Corpus of Electronic Texts Edition
A fhir ná suid ar in síd (Author: unknown)

p.40

  1. A fhir, ná suid ar in síd,
    Síd n-Eóchaill co n-ilar gním,
    ba síd' fir buile bechtaig
    óic ildelbaig ilrechtaig.
  2. Dlegait Síl Muiredaig móir
    a uaisle ocus a onóir;
    do-ní in fer 's a síd so
    báig im a rígai rompa.

  3. p.41

  4. In chulabair fecht eile
    turas Áine ingine
    n-dechaid fecht ar fogail
    le Cathal Ua Conchobair?
  5. Do-luid Cathal cét curad
    d' fhogail ar maithib Muman;
    ac urnaide a aesa braith
    do fhuirig féin in fírfhlaith.
  6. Ro chotail Cathal crechach
    fosaid cróda certbrethach
    co facaid fís, ba fáth neirt
    ós Loch duiblinntech Deirgdeirc.
  7. Is ed at-chonnairc in chraeb
    mac Conchobair, Cathal caem,
    ingen fhinn ar a aigid
    gruaidgel détbán di-ainim.
  8. Brat uaine glan im in n-géic,
    nír décad leis a leithéit,
    seinginar lúpach lepthach
    bláith forórda finnchlechtach.

  9. p.42

  10. Do-rinne caí thoirsech thrén,
    do fháisc a basa 's a bél
    co táinic fras fanna fala
    tar a roscaib rinnglana.
  11. A-dubairt Cathal cuanach:
    Cia thusa, a ingen uallach,
    crét rot-chuir mar nach coimse
    maíth is fó mórthuirse?

  • Lennán duit-se, a Chathail chaím,
    mise ó méit cach macaím;
    is ret leith a-atá mo theg,
    is é m' ainm Aíbenn Uchtgel.

  • 'Tusa marbthar a-márach
    le sluag Muman mórdálach;
    is tú chaínim tar conair
    a Chathail meic Conchobair.

  • Cia lé maiter in gním garb
    do chath Luimnig na laecharm,
    caide anmann fós na fer
    beires orainn, a ingen?


  • p.43

  • Berid Longargán, dar lim,
    ort ocus Coscrach cúilfhinn;
    beirid Ceinnéitig na cath
    ort is Congalach cétach'.

  • Beirid ort Mathgamain mer
    mac Ceinnéitig na caíned;
    berait trí chét fer fuirmech
    ort do maithib mór Muimnech.

  • Crét im scar na ríg rim-sa,
    innis, a ingen fhinn-sa,
    cá lín ternós as in ág
    do maicne lonngairg Lorcán?

  • Ní tusa nach digned maith,
    a ua Echach, a ardfhlaith;
    loiscfid ort, a ua na Tadg,
    imarcraid na ríg ro-garg.

  • Táncatar tar Echtge fuair
    triar ar cét Connachtach cruaid;
    terc ar doman a-dertais
    trí chét fer nach foirrechtais.


  • p.44

  • Ráidim-se rit, is fír so,
    na cúic ríg ráide rompa
    nach nesa olc dam ná dáib,
    a Aíbenn gruaidderg gnúsnáir.

  • Déchais, dar leis, dá leith chlí
    Cathal mór a moig Da Thí
    co faca in tur a Temraig
    in n-ingin maill móirmenmnaig.

  • Brat corcra co corthair chaím
    im in n-ingin slisgil saír,
    inar sróill taebamlaid tláith,
    léine arshnáithech órshnáith.

  • Dá assa co n-ublaib óir
    'm in fleisc ro-gasta ro-móir
    etir a troigthib tana
    is na fóitib fonnglana.

  • Do-riacht 's in n-duma n-glas
    in ingen chaem co Cathal
    cor iarfaig in taebgel sheng

    crét siút inniseas Aíbenn?'


  • p.45

  • Do iarfaig Cathal coscrach:
    Cia thusa, a mín mallrosach?
    Innis uait dúinn-ne can doilb
    do chomshloinned, do chomainm.

  • Eóchaill a Síd Chruachna chuirr
    m'athair, a cinid Chuinn,
    Áine m' ainm féin ac fledaib
    do Shíl mórgarg Muiredaig.

  • It degaid-se, a Chathail chais,
    tánac ó Chruachain chraebglais
    ar cach lergmoig, ar cach linn,
    dot anacal ar Aíbinn.

