Corpus of Electronic Texts Edition
Leacht carad i g-cath Bhriain (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.404

  1. 1] Leacht carad i g-cath Bhriain,
    2] millte Eire do'n aen ghliaidh;
    3] taebh an chnuic lán do leachtuibh,
    4] air nar thuit an tarrngeartuigh.
  2. 5] Brian Ó Néill Oiligh 'san ár
    6] Maghnus na Craeibhe O'Cathán,
    7] O Duibhdhiarma Ó'h-áird Eanaigh,
    8] ríghdha garg Ó Goirmfhleadhaigh.
  3. 9] Ó h-Inneirghi an abhra mhoill,
    10] Ó Carra Mór, Mac Lachloinn,
    11] taeisidh Chloinn chrodha g-Cána,
    12] mór umoro ar n-easbadha.
  4. 13] Sgata Connacht 'san g-cath g-cruaidh;
    14] Ó Duibheamhna 's Ó h-Anluain,
    15] dá m-beinn um dháileamh 'g an druing,
    16] a n-áireamh uile nacha bh-féadfuinn.
  5. 17] Cóigear do Cloinn g-Catháin g-cais
    18] 's an ár a n-éagmhais Maghnuis,
    19] do sgaeil an cóigear an cath
    20] do thaebh fhoideadh na n-Ulltach.

  6. p.406

  7. 21] Maghnus féin, Éachmarcach ann,
    22] Muircheartach, Donnchadh, Domhnall,
    23] Niall Ó Cathán do chneasghuin,
    24] ochan! nocha n-easbuidhe!
  8. 25] Cearbhall 'san ár easbhaidh dhamh,
    26] mac mo mháthar é, is m'athar,
    27] Éachmarcach cum lér g-cloinn,
    28] leathmharcach cubhaidh Cearbhaill.
  9. 29] Mo bhráthair d'fágbhail 'san ár,
    30] is mo chomhdhalta Ó Cathán,
    31] ní slán sinn 'gar d-toigh
    32] inn as an ár i n-Ulltaibh.
  10. 33] Gidh dainimh dhamh gach duine
    34] dainimhe O'Cathán cul-bhuidhe,
    35] as é aenrigh mo chuisle cinn,
    36] así an fhuil-si nach bh-fuilngim.
  11. 37] Danimh ler macaibh 's lér mnáibh,
    38] marbhadh Mhagnuis Uí Chatháin,
    39] Brian muna m-beith isin ár
    40] ni bheith creach mar Ó g-Cathán.
  12. 41] Tugas grádh mór, misde dhamh,
    42] dó ó chinn mo chúig m-bliaghan,
    43] och nar ghabhas re moghrádh,
    44] moch do charas Ó'Cathán.
  13. 45] Mo ghrádh d'Ó Cathán Cluaine,
    46] ni grádh mna d'fir aen uaire

    p.408

    47] grádh ó ré leanbadhachta a leith,
    48] dom' dheagh dhalta, dom' oide.
  14. 49] Do bherrmír rigeadh an reabhradh
    50] do nar macraidh mhór mheanmnach,
    51] sinn is an righ ar chladh nar choll
    52] ag dol fa trí na thimchill.
  15. 53] No go n-gabhthadh mé ar a mhuin
    54] do n-dínn déra ma dhiaigh,
    55] ar gach leith ba mé marcach
    56] ar n-each bá é Éachmarcach.
  16. 57] Do bhí a thuarasdal ag teacht dúinn,
    58] mar budh sinn a oighrighacht
    59] uiread aige re dís dham;
    60] dob fhada arís ó reabhradh!
  17. 61] Théighinn re duain d'fiar a bhall,
    62] mar budh h-é duan m'ollamhain;
    63] tucc sé a lán ar mo dhán chamh,
    64] is mé gan dán do dhéanamh.
  18. 65] Acht misi féin, misde dhamh,
    66] is an t-easbog, is Eoghan,
    67] mocha mairinn do mhacraidh
    68] a anam a Éachmarcaigh.
  19. 69] Ordaidh aifrinn gach fir gráidh
    70] dot chomhdhalta d'Ó Cathán

    p.410

    71] do mhac righ cromhtha in gach cill,
    72] bídh órtha gacha h-aifrinn.
  20. 73] Ar do chuimairce inn gach cill
    74] da m-bedh milemac léighinn,
    75] tar mhac Ragnailne rachaidh
    76] Salmfhuighle da shaltrachaibh.
  21. 77] An léighinn is dual damhsa,
    78] d'fir thaeibhgheal thonn-geamann-sa
    79] gebhad marbhnaei m-blath m-buig,
    80] i d-trath bhar n-anma thrathbhuigh.
  22. 81] Da thísadh ollamh oile
    82] re a chloinn do chreic marbhnaei,
    83] a cheandach ba dual damh-sa
    84] 'sa luach d'eallach agam-sa.
  23. 85] Ó nar h-aithnídheadh 's an ár
    86] colann chneis-gheal Uí Chathán,
    87] beo gín go d-táinic d'á thoigh
    88] rangadar leo don lathoir.
  24. 89] Ma tháinic a tuaidh on ár,
    90] a fhaicrin gin gur b' imlan
    91] a síth a shlis thiar no thoir,
    92] ga fis nach biadh na bheathaidh.
  25. 93] Minic do rad ingean óg
    94] airchis ar neach a n-allód,
    95] go m-beireadh le bean 'san m-brugh
    96] fear, agas é n-a énar.

  26. p.412

  27. 97] Rug la catha Cluan a Tarbh te,
    98] le 'na bheathaithe bean t-sidhe
    99] Dunluing Duine na bh-Fearta,
    100] uime súl-ghorm sidhadhchta.
  28. 101] An t-sidhe na bh-fuil macrigh Roiss
    102] ní gnáth dúnadh a dorais
    103] air neach nach ar dhún d'á dheoin,
    104] a theach na dún, a dháirseoir.
  29. 105] Innsa gan eochair nimhe
    106] a láimh coinnle coillidhe,
    107] air gheal fhaeilaidh dá bh-fhéadadh
    108] neamh d'aeidhidh d-fhoisgéaladh.
  30. 109] Nocha n-faca diarraighe cruidh
    110] neach do éirfeadh 'na argaidh;
    111] do badh fuireadh Éachmarcach
    112] obuir Eirinn fhulang.
  31. 113] An tir na bhais gé do beadh
    114] ní fhuileongadh o chineadh fiuchadh;
    115] b'obair féile srothan tobair thair,
    116] do thráig ar marbh adh mhic Ui Chatháin.
  32. 117] Do lag a dhún ar 'na dhol,
    118] a glún air lár do'n leagadh;
    119] tu da darraidh an fhéile
    120] a thulach na toirléime.

  33. p.414

  34. 121] Mac Uí Chathán na Craeibhe,
    122] mac Rághnaill, rí Formaeile,
    123] mín dáil na diaigh budh dheachta
    124] biadh an dan na dhilleactha.

    Leacht.