Corpus of Electronic Texts Edition
A chroch Dé déana mo leigheas (Author: Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha)

p.9

TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct.
  1. 1] A chroch Dé déana mo leigheas,
    2] lus na sláinte siridh dhamh;
    3] do mhaothbharr fa caomh a chéaddath,
    4] a naomhchrann saor géagach glan.
  2. 5] Congain liom ag leigheas m'anma;
    6] madh áil leat fóir mo chorp;
    7] ar ndul i gclí san teagh triallaim;
    8] neamh re ngach ní iarraim ort.
  3. 9] Dom throsgadh thánag-sa chugad,
    10] a chroch Íosa fhóireas mé;
    11] dod rodhalta ní dú a dhímheas,
    12] tú banaltra dhíleas Dé.
  4. 13] Tú d'altrom éinmhic ar seathar
    14] sluagh an bheatha bheanfas locht;
    15] fir 's mná na cruinne fad chíos-sa
    16] a-tá bruinne Íosa it ucht.
  5. 17] Duit as mharcach mac na hóighe,
    18] a eo corcrach na gcaor ndearg,
    19] bhias san bhráth ar mhuin do mharcaigh;
    20] tráth sguir ba fortail bhar bhfearg.
  6. 21] A abhall na n-ubhall gcumhra,
    22] a chrann tortaidh na dtrí mbláth,
    23] do fóireadh leat lán na talmhan,
    24] a chlár breac ler cabhradh cách.
  7. 25] Créad an chúis fa gcantar abhall
    26] ret fhiodhbhaidh chorcra, a chroch naomh?
    27] congain liom go leanar th'fhoras,
    28] a mhionn leabhar solas saor.
  8. 29] A ghráinne áluinn d'fhiodh Parrthais,
    30] peacadh talmhan tú do shás;
    31] ba geall a chlann ris an gcánaidh
    32] crann tar ceann n-Ádhaimh do fhás.
  9. 33] Is é an crann-soin, a chroch Íosa,
    34] t'adhbhar-sa—más fhíor don sdair;
    35] fa dearg an crann do chrú a ochta,
    36] is tú an call corcra fa chnaibh.

  10. p.10

  11. 37] Abhall oile ón ubhall Éabha
    38] do orduigh Críosd, a chroch naomh;
    39] anmanna cáich uile th'ubhla,
    40] a mhuine bhláith chumhra chaomh.
  12. 41] Is ionnat do dhoirt an Dúileamh
    42] deireadh Carghais—cródha an mhúith—
    43] fuil a chridhe ar cuaird dar gcosnamh,
    44] a bhile suairc dosghlan dlúith.
  13. 45] Muir ghorm do-ghéanta don talamh,
    46] talamh don mhuir magh don tráigh,
    47] 's do-ghéanta féine, a chroch chéasda,
    48] roth gréine is éasga madh áil.
  14. 49] Lá áluinn don oidhche gheimhridh
    50] do-ghéanta cheana, a chroch Dé;
    51] do-ghéanta trá eadh dot aghaidh
    52] lá geal gémadh adhaigh é.
  15. 53] Ó chéadlá chruithighthe an bheatha
    54] dá mbeinn dod luadh go ló an bhráith
    55] gémadh mír do ghníomh ní gheallfam
    56] do ríomh, a mhín bheannchrann bhláith.
  16. 57] A chroch dhearg i ndeachaidh Íosa
    58] d'fhagháil báis nachar bhás dó
    59] don mhac shaor do bhí ar do bhruinne
    60] do fhaomh rí na cruinne a chró.

    A chroch.