Corpus of Electronic Texts Edition
Anrufung der Dreieinigkeit (Author: [unknown])
{Book of Ui Maine folio 66a}
p.241
Anrufung der Dreieinigkeit
- Déna mo theagosc, a Thrínóit,
a Thigerna ar tigi n-óil,
ling ar mo theangaid, a Thrínóit,
beandaig ind dot míndóit móir!
- Ar do thrínóiteacht, a Thrínóit,
tar dom leiges, labair rium!
atá bile dercnach darach
craide pecthach salach sund.
- Gidh olc mé, nír' millius dáenna,
ní dernus meirle, a maic Dé!
mó lám nochor' leadair duine,
freagair ar grád Muire mé!
- Massa slicht fíre ara b[f]uilim,
fathraichther mé, ní móid lind,
massar bréic a-tám, a Thrínóit,
léic ar lár in fír[f]óit ind!
- Ná léig in n-anmain-sea i n-iffernd
a n-onóir Muire, a maic Dé,
léic dot mátha[i]r in [m]bocht bráthar,
olc in bráthair máthar mé.
p.242
- Ní cóir cré ná talam thorum,
acht tond brátha, beg in ferg,
ní cóir ní eli dom falach,
a Rí, acht teni darach derg.
- Do delbais in t-áeb sa, a Thrínóit,
do thalmain 's do theinid bí,
duine do thenid 's do thalmain
fuine deigfir amlaid hí.
- Uchan, uch! gid olc bar credem,
a chland Ádaim in fuilt chláin,
do tholl láeg for sethar sæiri
leathar sáer, a dáini, d[á]ib.
- Deoch don uisgi d'fir dot muintir,
a maic Dé, ní dúthracht lind,
is mór in grád duit ar duini
nach sluic in lár uili ind.
- Atá colum uchtgel álaind
againd a-muig, móidi ar ngnái,
atá úan find ic ar fognum,
dúan limm do lomrud cach lái.
- Atá scíath corcra 'gar comét,
in call úaini é, ní dair,
inmain lium in scíath nach scailtenn,
tríath cen chenn, cen foirceann fair.
- Atá toirrchius úasal álaind,
is ingantu mar' íad brú,
éicni nach bí err 'na adrad,
mo-cheand, a Rí in talman tú!
- Comartha ort seach cach n-áenfer
d'fini Abrám, áebda in fer,
áenslat do bí d'fini abrán
'na bili trí ngablán ngeal.
- Do delb dúileman do dúilib,
do delb ócláech inmain lind,
do delb césta, scíam do scíamaib,
grían is ésca t'fíadain ind.
- Idan táncais-siu ar talmain
mar tic bláth tar brúachaib díc,
mar tic oigred re táeb tuili,
sáer dorigned duini dít.
- Óg do-bruinned is do-baisted,
bláith ro-gabais cucut corp,
óg ro-bruinned tú i mbroinn Muire,
nír thoill broinded eli ort.
- Tond baisteda ar do bois nglengloin,
glegan rom-í do rosc mall
usce ar do chéib, uch! rob ingnad
in sruth séim ro hindlad and.
- Da-bí in t-ór buidi arna bruinded
a mbroinn Muire maith rothoill,
ó túg ógh na manach Muiri
falach d'ór buidi 'na broinn.
- A ge[i]n, ro-bí tú a mbroinn Muiri,
a maic Dé nach derna olc,
a chind na glóiri is na gloini,
nír mill Muiri a hóigi ort.
p.243
- Do chind pecthach mengach meblach,
mór in gábud, guin do t[h]áeib,
is dolig limm, a maic Muire,
do chreic do chinn duini dáeir.
- Tucais-siu agaid ar iffernd
dis da cloinni1, a chúl na rót,
comrac dá ball ríg sa rathaig
in cland crín 's an t-athair óc.
- Da-bí inn aidchi sin ag ainglib
agaid álaind abra duib,
ránic co slúag náemda nimi
úan cáerach gili 'arna guin.
- Tucsat esbaid áenmac álaind
ort, a Dé do-delb gach ríg,
séda in cass is trom in trilis,
corr in bass do-dligis dínd.
- Ag seo in glac-sa an guin do glaicci,
a maic Dé, mar dlegar dít,
toll at bond, a bél mo chraidi,
do-bér bond eli na hícc.
- Ro-ba crithar toll 'gar termond
do tháeb glégel, do glac soirb,
gáiri is do chorp 'arna chriathrad
gan náiri innocht iarthar oirnd.
- Ac seo cucut coland merlig,
a maic Muire, co mbé ar boil,
ac seo cim[b]idh co ceird nathrach,
im[b]ir-siu t'feirg athach fair!
- Seól bic romaind'sa rót cétna,
a choss trúag-sa tréig do bú,
a choss, rom-seóla 'sá sligid,
eólc[h]a anois go tibir thú.
- Tréicfet uli fir in betha
ar in dúilem ro-delb gréin,
ro-gerr lium torud in tíre,
ferr ar ndomun fíre féin.
- In greim tarrtha dít ní dísleoch,
a dia in mi do ní ar clú,
bid greim fir is beith 'ga báthud
do dreich gil ó thartha thú.
- A delb áenfir, a delb déise,
beir-si oraind-ni breith mbuic,
a delb na trí n-áen, a háenalt,
co tí táem dot dáenacht duit.
- Co ndernur aithrigi is fedbdacht
is oilithri, cid olc mé,
co léiciur síliud dom súilib
ac síriud ar dúilib Dé. D.