Corpus of Electronic Texts Edition
An Old Irish poem on St. Patrick (Author: [unknown])
p.303
{Stowe B IV 2 folio 143b}
- Pátraicc Macha mártai Gáidil,
glaine ríagla,
pritchais doïb cen chleith coemna
sé deich mblíadhna.
- Bathais Pátraic fodaróenaig,
rígda ind ríagail,
dus-fuc Pátraic cen ail n-úaboir
a taig díaboil.
- Doïb bas brithem dia brátha,
bret[h] as doidngiu,
ní fuil nóeb conní a airde
co tí in Coimdiu.
- Coimdiu feisin dou doridnacht
fonn ar feraind,
is leis fír gach Góidil glanuill
do hsíl Breguinn.
- Bratir dún ardabstail Érenn,
ind nóib róitir,
rothecht seochu mac mec Fotaid
cert cech cóicid.
- Co rooirdnestar slúag sacart,
sruith in díne,
lín forsrolég grád co núibe,
teora míle.
- Mad in slúag n-ardepscop n-úasal,
úaisliu dánaib,
secht cóicait n-epscop n-úag n-óebin
úad fo grádaibh.
- Grían gel Góidel, glére garta,
réle ar rechta,
lé[i]r ralég cen luithe lochtai
suithe sechta.
- Secht cét aipgitrech ra-scríbai,
screptra scríbenn,
secht cét celd ba cáin dos-rorann
do Máil írenn.
- Ardchell dorráighai dó feisin,
fonn na flatha,
adba n-arcc n-óg íarthair betho
Ard mór Macha.
- Madh an ro-dúsaig do marbaib,
is mó mílib,
ní fail cenn conní a árim,
is drem dírim.
- D'egnuib íarthair dúisig domuin
is dó tárctait,
do lou bráthai cech fis fírtait
is fris dáltait,
is é a flaith fírda fóemtaitt
prímda Pátraic.Pa.
- Epscop Hérenn ocus sacart,
sruithe sámtait,
d'egnoibh Érenn is ed légdait,
légenn Pátraic.Pat.