Corpus of Electronic Texts Edition
Wer einen Priester schmäht, fährt zur Hölle (Author: [unknown])

p.222

{ms page 118}Colum Cille cecinit.
  1. Mairg duine cáines cléirech
    i n-am bréithre Dé d'éistecht,
    ní hé in cléirech cáinter ann,
    acht mac Muire na mórchell.
  2. Mairg dobeir guth ar fer ngráid
    bís i n-inad Chríst comláin,
    cid fír, cid brég canter ann,
    isí a lúaigidecht iffern.
  3. Sacart cemad garb a guth
    amail bís salchar re sruth,
    acht co nderna sé a thrátha,
    folcaid uile a anbfátha.
  4. Gab do láim
    cen tabairt ngotha ar fer ngráid,
    ce dogénad rit cach olc,
    léic don churp bís ina láim.
  5. Sacart glan,
    a Dé, curab cara dam!
    beirid a aiffrend, 's ní bréc,
    dechenbur 's nói cét ar nem.
  6. Sacart baistfes tú 'ma-le,
    ná cáin é asa haithle!
    don bél adeir ris is mairg,
    's do mac, a mic, is romairg.