  • A-deir-se marbthar mise
    cid uathmar re n-innise
    is in maitin-se a-márach,
    a Áine shaer sho-grádach.


  • Celg sin, a Chathail chlemnaig
    a ua Tuathail a Temraig
    dot chur-sa tar Sinainn sláin
    can creich can áithes d' fhagbáil.


  • p.46

  • Béra-sa chreich truim tarthaig
    a ua Duach Galaig graifnig
    bérdait deich cét cenn i cenn
    ort mar innises Aíbenn.

  • Do-bér-sa maidm co moch
    do chorraib dá long don loch
    muirbfe coíca fer co fír
    ocus dias d'fine in airdríg.

  • Ní h-inmaíte na h-échta,
    a maídem ní dó is dénta;
    gébaid Brian Banbain m-bladaig
    tair oraib-se, a anbalaig.

  • Crechfaid in Muiredach mer,
    Tadg a Temraig braenaig Breg,
    fer choiscfes Brian dá báire,
    Tadg na Cruachna cladbáine.

  • A n-dingne re Brian m-Banba
    Tadg a Cruachain comchalma
    digélaid Donnchadh dírmach
    a mac maisech móirgnímach.


  • p.47

  • Ticfa in dam dásachtach dian
    chuirfes Mumain múr tar grian;
    mairg ris a n-dingne debaid
    Aed in tarbda taebshlemain.

  • Gébaid a mac, Ruaidhrí in
    Éire mar do gab Da Thí;
    cen co laige ar Leth Moga
    do Leth Chuinn is comroga.

  • Frithóilfid Muirchertach mór,
    Leth Chuinn do-béra fá brón;
    gébaid Éirinn tuaid is tes
    Connachta fo chís chuirfes.

  • Fásfaid cuilén i Cruachain
    d' fhine thoirbertaig Thuathail;
    scérfaid re Síl m-Briain na m-benn
    coeca oirechas Éirenn.

  • Cuirfid secht catha calma
    Toirdelbach na tromfhagla,
    a Aíbenn, innisim deit,
    is ar Leth Moga moidfit.


  • p.48

    1. Frithóilfid Domnall dámach
      ón ló théit ón Roth Rámach
      loiscfider co Loch Cime
      tair ón ráith-se ainfine.

  • Freisteólaid Conchobar cruaid,
    mac Ruaidrí is rígda sluaig,
    loiscfid Cill Da Lua lennmair,
    do-béra dáib do-menmain.

  • Fritháilter lib-se Leth Cuinn
    'm in Croibderg a Cruachain chuirr;
    bid fer can aen 'na agaid;
    bid tonn brátha ar bidbadaib.

  • Ní bia don Banba can buain
    acht aenfhrém a Cruachain chruaid;
    nocha bia aenfhrém bus ferr
    choiteóchas fhira Éirenn.

  • Biaid derna des in deigfhir
    re Síl m-Briain in boiceinig;
    Conall is Eógan can cheilg
    beit fó dernainn chlí in Chroibdeirg.


  • p.49

  • A ucht re Mide matlaid
    ocus re Sinainn slaitgil,
    bráige fer talman 'na thig,
    is ed do innis, a fhir.

    A fhir.

  • A sein gébaid Aed Idan
    cennas Érenn na n-ibar;
    bid ríge chathach chrechtach
    buadach álainn ilchrechach

  • Ní h-ar idna a-derar ris
    Aed Idan co caímchnis
    acht ar idna na cath cruaid
    chuires fó Éirinn armruaid.

  • Cath Moige h-Eine ágmair
    ar Chlannaib Néill nertbágaig,
    cath Muirtheimne ro mebaid
    cath Sléibe Breg báingregaig.

  • Cath shraenfas ac Ráith Thoga
    cath ós Cuan Life longa,
    cath ós Port Láirge lepthaig
    is cath cróda ós Báinleitir.


  • p.50

  • Cuirfid cath Luimnig, dar lem,
    Aed Idan co n-imat rann;
    brisfid cath tuaid ac Tulaig
    mac na mná don mórMumain.

  • Is ed do innis Áine:
    Aed na Cruachna cladbáine
    trícha bliadan, is báid lib.
    a cennas Éirenn, a fhir.

    A fhir ná suid.