Corpus of Electronic Texts Edition
Die heilige Jungfrau (Author: [unknown])
{Book of Ui Maine folio 66a}

p.244

Die heilige Jungfrau

Gilla Bri[g]di cecinit.
  1. Fuigeall beandacht brú Muiri,
    eochair ra fóir sochaidhi,
    glas gach duine da-bí a mbroit,
    is í uile da oslaic.
  2. Ní thabair gilla ar a gart
    túar mar thorad na mbennacht,
    nocho leagh in torad tig
    neam ocus talam tremit.
  3. Scél lem al-lus na mbennacht
    fafúair Muiri mórchendacht,
    ní cuir sind ar inn én óir
    acht scél bus bind don bhanóig.
  4. Lá da Iacim d'athair Muire
    le háenboin da háengaire,
    da-cí náenmur go néim ngloin
    'sa mbráenmagh réid da rochtain.
  5. R[e]ic a bhó d'fis a echta
    da cuindig in cuidechta,
    lesc le fer a mallbó a-mach
    isin tsamló geal gríanach.
  6. Gabas úaithib gach feidm dó
    cennach da cind a áenbó,
    nocor cean[n]ach nár gab greim
    damhar in t-eallach d'Iacim.
  7. A náe mbennachta ar in bhoin
    tucsat dó a n-ucht a édaig,
    bennacht in náenmair ógh find
    robo lór d'áenboin Iacim.
  8. Ïadais a ucht umpu sin,
    téid 's a ben leó 'sa leabaid,
    bentar ria 'sa leabaid leis
    mar da c[h]edaig Día in deigfeis.
  9. Tecmaid and sin, súairc in greim,
    Muire mór do mnái Iacim,
    deaghachain hé rob é in fear
    seanathair Dé fa deredh.
  10. Día tresin mbennachtain mbind
    grádaigis ingen Iacim,
    suirgi ris da-roinne sí,
    as nír bris a hóigi in t-Ardrí.
  11. Gabais Gabriél 'ga guidi
    ón athair co hógh-Muiri,
    tic sanais da Muiri mhóir,
    gabais 'na craidi a cédóir.
  12. Cor torrach Muire mátha[i]r
    co hidan don urrlátha[i]r,
    Gabrial re bruindi nír ben
    nirb anliadh uirri in t-aingel.
  13. Trí ráithi a medón Mhuiri
    gein sochair na sochaidi,
    in t-áengein da bí fa broind
    'na trí hæiblib ra ursaing.
  14. Rug in uaisg mhíngel Muiri
    úan corcra a crú asaine,
    inad úar dotla nír dligh
    's a húan corcra 'man cæirigh.
  15. Rucad isin Bethil buig
    Ardrí nime fa notlaig,
    thuc rith a gréin mar do gein,
    cor téigh in bith da bruithin.
  16. Oslaigid re hucht in sgeóil
    fuindeóga ésca as æóir,
    cor lái in grían a doirsi di
    dlæi ar a soillsi ríam ro[i]me.

  17. p.245

  18. In t-ëur lán da loisi,
    rob urusa a urmaisi,
    ós cind náem-Muiri co neam
    'na áendhoiri findaingel.
  19. Na fáidi, faillsigther dóib
    Airdrí in betha 'gun banóig,
    coindel ós cind a hochta,
    loinder find na hóghdachta.
  20. Túis dó ar a díadacht, dáil glan,
    ór ar a ríg[d]acht rugad,
    a lind, nocho tráig re tart,
    mirr 'na dail ar a dáenacht.
  21. Indistir d'Irúath and sin
    co rug ben isa Bethil,
    in t-eó sénta cas corcra
    dar' las réllta rígdachta.
  22. Cuiris a t[h]eglach da thúr
    tre formad is tre imthnúth,
    d'íarraid Dé, gin gur' dotla,
    sé a ndíamhair na díadachta.
  23. Marbt[h]ar gach mac, mór in gním,
    da raibi a n-æis in Airdrígh;
    da marbad Dé, gin cor' dlig,
    rob é adbar in o[i]rligh.
  24. Da bátar lá a lurg Muiri
    muinter Irúaith iulaidhi,
    tarla a nglind a grúad corcra
    le húan find ar folachta.
  25. Tarrla Grigair ar in nglend,
    dalta Irúa[i]th na n-órbend,
    adcí in stúag ceandglan corcra
    úad delrad na díadachta.
  26. Tuc Grigair grád a anma
    don náeidin óig oscurda,
    cro Grigair gan rath na r[e]abh
    da minaigh cath 'ga chosnamh.
  27. Cét-Grigair dacúaid 'se Róimh,
    is é, mas fír don c[h]anóin,
    Grigair 'sa Róim re seal sin,
    fer inaid Póil is Peadair.
  28. 'Ga íarraid ar muin Muiri
    darindi in mac mirbuili,
    a táeb fírtbhán fa ferta
    'na míngrán cáemh cruithnechta.
  29. In[n]isid, is é 'ga ar,
    fer a faicsin tre adh[ ],
    in lá sin tre lorg a mbond
    fásaig a colg 's a colond.
  30. Tic in úair sin tresin n-ar
    muinter Irúa[i]th na n-adrad,
    ger prap sain da bás 'ga búain
    ar fás in air re háenúair.
  31. Táinic lá a-muigh da Muiri
    mían meassa in chraind chumraidi,
    a barr cor' lomair da láim,
    cromaid in crand 'na comdáil.
  32. In úair da c[h]aith Ísa caill
    a lór da meas in mórchraind,
    mar da cham don míngil mhóir,
    dírgid in crand a cédóir.
  33. Dírgead misi máthair Dé,
    inand ar fuil 's ar feóilchré,
    in cræib find, in éitni óir,
    léigt[h]i sind sáer 'na honóir.
  34. Gráin lium do loscud m'anma,
    m'aeibli loma lasamhna,
    mé ocus teine ar mo thengaid,
    sele Dé re dreithleandaib.

  35. p.246

  36. Séidead na dreithleanna dínd
    in bél ro-bíath in t-Airdrígh,
    in druim ara ndechaid muin
    dom-buing ó dethaig díabuil!
  37. In cích da cuired 'na bél
    [e]adrum is iffearnd armgér,
    da geb connailbe Dé de
    mé ar comairge na cíche!
  38. [E]adrum as allt na cróne1
    co mbé mac na móróighe!
    cnú beó mogail ar muini,
    eó tobair na trócairi.
  39. Dabach glanta gach gilli,
    fothrugud na fírindi,
    geal asa dabaig gach dream
    na samail flead re fuigeall.

    Fuigell.