. 37] Do bhí siad i n-easbhaidh iuil
    38] na heasbhail 's ní hiad a-mháin;
    39] cóir a n-altrom d'eagla an tnúidh
    40] do mhúin eagna daghclann dáibh.
  12. 41] Do-bheir an té do oil inn
    42] ó sgoil Dé mar do-gheibh geall
    43] dá dteagmhadh cás anman ann
    44] barr grás don adhbhar as fhearr.
  13. 45] Dá measda an mhéad dlighthear díobh
    46] do dhlighfeadh an tréad dá dtám
    47] bheith sgagtha ó ghníomh is ó ghlór;
    48] is mór dalta ríogh re rádh.

  14. p.12

  15. 49] Ní faide uann ainm a mhná,
    50] gairm ar n-oide as dual do Dhia;
    51] gidh lán an chruinne dá chlú
    52] is dú ar mbuime do rádh ria.
  16. 53] Fionnar ó a chodladh 'n-a curp
    54] dá dtogradh d'iomadh ar n-olc
    55] go ndiongna rí an chruinne ceart
    56] ar eacht do bhí a bhuime bocht.
  17. 57] Gidh iomdha cineadh do chlaoi
    58] a bhiodhbha ná sireadh sé
    59] —ní budh dóigh antabhaigh hí—
    60] cóir dá mbí ar daltadhaibh Dé.
  18. 61] Crochadh m'oide tháinig tríom
    62] 's a loige a-táimid dá thúr;
    63] mo mhartra d'fhulang nach ál
    64] cumhang an grádh dalta dún.
  19. 65] Ní bhiadh crábhadh ós a chionn,
    66] gidh cian do-chámar 'n-a cheann,
    67] slighe Dé d'imtheacht 'n-a ham;
    68] an t-indleacht mall is é as fhearr.
  20. 69] Mo bheith gan toirse dá thúr
    70] 's an toil-se do bhreith go buan
    71] dom oide ní hanáir lán
    72] grádh gan loige d'fhagháil uam.
  21. 73] Deacair cor i n-aghaidh Eoin;
    74] taghaidh mar do thogh an fáidh,
    75] éantogha ar ab anta dhaoibh,
    76] dalta an tsaoir céadchara cháigh.
  22. 77] Tarla ar gach chineadh dá chloinn
    78] go ndligheadh gan labhra linn
    79] cairt aga bhás druim ar druim
    80] a tuinn na ngrás gur fhailc inn.
  23. 81] Do reacadh an fhleadh ar luach
    82] dar bpeacadh do bhean a bhláth;
    83] deoch shearbh do b'fhoircheann dá fhíoch
    84] do dhealbh síoth coitcheann re cách.
  24. 85] Mar fuair ar shíol Ádhaimh am
    86] —nochar shlánuigh dhíobh achd dream—
    87] is uime do-chí sa chrann
    88] 'n-ar chrom rí na cruinne a cheann.

  25. p.13

  26. 89] Nír chás pian achd pian gan chúis,
    90] ní 'n-a bhás do bhiadh a sbéis;
    91] pian ar n-oide i n-uair an bháis
    92] ní loige an pháis uainn dá héis.
  27. 93] Fuair dímhiadh as m'óige uam;
    94] a mhíriar is móide as nár
    95] gan é 'n-a shochar dá shíol
    96] crochadh an ríogh is sé slán.
  28. 97] Ní don anam ghlan a ghuth
    98] an chalann do char a-mach
    99] dá n-aomhadh Dia a theachta im theach;
    100] cia an neach dá budh reactha a rath.
  29. 101] Gach ní do cheilis don chóir
    102] bí, munar leighis do liaigh,
    103] ar do chorp go gcuire phéin
    104] ort féin, a dhuine, 'n-a dhiaidh.
  30. 105] Cóir ó theas gráidh a rádh ria
    106] an lámh dheas do dháil a crú:
    107] "Treabh m'fhearann le céacht an chló
    108] créacht as mhó le dtreabham thú."
  31. 109] Is dulta dóibh uile ar t'iocht;
    110] An Chóir gé chuire 'n-a tocht
    111] is dual do bhreitheamh bheith ceart;
    112] teacht fad bhreith budh fheiteamh ort.
  32. 113] Do phian, achd gin gur fheith iad,
    114] do mhian ar mbeith mar nach bíod
    115] do chuidigh ar gcor i méad
    116] cuidigh don tréad ar ndol díod.
  33. 117] Docair gach cás don dá chéim,
    118] do bhás dar lotuibh gidh liaigh,
    119] cuisle dhonnfhola an deilg mhaoil
    120] tromfhola an taoibh dheirg 'n-a dhiaidh.
  34. 121] Truagh iad ad chaomhthach ar chnoc,
    122] a naomhchrach, is siad ar sioc;
    123] míne agus gile a dá ghlac
    124] nír bhac dínn-ne a righe riot.
  35. 125] Ag codal 'n-a dtoil gé a-tád,
    126] ar gach bpobal dá bhfoil fúd
    127] rachaidh gairm fhairsing ón éag;
    128] bréag as ainm don aisling úd.

  36. p.14

  37. 129]
    [...]
    Muire a deala dhaoibh
    130] Eabha 's gach duine 'n-a deoigh;
    131] ionann cré dhuid-se agus dáibh,
    132] foigse ná cnáimh é don fheoil.
  38. 133] Uair fa mbia cách ar crioth
    134] sa bhráth dia Luain 'n-a dhá leath
    135] an tslat thall dá dtuga a-mach
    136] uch! Ní hann as bhuga an bhreath.
  39. 137] Is creidthe 's a bhás rem béal
    138] san chás gomadh beithte bríogh;
    139] re breitheamh cheart gidh cóir taobh
    140] gaol don chóir re reacht an ríogh.
  40. 141] Tréigeamfeasda ar bhfeirg 's ar bhfíoch
    142] —dá cheird do budh cneasda fuath
    143] an lorg do ghabhas do ghnáth;
    144] borb gach áth bhlaghas a bhruach.
  41. 145] Is é as reacht don uile fhior
    146] duine ag teacht is duine ag dul;
    147] gé a-tá an gnás i gcéill dá char
    148] ní léir damh an bás im bun.
  42. 149]
    [...]
    a fala 's a loinn

    150] an bior ar nach rabha rinn
    151] is baoghal dún ar ar ndruim
    152] súgh an bhuinn ler saoradh sinn.
  43. 153] An díle ar n-a dortadh dhún
    154] díne achd ochtar nachar bh'ál
    155] do bháidh muir gach duine dhíobh
    156] a shíol gur chuir uile i n-ár.

    Ar